‘Éadaoin’ — an tríú leabhar i sraith eipicí Dhiarmada Johnson foilsithe

Tá an tríú leabhar ó Dhiarmuid Johnson ina shraith eipicí, Éadaoin: Seacht Snaidhm na Seirce, foilsithe agus beidh sé ar fáil i siopaí leabhar ar fud na tíre ón 17 Iúil. 

Tochmarc Étaíne, nó Tochmharc Éadaoine, ar cheann de na scéalta is sine agus is saibhre dá bhfuil againn ó fhinscéalaíocht na hÉireann. Tá leagan nua den scéal, i nGaeilge an lae inniu, scríofa ag Diarmuid agus é bunaithe ar na blúiríní den scéal atá le fáil i Leabhar na hUidhre agus i Leabhar Buí Leacan

Tá “na bearnaí líonta, agus feoil curtha ar na cnámha” ag Diarmuid sa leagan nua seo a bhfuil an t-ábhar ón dá mhórfhoinse sin fite fuaite ann. Seo an tríú leabhar den chineál seo atá scríofa ag Diarmuid Johnson agus foilsithe ag Leabhar Breac i gCois Fharraige. Foilsíodh Conaire Mór: Seacht nDoras na Cinniúna in 2017 agus Tuatha Dé Danann in 2018. 

Bunaithe ar scéalta eile ón miotaseolaíocht a bhí an dá shaothar eile sin — Togail Bruidne Da Derga agus scéalta éagsúla Thuatha Dé Danann. Chomh maith le saothar Dhiarmada, tá leaganacha nua de sheanscéalta foilsithe ag Darach Ó Scolaí agus Feargal Ó Béarra freisin: Táin Bó Cuailgne agus An Tromdhámh

“Uaigneas na mban is ábhar don scéal seo. Uaigneas mná a fágadh gan cheachtar den bheirt a bhí luaite léi, céile ná leannán. Agus os de shliocht na mbuan an bhean sin, is buan síoraí an t-uaigneas atá le fulaingt aici. Seanscéal faoi chulaith nua, seantéama comhaimseartha, scéal téagartha tragóideach faoi sheacht snaidhm na seirce,” atá i scéal Éadaoin: Seacht Snaidhm na Seirce, dar le Leabhar Breac.

Is féidir an leabhar a réamhordú anseo.

SCÉALTA EILE