Bhuaigh an t-údar Fearghas Mac Lochlainn Gradam Speisialta na Moltóirí ag Gradaim Leabhair Pháistí Éireann inné dá leabhar An Slipéar Gloine (Futa Fata).
Athinsint i nGaeilge ar scéal Luaithríona atá in An Slipéar Gloine agus bhuaigh an leabhar, a scríobh Fearghas agus a mhaisigh Paddy Donnelly, Gradam Réics Carló ag Oireachtas na Samhna 2022.
Painéal neamhspleách moltóirí a roghnaigh buaiteoirí Ghradaim Leabhair Pháistí Éireann – an Moltóir Óg agus líonra Giúiréithe Sóisearacha ar fud na tíre san áireamh. Bhí Shona Shirley Macdonald, a bhfuil leabhair Ghaeilge maisithe aici do Futa Futa, ar dhuine de bhuaiteoirí Ghradam na nGiúiréithe Sóisearacha i mbliana don leabhar Girls Who Slay Monsters, gradam a roghnaíonn na mílte léitheoirí óga mórthimpeall na tíre trí vóta a chaitheamh.
“Comhghairdeas ó chroí leis na húdair, na maisitheoirí agus na foilsitheoirí uile atá ag ceiliúradh inniu agus gradam faighte acu. Chonaic muid féin an t-iontas agus an gliondar croí a mhúscail na sé leabhar seo i léitheoirí óga mórthimpeall na tíre, trí chlár na nGiúiréithe Sóisearacha. Is cúis áthais dúinn aitheantas agus cúiteamh ag an leibhéal seo a thabhairt do na healaíontóirí a chruthaigh iad.
“Tír na scéalaithe a bhí in Éirinn riamh is choíche, agus is fíorsheoid gach aon leabhar a bhuaigh anseo, seoda a léiríonn ardchaighdeán na leabhar Éireannach do pháistí sa lá atá inniu ann. Agus muid ag ceiliúradh bliain eile de Ghradaim Leabhar Pháistí Éireann, tá súil againn go spreagfadh an ceiliúradh seo scéalaithe chun leanúint ar aghaidh ag cumadh scéalta – scéalta a rachaidh i bhfeidhm chomh mór céanna ar a lucht léitheoireachta is a chuaigh na leabhair seo,” a dúirt Elaina Ryan, príomhfheidhmeannach Leabhair Pháistí Éireann.
Tugtar trí Ghradaim Leabhair Pháistí Éireann aitheantas don scríbhneoireacht agus don mhaisiú i leabhair do léitheoirí óga i nGaeilge agus i mBéarla. Tá siad ar fáil d’údair agus do mhaisitheoirí a rugadh in Éirinn, a bhfuil buanchónaí orthu in Éirinn, nó atá ina saoránach Éireannach.
Is féidir An Slipéar Gloine a cheannach anseo.