Is é Seacht dTír Seacht dTeanga an leabhar is déanaí leis an scríbhneoir Gaeilge is bisiúla dá bhfuil ann, sin é Diarmuid Johnson. Go deimhin, ós rud gur mar sin a mhúnlaíos an chéad abairt i m’alt léirmheastóireachta, is gearr go mbeidh an leabharmheas seo uaim as dáta óir is gearr eile go bhfoilseofar athleabhar ó pheann Dhiarmada, sin é Ceallach – Cín Lae Firéin AD 590-620. Idir an dá linn, tá Seacht dTír Seacht dTeanga ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin Oireachtas na Gaeilge, sin é gradam Leabhar na Bliana 2022. Gach rath ort a Dhiarmuid Johnson, fágfad agatsa Gradam Uí Shúilleabháin!
I dteideal an leabhair tá leid shoiléir le fáil ar an ábhar a phléitear inti, nó más amhlaidh nach leor san de leid duit, is éard a thug Eoin P. Ó Murchú ar Seacht dTír Seacht dTeanga mar chuid dá shraith siúd físeán YouTube ‘Leabhar-Mheas’ ná “cuntas taistil agus cuntas saoil ar shaol Dhiarmuda”.
Sórt Künstlerroman ar chuma A Portrait of the Artist as a Young Man an tSeoigigh is ea é mar sin, agus i saothar so Dhiarmuda tá prós srutha comhfheasa a chuirfeadh an leabhar céanna i gcuimhne do dhuine. Tá sé de chosúlacht eile idir Seacht dTír Seacht dTeanga agus A Portrait of the Artist as a Young Man gur foilsíodh réamhshleachta díobh in irisí sular cuireadh os comhair an tsaoil iad mar fhoilseacháin chríochnaithe iad.
Foilsíodh cuid de A Portrait of the Artist as a Young Man san iris The Egoist sa bhliain 1914, cuirim i gcás. Ar an gcaoi chéanna, i gcaibidil na Gearmáine in Seacht dTír Seacht dTeanga, tá cur síos ar chruinniú Dhiarmuda le príomhamhránaí Corax Corvus, “grúpa págánach Gotach”, agus is é an cur síos céanna a bheag nó a mhór a bhí le fáil in alt a foilsíodh ar beo.ie sa bhliain 2013.
Bhí Corax Corvus ag ullmhú a n-albaim Gimlie an t-am sin agus dhealródh go bhfuil Diarmuid le clos ar an táirge deiridh sin, é ag fliúiteadóireacht leis ar rian uathu dar teideal ‘Intro Crenaid Bain’. Gné iontach den leabhar is ea an idirthéacsúlacht den chineál so a bhfuil Seacht dTír Seacht dTeanga breac di. Is diamhair iad na coinicéir idirlín ar ar féidir imeacht ach Googláil a dhéanamh ar cheann de chogarthagairtí Dhiarmuda.
Le heachtra an chluiche fichille san Ungáir, meabhraíodh dom cluichí dár imríos féin i bhfochair an údair le linn dhúluachair dhomhain na dianghlasála cois teallaigh sa Bhruiséil. Bhíos féin i láthair, leis, nuair a deineadh Seacht dTír Seacht dTeanga a sheoladh i “nGaeltacht na Bruiséile” mar a thugann Diarmuid ar an bpobal san agus an ceart aige. Nuair a léas na sleachta Bruiséalacha sa leabhar, ní fhéadfainn gan cuimhneamh ar an bpearsa fhicseanúil ‘Gearailt’ in Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin: “B’fhearr leis go mór fada a bheith ag plé le hamhráin agus scéalta agus gnásanna traidisiúnta ná a bheith ag iarraidh Gaeilge na leabhar a chur ar imeachtaí Choimisiúin na hEorpa”.
Amhráin, scéalta agus gnásanna traidisiúnta is príomhchúram do Seacht dTír Seacht dTeanga gan dabht. Chomh maith leis sin, baineann an tagairt do Ghaeilge na leabhar go smior le cás Dhiarmuda agus tá gluais ar fad i gcúl an leabhair ina bhfuil míniú tugtha ag an údar ar a idióileict féin. An idióilect sin, is í an t-ochtú teanga amach as na seacht gcinn, b’fhéidir, agus is cuid den idióilect sin é an nós atá ag Diarmuid agus Tadhg araon ‘Coimisiún na hEorpa’ a thabhairt ar an institiúid dar ceart-teideal ‘An Coimisiún Eorpach’ inar chaith Diarmuid seal ina aistritheoir.
Ar éigean is féidir plé le hamhráin, scéalta agus gnásanna traidisiúnta i nGaeilge gan trácht a dhéanamh ar Oireachtas na Samhna, agus dá réir sin, tá léargas ag Diarmuid in Seacht dTír Seacht dTeanga ar ghné de dhraíocht an Oireachtais – seisiún focleolaíochta a bhí aige le Máirtín Ó Direáin ag Oireachtas na Ceathrún Rua inar phléigh an bheirt ciall an fhocail ‘dadhaic’. Léigh an leabhar duit féin le ciall an fhocail áirithe sin a fhoghlaim, agus déan freastal ar an Oireachtas an mhí seo chughainn le léargais mar é a tharraingt chughat féin! Cá bhfios ach go gcroithfeá lámh le Diarmuid buacach ann agus gradam Uí Shúilleabháin tugtha leis aige.