‘Dearcadh úr leathan ag Caoimhín De Barra’

Leabhar taitneamhach is ea Gaeilge: A Radical Revolution a phléann le ceisteanna móra na Gaeilge: an teanga mar ábhar éigeantach, an fuath aisteach ina leith, costais aistriúcháin agus ceachtanna a d’fhéadfaimis a fhoghlaim ó chás teangacha eile.

Tá dearcadh úr leathan ag Caoimhín De Barra ar na ceisteanna seo ar fad agus is léir go bhfuil dianmhachnamh agus taighde déanta aige orthu.

Níor éirigh go maith le De Barra sa Ghaeilge agus é ar scoil ach ní chuireann sé an milleán ar mhúinteoirí as drochstaid na teanga: is beag gur féidir le múinteoirí a dhéanamh chun patuaire lear mór daltaí i leith na teanga a leigheas, a deir sé, agus níor cheart go mbeimis ag súil le míorúiltí uathu nuair nach gcaitear ach 40 nóiméad in aghaidh an lae ar an teanga (agus go leor daltaí ag brionglóideach ar feadh an ama).

Ach oiread le hábhar scoile ar bith, is gá go gcuirfeadh daltaí suim phearsanta sa teanga chun dul chun cinn ceart a dhéanamh inti agus í a úsáid ina saol laethúil.

I dtaca leis an bhfuath ait atá ag tráchtairí idirlín agus colúnaithe nuachtáin áirithe i leith na teanga, dar le De Barra gur náire iarchoilíneach is cúis leis. Nuair a bhí na Sasanaigh i réim sa tír, chothaigh siad meon tarcaisneach i leith na Gaeilge, meon atá tagtha anuas chugainn sa lá inniu agus a bhíonn le feiceáil sa chaoi dhiúltach a ndéantar plé ar an teanga sna meáin. Léiríonn De Barra gurb amhlaidh atá an scéal i dtíortha iarchoilíneacha eile ar cuireadh a dteanga dhúchais faoi chois.

Is iomaí miotas i dtaobh na teanga a bhréagnaíonn De Barra – go gcaitheann an rialtas níos mó ná billiún Euro uirthi, cuir i gcás, (níl ann ach céatadán fíorbheag de sin) agus gur fearrde geilleagar na tíre an Béarla a bheith mar theanga dhúchais againn (ní gá gur fíor sin – tá éirithe chomh maith nó níos fearr leis an bhFionnlainn agus leis an Danmhairg ó thaobh na heacnamaíochta de, tíortha a bhfuil nach mór an daonra céanna acu is atá againn agus a dteangacha dúchais fós á labhairt acu).

Is é an chuid is suimiúla den leabhar seo, dar liom, ná na moltaí atá ann i dtaobh conas stádas na teanga a ardú. Creideann De Barra go láidir gurb é an tslí is fearr le húsáid na teanga a leathnú agus a dhéanamh níos tarraingtí ná trí luach saothair eacnamaíoch a thabhairt dóibh siad a bhfuil Gaeilge mhaith acu.

Teastaíonn ó De Barra go ndéanfaí méid áirithe post sa státseirbhís – 20% i dtosach, abair – a chur ar leataobh dóibh siúd a bhfuil caighdeán maith Gaeilge acu agus go ndéanfaí gnó uile an rialtais trí mheán na teanga sa deireadh. Thiontófaí ar an nGaeilge sa dlí agus sa Gharda Síochána de réir a chéile, cuir i gcás.

Ar ndóigh, chuirfeadh daoine go láidir ina choinne seo ach más amhlaidh gur mian linn an teanga a athbheochan i gceart, tá gníomh éigin radacach den sórt sin ag teastáil, dar le De Barra.

Dá riachtanaí atá an teanga, is ea is mó a labhrófar í agus is ea is mó a labhrófar í go leibhéal ard. Dá mbeadh an teanga ag teastáil le bheith i do dhlíodóir nó i do státseirbhíseach, cuir i gcás, thiocfadh borradh as cuimse ar na Gaelscoileanna agus is mó seans go ndéanfadh tuismitheoirí iarracht an teanga a labhairt lena bpáistí.

Ach fiú má tá tairbhe shoch-eacnamaíoch ag baint leis an teanga, aithníonn De Barra go mbeidh ar ghlúin amháin tuismitheoirí íobairtí móra a dhéanamh chun dlús a chur leis an athbheochan.
Luann sé cás na hEabhraise sa chomhthéacs seo, teanga a bhí nach mór marbh tráth dá raibh, gan í in úsáid ach do phaidreacha ag Giúdaigh chráifeacha ar feadh na gcianta.

Ach ag tús an 20ú haois bheartaigh grúpa tuismitheoirí Giúdacha sa Phalaistín í a labhairt lena gclann in ainneoin cuid mhaith acu a bheith ar fhíorbheagán Eabhraise iad féin.

Caithfidh go ndeachaigh sé crua orthu cumarsáid réidh a bhac orthu féin lena bpáistí, ach thuig siad gur ar mhaithe le féiniúlacht agus le hoidhreacht a bpobail a bhí siad á dhéanamh agus gurb iad na glúine a bhí le teacht a bhainfeadh sochar as teanga ársa a sinsear a athbheochan.

SCÉALTA EILE