Gradam Uí Shúilleabháin bronnta ar ‘Máchail’ le Ré Ó Laighléis

Is é ‘Máchail’ le Ré Ó Laighléis buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin 2020 ag Gradaim Fhoilsitheoireachta Oireachtas na Gaeilge. Fógraíodh buaiteoirí an chomórtais i bhfíseán a eisíodh ar líne tráthnóna.

Dúirt Ré Ó Laighléis, a scríobh an ‘scéal díoltais’ agus a d’fhoilsigh é trína chomhlacht Móinín go bhfuil sé fíor-bhuíoch d’Oireachtas na Gaeilge as an duais mhór a bhronnadh ar a shaothar agus go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an ngradam.

“Níl insint ar thábhacht Ghradam Uí Shúilleabháin, agus is cinnte go dtugann sé uchtach dúinne na scríbhneoirí agus do na foilsitheoirí chomh maith,” a dúirt sé.

Bronnadh Gradam Thomáis de Bhaldraithe ar Ar Luch agus ar Dhuine, aistriúcháin Cholmcille Uí Mhonacháin ar shaothar cáiliúil Of Mice and Men le John Steinbeck.

Agus buíochas á ghabháil aige leis an Oireachtas as an ngradam don aistriúchán is fearr a bhronnadh ar Ar Luch is ar Dhuine, dúirt Colmcille go bhfuil “cuid den ghradam tuillte ag achan duine a rinne obair ar an leabhar”.

Mhol sé cló agus “dearadh snasta” an leabhair a chuir Leabhar Breac amach chomh maith leis an “gclúdach álainn ealaíonta”.

Ar Mháire Zepf a bronnadh an tríú gradam a fógraíodh inniu – Gradam Reics Carlo don leabhar is fearr do pháistí. An Féileacán agus an Rí, scéal bunaithe ar Thochmharc Éadaoine ón seanchas, a bhuaigh an gradam mór i mbliana.

Dúirt Tadhg Mac Dhonnagáin, a d’fhoilsigh an leabhar trína chomhlacht Futa Fata, go bhfuil “ríméad croí” air glacadh leis an ngradam foilsitheoireachta agus ghabh buíochas le Máire Zepf “a rinne athchruthú álainn ina cuid scríbhneoireachta” ar an seanscéal, agus le Shona Shirley McDonald, an t-ealaíontóir a mhaisigh an leabhar.

Ná déan dearmad gur féidir gach leabhar a ainmníodh do Ghradam Uí Shúilleabháin a bhuachan inár gcomórtas — tuilleadh eolais faoi sin anseo.

SCÉALTA EILE