Foilseofar leagan Gaeilge den tsraith leabhar mór le rá le Alice Oseman, Heartstopper, ar an 27 Meitheamh. Seolfar an t-aistriúchán úr ar an úrscéal ghrafach in An Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath ag 18:00 an lá céanna.
Díríonn an tsraith ar Nick Nelson agus Charlie Spring, beirt daltaí ar an mheánscoil a bhforbraíonn caidreamh rómánsúil eatarthu ach nach féidir a bheith oscaile faoi nó níor tháinig Nick amach go fóill. Bhuail léitheoirí leis na carachtair den chéad uair san úrscéal Solitaire in 2014. Chuaigh an bheirt charachtar i gcion ar léitheoirí an leabhair agus d’fhoilsigh Oseman nóibhille darb ainm Nick and Charlie in 2015 a thóg ar scéalta na gcarachtar.
Spreagadh Oseman sraith greannán a dhírigh ar Nick agus Charlie a fhoilsiú agus cuireadh tús leis an tsraith úrscéalta grafacha in 2018, a bhfuil cúig leabhar inti go dtí seo agus tá an séú leabhar le teacht fós.
I mí Eanáir 2021, cheannaigh Netflix cearta teilifíse na sraithe chun sraith ocht gclár a chruthú bunaithe ar na húrscéalta grafacha i ndiaidh d’Alice Oseman an script teilifíse a scríobh í féin. Ceapadh Kit Connor agus Joe Locke mar Nick Nelson agus Charlie Spring faoi seach.
Eisíodh an chéad séasúr den chlár ar Netflix i mí Aibreáin 2022. Tháinig an dara séasúr amach i mí Lúnasa 2023 agus eiseofar an tríú séasúr i mí Dheireadh Fómhair 2024.
Tá clú ar an tsraith Netflix mar chlár teilifíse a chuireann grá agus sonas aiteach i lár an aonaigh. Dar le Oseman í féin, ba cheann de theachtaireachtaí na leabhar dóchas a spreagadh i ndaoine óga aiteacha go mbeidh saol iomlán acu lán grá lán cairdis.
I ndiaidh rath na sraithe, thug Waterstones faoi deara go dtáinig ardú suntasach 220% ar dhíol na n-úrscéalta.
Ní nach ionadh mar sin go mbeidh leagan Gaeilge den úrscéal chlúiteach le teacht. Seolfar Heartstopper, a ndearna Eoin McEvoy an t-aistriúchán air, in An Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath ag 18:00 ar an 27 Meitheamh. Beidh an comhlacht foilsitheoireachta Futa Fata agus James Kavanagh ag seoladh an leabhair ar an lá.