Beidh leabhar a aistríodh go Gaeilge ó theangacha eile san iomaíocht do ghradam nua a bhronnfar ag ‘Gradaim Fhoilsitheoireachta na Gaeilge’ ag searmanas speisialta ag tús mhí Dheireadh Fómhair.
Bronnfar ‘Gradam de Bhaldraithe’, a ainmníodh as an scoláire teanga agus téarmeolaíochta, ar ‘Aistriúchán na Bliana’.
Bhí Tomás de Bhaldraithe ina Ollamh le Nua-Ghaeilge agus le Canúineolaíocht na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus deir lucht an Oireachtais gur “ainmníodh an gradam nua seo ina onóir mar aitheantas ar an saothar tábhachtach saoil faoin nGaeilge a d’fhág sé mar oidhreacht shaibhir ag glúnta de chainteoirí Gaeilge”.
“Is cúis áthais dúinn uile gradam nua do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile a bheith ar chlár na bliana seo, go háirithe gradam i gcuimhne iar-Uachtarán de chuid an Oireachtais agus duine de mhórscoláirí Gaeilge ár linne, Tomás de Bhaldraithe. Is é a léirigh eolas an bhealaigh dóibh siúd a sholáthraigh leaganacha Gaeilge de mhórshaothair litríochta ó theangacha eile,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge.
Tá athrú eile tagtha ar leagan amach na ngradam i mbliana. Go dtí seo, ‘Gradaim Liteartha an Oireachtais’ a thugtaí ar an dá ghradam, Gradam Réics Carlo agus Gradam Uí Shúilleabháin, a bhronntaí ar ‘Leabhair na Bliana’, don léitheoir óg agus don léitheoir fásta.
I mbliana, ‘Gradaim Fhoilsitheoireachta na Gaeilge’ atá a thabhairt ar an trí ghradam. Roghnaítear buaiteoirí na gcatagóirí de réir critéar atá níos leithne ná caighdeán na scríbhneoireachta, agus tá a ról le n-imirt ag na foilsitheoirí agus dearthóirí féin sa gcomórtas.
Beidh moltóirí na nGradam Foilsitheoireachta ag breathnú ní hamháin ar fhiúntas an ábhair agus caighdeán na Gaeilge atá sa leabhar; ach ar dhearadh an leabhair idir théacs, chlúdach agus léaráidí, caighdeán táirgeachta; agus “mar a fhreastalaíonn an leabhar ar riachtanais an mhargaidh léitheoireachta”.
Fógrófar an trí ghearrliosta i mí Lúnasa agus fógrófar buaiteoirí na ngradam ag searmanas speisialta ag tús mhí Dheireadh Fómhair. Bhíodh na gradaim á mbronnadh ag Oireachtas na Samhna.
Tá duaischiste €17,000 do na gradaim ar fad.