Gradam ‘Leabhar na Bliana’ buaite ag ‘Madame Lazare’ Thaidhg Mhic Dhonnagáin

Tá an chraobh tugtha leis ag an údar Tadhg Mac Dhonnagáin ag Gradaim Leabhar an Phoist dá shaothar Madame Lazare a foilsíodh níos túisce i mbliana. Tá na gradaim á mbronnadh ag searmanas fíorúil anocht ar shuíomh RTÉ Culture.

Bhí Madame Lazare san iomaíocht le ceithre leabhar eile don ghradam ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’: An Cheathrú Rua agus na hOileáin sa Naoú hAois Déag le hÁine Ní Chonghaile, Inní le Réaltán Ní Leannáin, Ré na bhFathach le Colm Ó Ceallacháin, agus Mé Suibhne le Feargal Ó Bearra. Ba í Bláthnaid Ní Chofaigh a bhronn an gradam don leabhar Gaeilge is fearr ar Thadhg Mac Dhonnagáin.

“Is scéal é faoi bheirt bhan, an bhean óg Levane a tógadh ina Giúdach i bPáras agus a seanmháthair a thóg í. An tuiscint a bhí ag Levane ó bhí sí óg ná gur as tuaisceart na hEorpa a seanmháthair agus gur theith sí ó na Naitsithe aimsir an Chogaidh, gur maraíodh gach aon duine a bhain léi sa gcogadh, gur tháinig sí féin slán agus nach raibh sí ag iarraidh a bheith ag caint faoi. Ach i ndeireadh a saoil éiríonn an tseanbhean, Madame Lazare, cineál scaipthe ina hintinn agus tosaíonn blúirí eolais ag teacht uaithi a thugann le fios do Levane go bhfuil gach rud atá inste ag an tseanbhean di faoina hóige bréagach.

“is leabhar é faoi chúrsaí cuimhne, na rudaí a gcuimhníonn daoine orthu, nach rudaí nach bhfuil daoine ag iarraidh a bheith ag cuimhneamh orthu, agus an chaoi a dtagann rudaí aniar ó chúl na cuimhne, uaireanta i ngan fhios do dhaoine agus uaireanta in ainneoin a gcuid iarrachtaí rudaí a choinneáil faoi chois,” a dúirt Tadhg agus é ag míniú scéal a leabhair do láithreoir an chláir gradam Evelyn O’Rourke.

Is féidir Madame Lazare a cheannach ó Barzaz anseo.

SCÉALTA EILE