‘Feis Tigh Chonáin’ á léamh ar LoveLeabharGaeilge ag eagarthóir NÓS

Beidh eagarthóir NÓS, Maitiú Ó Coimín, ar an stiúir ar chuntas Instagram LoveLeabharGaeilge ag an deireadh seachtaine agus an leabhar nua Feis Tigh Chonáin á léamh aige.

Togra de chuid LoveLeabharGaeilge atá sa ‘Sealbhú Instagram’ seo atá ar siúl le cúpla seachtain anuas agus daoine ar nós na láithreoirí teilifíse Caitlín Nic Aodha, Síomha Ní Ruairc agus Séamus Ó Scanláin, bunaitheoir an Pop Up Gaeltacht Osgur Ó Ciardha, agus Julie Ann de Brún ag glacadh páirte ann. 

“Tá muid ag tabhairt an Instagram do dhaoine éagsúla agus cineálacha éagsúla leabhar á léamh acu lena thaispeáint do dhaoine gur gnáthrud é a bheith ag léamh leabhair i nGaeilge agus ag spléachadh a thabhairt ar na leabhair atá ar fáil don lucht léitheoireachta. 

“Bhí leabhair de chuid Eoghain Mhic Giolla Bhríde, Máire Dinny Wren, agus Liam Ó Flaithearta agus scríbhneoirí eile nach iad againn go dtí seo. Tá na rannpháirtithe tar éis a dtuairimí faoin leabhar a thabhairt agus cineál mionléirmheasanna a dhéanamh orthu. Tá ag éirí go maith leis an togra agus is dóigh linn go bhfuil sé ag cothú spéis i leabhair Ghaeilge i measc grúpa nua daoine,” a dúirt Breandán Ó hEaghra ón bhfeachtas LoveLeabharGaeilge.

Is é Darach Ó Scolaí a scríobh Feis Tigh Chonáin, athinsint nua ar an seanscéal Fiannaíochta Feis Tigh Chonáin Chinn tSléibhe, scéal a bhí sa bhéaloideas le fada agus a breacadh ar phár den chéad uair sa 15ú hAois. Dála scéalta eile na Fiannaíochta, baineann Feis Tigh Chonáin le Fionn mac Cumhaill agus na Fianna agus na heachtraí a bhain dóibh. 

Tá sraith leabhar á cur amach ag Leabhar Breac le tamall de bhlianta anuas ina dtugtar insint nua ar scéalta traidisiúnta na hÉireann as an mbéaloideas: Tríológ na Teamhrach le Diarmuid Johnson, Táin Bó Cuailgne le Darach Ó Scolaí, agus An Tromdhámh le Fearghal Ó Béarra. 

Beidh eagarthóir NÓS ar Instragram LoveLeabharGaeilge an deireadh seachtaine seo an 9-11 Aibreán.

SCÉALTA EILE