Tá súil ag an teach foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnacht i nGaeltacht na Gaillimhe eagrán nua den leabhar clúiteach Conallach Rotha Mór an tSaoil le Micí Mac Gabhann a fhoilsiú i mbliana.
Áirítear an leabhar dírbheathaisnéise a foilsíodh den chéad uair in 1959 ar cheann de chlasaicí móra na Gaeltachta. Rugadh Micí Mac Gabhann i nDoire Chonaire i gCloich Chionnaola i nGaeltacht Thír Chonaill sa bhliain 1865. Chuaigh sé ar imirce go Meiriceá Thuaidh i dtreo dheireadh na 19ú hAoise agus i ndiaidh dó tréimhse a chaitheamh in Pennsylvania thug sé aghaidh ó thuaidh ar Alaska agus an Klondike aimsir Ruathar an Óir.
Chaith sé trí bliana go leith sa Klondike ar thóir an óir sular fhill sé ar Éirinn in 1902. Eachtraí a bhain dó agus é ar imirce is mó is ábhar don leabhar cáiliúil.
Ba é a chliamhain Seán Ó hEochaidh a bhreac síos scéal bheatha Mhicí agus é ag bailiú sheanchas Dhún na nGall do Choimisiún Béaloideasa Éireann sna 1940idí. Chuir Proinsias Ó Conluain eagar ar an méid a bhailigh Ó hEochaidh agus foilsíodh i bhfoirm leabhair é in 1959. Bhuaigh scríbhinn an leabhair Duais an Chlub Leabhar an bhliain roimhe sin.
“Doiciméad tábhachtach sóisialta” é Rotha Mór an tSaoil dar le Cló Iar-Chonnacht, “a thugann léargas fírinneach ar shaol na Gaeltachta lena linn”. Tá an leabhar as cló le tamall de bhlianta anuas, ach thug an comhlacht le fios do NÓS an mhí seo go bhfuil súil acu an t-eagrán nua seo a fhoilsiú in 2021. D’fhéadfadh an víreas corónach cur isteach ar phleananna foilsitheoireachta na bliana, áfach.
Tá réamhrá nua scríofa ag an scoláire Gaeltachta Lillis Ó Laoire as Gort an Choirce don eagrán nua.