Gollum Gaelach?

Maítear go raibh baint an JRR Tolkien leis an Bhoireann agus go ndeachaigh an áit i bhfeidhm ar a chuid scríbhneoireachta. Ach bhí sé ráite ag an údar féin nár thaitin an Ghaeilge leis. Fiosraíonn Ciarán Dunbar an scéal…


“I bpoll sa Bhoireann i gContae an Chláir a bhí cónaí ar hobad. Níor pholl gránna, salach, fliuch é, lán le giotaí de phéisteanna agus le boladh láibe. Níor pholl tirim, lom, gainmheach a bhí ann ach an oiread, gan aon rud ann le n-ithe ná le suí síos air; poll hobaid ab ea é agus is ionann sin agus compord.”

Cuireadh tús i mbliana leis an ‘Tolkien Burren Festival’ i gContae an Chláir.

Cén fáth, a deir tú, an raibh an fhéile seo ar siúl in iarthar na hÉireann?

Mar go maítear go raibh an-tionchar ag an cheantar ar J.R.R Tolkien agus ar a leabhar, The Lord of the Rings.

“This unique gathering is a celebration of the eerie beauty of the Burren area, which is believed to have been a considerable influence on J.R.R. Tolkien’s epic novel The Lord of the Rings.

“The untamed, rugged local landscape, including a cave known as Poll na gColm (pronounced ‘Pole na Gollum’), as well as elements of Irish mythology, may have provided inspiration for Tolkien’s creation of Middle Earth.”

Faoin am seo, tá an scéal clúdaithe go hidirnáisiúnta agus tá tuairim an ‘Burren Tolkien Society’ glactha mar a bheadh ráiteas ón mBíobla ann.

Ach amharc ar an fhoclaíocht sa ráiteas thuas, “may have provided” agus “believed to have been,” ach ní luaitear cé a chreideann é.

Ní féidir a bheith ró-chinnte de, ach d’fhéadfá bheith soiniciúil faoi agus a rá go bhfuil cuma na finscéalaíochta air, agus níos measa arís, go mb’fhéidir nach bhfuil i gceist ach galldachas sclábhánta.

Labhair mé leis an bhlagadóir agus saineolaí ar Tolkien, Séamus Ó Sionnaigh.

“Is eagal liom go bhfuil mé rud beag in amhras faoina bhfuil á mhaíomh i gContae an Chláir maidir le J.R.R Tolkien,” a dúirt sé.

“Seans go mbeadh sé neamh-thírghrách lena rá ach creidim go bhfuil baint níos mó ag na nascanna líomhnaithe le turasóirí a mhealladh chuig an dúiche seachas aon bhaint mar is ceart le Tolkien ná Middle Earth,” ar seisean, ag cur i gcuimhne dom gur thosaigh na ráflaí seo faoin am céanna is a tháinig an chéad scannán de Lord of the Rings amach.

Chun achoimre a dhéanamh ar an fhianaise – thug Tolkien cuairt ar an Bhoireann corruair agus tá logainm amháin ann atá rud beag cosúil le hainm carachtair ina leabhair chlúiteacha.

Go bunúsach, tá an tuairim go raibh an-tionchar ag an Bhoireann ar Lord of the Rings bunaithe ar an chosúlacht idir Poll na gColm agus an t-ainm ‘Gollum’.

Mhaígh an fear féin go raibh an leabhar críochnaithe sular leag sé cos in Éirinn, mar sin an bhfuiltear á rá gur thug sé éitheach sa chás seo?

A dhaoine uaisle den ghiúiré, deirimise libh nach bhfuil ann ach fianaise imthoisceach agus is lag an fhianaise chéanna.

Mar sin féin, seans go bhfuil nasc ag an mhiotaseolaíocht a chum Tolkien le hÉirinn i gcoitinne agus le litríocht na hÉireann trí chéile, seachas leis an Bhoireann ann féin.

Dhiúltaigh Tolkien go raibh tionchar ‘Ceilteach’ ar a shaothar ach rinne sé sin chomh minic sin go gcaithfidh duine a bheith rud beag in amhras faoin séanadh.

