Éilis Neary ceaptha ina bainisteoir ar Aontas na Scríbhneoirí

Is í Éilis Neary, as contae Shligigh, atá ceaptha ina bainisteoir ar an eagraíocht Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge. Beidh sí ina bainisteoir as seo go deireadh mhí Nollag na bliana seo agus an ról maoinithe don tréimhse sin ag Foras na Gaeilge. Tá sé i gceist ag Aontas na Scríbhneoirí “maoiniú leanúnach” a lorg don phost amach anseo. 

Tá Éilis ina ball den Aontas féin agus ghlac sí páirt i Scéim Meantóireachta Fhoras na Gaeilge i mbliana. Foilseoidh an teach foilsitheoireachta Ultach Éabhlóid a céad leabhar i mbliana – leabhar do pháistí dar teideal Dóchas Pócas a sheolfar ag an Oireachtas i mbliana. D’oibrigh Éilis ar bhonn deonach leis an Aontas cheana agus an tEolaire Scríbhneoirí atá ag an eagraíocht á uasdátú.  

Bhain sí céim an mháistir amach sa Léann Éireannach in Université Sorbonne-Nouvelle agus d’oibrigh sí mar theagascóir Gaeilge ag an Centre Culturel Irlandias i gcaitheamh a tréimhse in Paris. Tá sí anois i mbun PhD le Fiontar agus Scoil na Gaeilge in DCU agus í i mbun taighde ar scríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge. 

“Tá mé ag tabhairt faoi chéim dochtúireachta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus is ar an tsochtheangeolaíocht atá mé ag díriú ar cheisteanna maidir le hidé-eolaíochtaí na scríbhneoirí i leith na Gaeilge, agus a stádas mar scríbhneoirí i dteanga mhionlaigh. A bhuíochas leis an bpost nua seo beidh an deis agam tuilleadh plé a dhéanamh leis scríbhneoirí agus beidh imeachtaí á gcur ar fáil a thabharfaidh an deis dúinn teacht le chéile,” a dúirt Éilis le NÓS. 

I measc na hoibre atá ar chlár Éilis Neary mar bhainisteoir, tá feachtas earcaíochta do bhaill nua; fógraí rialta chuig na baill faoi dheiseanna, imeachtaí agus acmhainní eile; ócáidí plé a eagrú; agus uasdátú agus poiblíocht a dhéanamh ar an mBunachar Eolaire na Scríbhneoirí. 

“Táim ar bís faoin bpost nua. Ba mhaith linn cur leis na seirbhísí atá á gcur ar fáil ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge. Ba mhaith linn cruinnithe míosúla a chur ar siúl le rudaí a bhaineann le ceird an scríbhneora a phlé agus deis a thabhairt do scríbhneoirí aithne a chur ar a chéile. Is uaigneach an cheird í an scríbhneoireacht, agus bíonn daoine fágtha ina n-aonar an t-am ar fad. 

“Tá roinnt mhaith oibre déanta ar Eolaire na Scríbhneoirí cheana féin, agus na sonraí ar fad maidir le scríbhneoirí na Gaeilge ann. Tá muid ag chun é sin a chríochnú agus poiblíocht a dhéanamh air sin. Is rud maith é do scríbhneoirí mar is minic nach mbíonn a suíomh idirlín féin acu, agus nach mbíonn a fhios ag daoine eile cén chaoi teagmháil a dhéanamh leo le cuireadh a thabhairt dóibh labhairt ag ócáidí agus a leithéid,” a dúirt Éilis. 

Is bean óg í Éilis atá díreach tar éis tús a chur lena gairm mar scríbhneoir agus tá sé tábhachtach di go mbeidh spás agus ardán ag scríbhneoirí óga eile san eagraíocht. 

“Tá sé iontach soiléir nach bhfuil daoine óga ag scríobh – is léir an méid sin ón Eolaire féin. Ba mhaith liom díriú ar na fadhbanna sin sna cruinnithe agus rudaí ar nós na Scéime Meantóireachta a chur ar bun le deis a thabhairt do scríbhneoirí óga aithne a chur ar scríbhneoirí aitheanta. Tá na scríbhneoirí eile san Aontas atá ar an bhfód le blianta fada chomh cabhrach sin, tugann siad misneach agus an-tacaíocht do dhaoine,” a dúirt sí. 

Tá 142 duine cláraithe mar bhaill ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, eagraíocht a cuireadh ar bun ag Oireachtas na Samhna 2014 leis an scríbhneoireacht Ghaeilge a fhorbairt agus cumarsáide agus comhoibriú a fheabhsú idir na scríbhneoirí agus na grúpaí eile a bhíonn ag plé le scríbhneoireacht Ghaeilge.

Tá méadú ag teacht ar líon na mball gach bliain agus tá scríbhneoirí cruthaitheacha i ngach seánra mar aon le scríbhneoirí acadúla ní hamháin in Éirinn ach ar mhór-roinn na hEorpa, san Astráil, agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá i measc na mball reatha.