Is í Máire Zepf, an t-údar aitheanta Gaeilge do pháistí, a thug léi an chraobh i gcomórtas Leabhar Pháistí Éireann dá leabhar Nóinín. Úrscéal do dhaoine óga i bhfoirm véarsaíochta atá i Nóinín, leabhar a thuilleadh moladh go leor nuair foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite é.
Seo an chéad uair a bhuaigh leabhar Gaeilge an phríomhdhuais ag na gradaim, a reáchtáiltear gach bliain.
Scéal faoi chailín óg cúthail a chasann ar fhear óg ar líne, fear nach bhfuil cosúil leis na daoine eile i saol Nóinín agus titeann sí i ngrá. Ach nuair a théann sí chun casadh leis an bhfear óg mistéireach seo, ní thagann sí ar ais.
An fhoclaíocht agus na híomhánna a chruthaigh an t-údar Ultach a tharraing aird na moltóirí sa chomórtas chomh maith leis na tagairtí do scéalta sí agus do mhiotaseolaíocht na hÉireann.
Bhí deich leabhar ar fad ar an ngearrliosta do Leabhar na Bliana, agus trí cinn acu i nGaeilge: Mór agus Muilc agus Scúnc agus Smúirín an dá leabhar eile Gaeilge a bhí ar an liosta.