Arbh iarracht chun daoine a chur amú an séanadh céanna?

Labhair mé le saineolaí ar litríocht na meánaoiseanna agus is cinnte leis an duine sin go raibh tionchar éigin ag scéalta Ceilteacha ar Tolkien – ach scéalta as an Bhreatain Bheag a bhí i gceist, ní as Éirinn.

Bhí droch-bharúil ag Tolkien ar an Ghaeilge ach thaitin an Bhreatnais leis, de réir cosúlachta.

Ina dhiaidh sin agus uile áfach dúirt sé sa bhliain 1967:

“Nazg: the word for ‘ring’ in the Black Speech. …it remains remarkable that nasc is the word for ‘ring’ in Gaelic… It is thus probable that nazg is actually derived from it, and this short, hard and clear vocable, sticking out from what seems to me (an unloving alien) a mushy language, became lodged in some comer of my linguistic memory.”

Is suimiúil gur dócha gurb iad na rudaí dorcha sa leabhar a bhfuil blas na gCeilteach orthu agus is suimiúil gur minic a labhair an t-údar féin go diúltach ar Cheiltigh agus ar Éireannaigh.

Scríobh sé in 1937, an bhliain inár foilsíodh An Hobad, “Needless to say they are not Celtic! Neither are the tales. I do know Celtic things (many in their original languages Irish and Welsh), and feel for them a certain distaste: largely for their fundamental unreason.”

Agus ní ba mhoille in 1955, “…but be it noted I first set foot in ‘Eire’ in 1949 after The Lord of the Rings was finished, and find both Gaelic and the air of Ireland wholly alien – though the latter (not the language) is attractive.”

Lean sé leis na smaointe seo:

“I love Wales (what is left of it, when mines, and the even more ghastly sea-side reasons, have done their worst), and especially the Welsh language.

“But I have not in fact been in W. for a long time (except for crossing it on the way to Ireland).

“I go frequently to Ireland (Eire: Southern Ireland) being fond of it and of (most of ) its people; but the Irish language I find wholly unattractive.”

Ach níos faide anonn, sa bhliain 1971, deir sé, “I am always happy when I am in Eire (except, of course, the North, where I have never been) and am now suffering from acute Eire-starvation, but I see no immediate chance of getting back there again.”

Tá rud éigin faoin méid sin a thugann ar dhuine smaoineamh go bhfuil an t-údar ag déanamh barraíocht agóide.

I ndeireadh na dála, ní béaloideas ná fíor-mhiotaseolaíocht iad An Hobad agus Lord of the Rings; ficsean cruthaitheach iad, ní hionann iad agus seanchas na hÉireann.

Iarracht atá iontu chun a macasamhail a chruthú do Shasana.

An raibh éad mar sin ar Tolkien go raibh seanchas ag na Gaeil, an tseoid a bhí uaidh an méid sin gur chaith sé a shaol ag cumadh scéalta ‘An Domhain Láir’?

Dar liomsa, is cinnte go raibh tionchar i bhfad ní ba láidre ag Éirinn agus béaloideas na nGael ar Tolkien ná mar a ba mhaith leis a admháil, cé gur mó an tionchar a bhí ag an Bhreatain Bheag air.

Tá mé measartha sásta gurb í Éire a thug an tinfeadh do roinnt de na rudaí diúltacha dorcha in The Lord of the Rings.

Agus, ceart go leor, thiocfadh dó gur as Poll na gColm agus an Bhoireann a tháinig an t-ainm ‘Gollum’.

Mar sin féin, déarfainn féin gurb é sin é.

Margaíocht ghlic atá ar bun ag an ‘Burren Tolkien Society’ agus maith iad.

Ach ar bhealach nach mór an trua go gcaithfidh muid nasc lag a chruthú le scríbhneoir Sasanach chun daoine a mhealladh chun na Boirinne?

Nárbh leor a háilleacht féin agus a traidisiúin Ghaelacha féin?

Nach bhfuil a scéalta ársa féin ag an cheantar seo gan bheith ag déanamh nasc caolchúiseach le Tolkien?

An é seo an toradh nádúrtha ar an Ghalldachas?

SCÉALTA EILE