Tá gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin agus Gradam Réics Carlo, an dá mhórghradam leabhar Gaeilge, fógartha ag Oireachtas na Gaeilge. Tá trí leabhar déag san iomaíocht sa dá rannóg don mhórghradam, sé leabhar do dhaoine fásta agus seacht leabhar do dhaoine óga.
San iomaíocht do Ghradam Uí Shúilleabháin, gradam na ndaoine fásta, tá Dialann Mo Mháthar, le Pádraig Breathnach, Nollaig Uí Ghadhra: Cuimhní Cairde, curtha in eagar ag Máirín Ní Ghadhra, Súil Eile le Seán Tadhg Ó Gairbhí, Oilithreach Pinn le Liam Ó Muirthile, Amhráin agus Dánta Raiftearaí le Dubhghlas de hÍde agus athchóirithe ag Nollaig Ó Muraíle, agus Táin Bó Cuailnge le Darach Ó Scolaí.
Ainmnithe do ghradam na ndaoine óga, Gradam Réics Carlo, tá Rita agus an Dragún le Máire Zepf, Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, Sárú le hAnna Heusaff, Scéalta le hInsint don Ghealach le Caoimhe Nic Lochlainn, Criú Nua Ar Bord! le Patricia Forde, Trumptaí Dumptaí agus an Falla Mór le Ré Ó Laighléis, agus Bliain na nAmhrán le Tadhg Mac Dhonnagáin.
Ní ar an scríbhneoireacht amháin a dhéantar measúnacht ar na saothair ach ar fhiúntas an ábhair, dearadh an leabhair, leagan amach an ábhar, caighdeán na clódóireachta, agus “an chaoi a bhfreastalaíonn an foilseachán ar riachtanais léitheoireachta an phobail”.
“Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na foilsitheoirí uile atá ar ghearrliostaí na bliana seo. Tá gairmiúlacht, ard-chaighdeán foilsitheoireachta agus paisean ag baint le gach aon leabhar atá ainmnithe agus tá ríméad orainn san Oireachtas an t-aitheantas cuí a thabhairt do na tithe foilsitheoireachta arís i mbliana. Ní raibh oiread rogha riamh ag léitheoirí na Gaeilge ag tréaslaím leis na foilsitheoirí an díograis a chaitear chun sárchaighdeán leabhar a fhoilsiú bliain i ndiaidh bliana,” a dúirt Stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha.
Is ag Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl i gCill Airne ag tús na míosa seo chugainn a fhógrófar buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin agus Ghradam Réics Carló, chomh maith le buaiteoirí na gcomórtas eile liteartha. Bronnfar duais €5,000 ar fhoilsitheoir an leabhair a bhuafaidh Gradam Uí Shúilleabháin agus €2,500 ar údar an tsaothair, agus bronnfar €5,000 ar an bhfoilsitheoir, €1,250 ar an údar, agus €1,250 ar an maisitheoir a n-éireoidh leo Gradam Réics Carló a thabhairt leo.
Le tamall anuas, ba gach dara bliain seachas gach bliain a bhronntaí Gradam Uí Shúilleabháin agus Gradam Réics Carló. Tháinig laghdú ar an duaischiste don dá ghradam le deireanas freisin ach tá ardú tagtha ar an méid airgid a bhronnfar ar na buaiteoirí i mbliana agus tá an dá ghradam le bronnadh in aon bhliain amháin arís.