Gráinne Ní Mhuilneoir ceaptha ina bainisteoir ar An Siopa Leabhar

Tá Gráinne Ní Mhuilneoir ceaptha ina bainisteoir ar an Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath. Beidh Gráinne, a thiocfaidh i gcomharba ar Chaitlín Nic Íomhair a bhí sa ról le breis agus bliain anuas, ag tús na míosa seo chugainn. 

Tá tréimhsí oibre caite ag Gráinne go dtí seo leis an siopa leabhar Dubray Books, chomh maith leis an bhféile ealaíon i gCill Chainnigh agus an complacht amharclannaíochta Landmark Productions. 

Tá aithne ag Gaelphobal Twitter ar Ghráinne mar gheall ar an gcuntas @BooksAsGaeilge a thosaigh sí i ndiaidh di seal a chaitheamh i bhfeighil ar an gcuntas @Motherfocloir níos luaithe i mbliana. Scaipeann sí eolas faoi leabhair i nGaeilge ar an gcuntas nua agus spreagann plé agus díospóireacht faoi cheisteanna a bhaineann le foilsitheoireacht i nGaeilge sa lá atá inniu ann. 

Tá an Siopa Leabhar lonnaithe i gceannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath agus is ann a cheannaíonn formhór na nGael san ardchathair a gcuid leabhar Gaeilge. Tá an siopa ann le breis agus dhá scór blianta anuas agus cion nach beag ag muintir na cathrach air. 

Dúirt Gráinne le NÓS go bhfuil sí ag súil go mór le tús a chur lena tréimhse ina bainisteoir ar an Siopa Leabhar ag deireadh na míosa seo agus go raibh “ríméad” uirthi nuair a tairgeadh an post di. 

“Tá mé ag súil go mór leis an bpost, bhí ríméad orm nuair a fuair mé an tairiscint agus mé ag súil leis na dúshláin nua a bheidh romham. An chéad seachtain oibre a bheidh agam is í Seachtain an Oireachtais a bheidh ann, mar sin beidh dúshlán mór romham ansin sula dtosóidh mé sa siopa féin. 

“Ba mhaith liom forbairt a dhéanamh ar shuíomh idirlín an tsiopa, bhí mé ag plé le suíomh nua Chois Life agus tá cúpla smaoineamh agam do shuíomh an tsiopa. Féachfaidh mé chomh maith cén chaoi ar féidir liom cúpla casadh nua a chur ar an siopa féin,” a dúirt sí. 

Is minic trácht ar ghéarchéim na siopaí leabhar ar fud na cruinne agus nósanna léitheoireachta agus siopadóireachta ag athrú. Beidh Gráinne féin ag fágáil comhlacht foilsitheoireachta a d’fhógair níos luaithe i mbliana nár fhéad sé leanacht ar aghaidh i mbun gnó ar chúinsí éagsúla — fadhbanna díolacháin ina measc. 

Ach dúirt sí le NÓS go mbíonn dúshláin ann i gcónaí i ngach earnáil agus go gcaithfidh gach díoltóir leabhar dul i ngleic leis na dúshláin chéanna beag beann ar theanga na leabhar atá á ndíol. 

“Tá na dúshláin chéanna roimh gach aon díoltóir leabhar ar fud an domhain, leabhair a aimsiú, custaiméirí a mhealladh, agus spéis a mhúscailt sa léamh agus sa scríobh,” a dúirt sé. 

Chuir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge fáilte roimh cheapachán Ghráinne. Dúirt Julian de Spáinn go bhfuil sé ag súil le bheith ag obair léi agus gur chun tairbhe an tsiopa a rachaidh an taithí mhór in earnáil na leabhar Gaeilge atá aici. 

SCÉALTA EILE