DÚSHLÁN: An féidir leat na leabhair Ghaeilge seo a aithint ‘as Emojis’?


Tá a fhios againn gur breá le Nósadóirí leabhair Ghaeilge, agus go mbíonn Emojis in úsáid go flúirseach agaibh in bhur dtéascanna agus ar líne, mar sin shíl muid go gcuirfeadh an dá rud le chéile daoibh sa dúshlán ar leith seo.

Anseo thíos tá an chéad alt de sheacht leabhar cháiliúla aistrithe go hEmojis.

An féidir libh iad a aithint?

Tá na freagraí thíos… ádh mór!


1. Ní mé an ar Áit an Phuint nó na Cuig Déag atá mé curtha? D’imigh an diabhal orthu dhá mba in Áit na Leathghine a chaithfidís mé, th’éis ar chuir mé d’fhainiceachaí orthu! Maidin an lae ar bhásaigh mé ghlaoigh mé aníos ón gcisteanach ar Phádraig: “Achuiní agam ort a Phádraig, a leanbh”, adeirimse. “Cuir ar Áit an Phuint mé. Ar Áit an Phuint. Tá cuid againn curtha ar Áit na Leathghine, ach má tá fhéin…”

Cré na Cille, Máirtín Ó Cadhain


2. I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh. Fásach folamh a ba ea an talamh agus bhí dorchadas ar aghaidh an duibheagáin, agus bhí gaoth Dé ag séideadh os cionn na n-uiscí. Dúirt Dia: “Bíodh solas ann,” agus bhí an solas ann. Chonaic Dia gur mhaith é an solas, agus scar Dia an solas ón dorchadas. Thug Dia “lá” ar an solas agus “oíche” ar an dorchadas.

An Bíobla Naofa, Dia Uilechumhachtach Neimhe


3. Bhí clog cársánach na hollscoile ag bualadh buillí a trí nuair a shiúil Máirtín ó Méalóid go mall isteach an geata. Bhí an t-am tomhaiste go cruinn aige mar cé go raibh na mic léinn ar fad nach mór imithe abhaile ar saoire na Cásca, chloígh oifig an choláiste go dlúth le uaireanta oifigiúla.

Lig Sinn i gCathú, Breandán Ó hEithir


4. Lá San Tomás, sa mbliain 1856, ’seadh rugadh me. Is cuimhin liom bheith ar bhrollach mo mháthar. Cheithre bliana bhíos sarar baineadh de dheol me. Is me dríodar an chrúiscín, deire an áil. Sin é an fáth gur fágadh comh fada ar na cíní me.

An tOileánach, Tomás Ó Criomhthain


5. Bhreathnaigh sé suas ar an gcruth dubh a bhí ina shuí in airde ar an trasnán. Ba gheall le préachán é murach na cosa fada a bhí faoi. Chorraigh an cruth é féin; fear a bhí ann ar ndóigh. Rug sé ar bharr an dréimire agus thosaigh ag dreapadh anuas.

An Litir, Liam Mac Cóil


6. Sheas Aoife Ní Dhiarmada ag doras an chillín. Bhí poll faire gearrtha sa seanadhmad. Ach bhí an ceann ar an gcillín áirithe seo clúdaithe, agus ní raibh sí in ann an seomra bídeach a fheiceáil. Bhí an treoraí a tháinig in éineacht léi ag scrúdú fáinne eochracha. “Brón orm,” ar sí go mí-fhoighneach. “Níor thug mé liom an eochair cheart. Ní thuigim cén fáth.”

Scáil an Phríosúin, Anna Heussaff


7. Tá na nithe atá luaite ag am sa scríbhinn seo á gcur agam ann de bhrí go bhfuil an saol eile ag druidim liom go sciobtha – i bhfad uainn go léir an drochrud agus nár aithní an t-ainspiorad mar bhráthair mé – agus fós “mar ná beidh ár leithéidí arís ann.”

An Béal Bocht, Brian Ó Nualláin

SCÉALTA EILE