Inseacht lag ar scéal maith

Ní den chéad uair le bliain anuas bhí díomá orm nuair a leag mé uaim úrscéal de chuid Chois Life. B’údar díomá Fuascailt an Iriseora le Michelle Nic Pháidín agus bhí an díomá céanna orm nuair a chríochnaigh mé Cití na gCartaí le Réaltán Ní Leannáin an tseachtain seo caite. 

Insítear sa leabhar scéal Katarina, nó ‘Cití’ mar a thugtar uirthi nuair a thagann sí go hÉirinn, bean óg as Málta a ndéantar cleamhnas di le saighdiúir Éireannach in arm na Breataine, Tomás, atá ar dhualgas ina hoileán dúchais. 

Tá scéal na beirte bunaithe go mór ar scéal sheantuismitheoirí Ní Leannáin féin, saighdiúir a liostáil in Arm na Breataine aimsir an Chogaidh Mhóir mar gheall ar gheallúintí John Redmond, agus bean óg Mháltach a d’fhág a muintir le cur fúithi lena fear céile nua i mBéal Feirste. 

Tá creatlach an scéil go maith, agus tá an leabhar tráthúil go maith agus muid ag comóradh Chogadh na Saoirse in Éirinn agus ag breathnú siar ar na cúinsí a d’fhág an náisiún scoilte ina dá chuid, ach faraor tá easnamh mór san inseacht a fhágfaidh an léitheoir gan sásamh. 

An róshimplíocht agus an easpa téagair a chuir díomá orm faoin leabhar seo, a d’fhéadfadh a bheith i bhfad Éireann níos fearr dá ndéanfaí iniúchadh níos géire ar na téamaí móra atá ann — ról na mban sa tsochaí, an choimhlint in Éirinn ag tús an chéid seo caite, an cleamhnas agus an caidreamh idir fir agus mná ina measc. 

Seans gur orm féin atá an locht,  go bhfuilim ag súil leis an iomarca ó shaothair Chois Life, agus nach ormsa atá leabhair mar seo dírithe. Chreidfinn gur ‘úrscéal d’fhoghlaimeoirí’ atá i Cití na gCártaí dá bhfógrófaí mar sin í mar leabhar, ach de réir gach eolais ó na foilsitheoirí, is ar léitheoirí Gaeilge atá an saothar, agus saothair eile mar é ón gcomhlacht céanna, dírithe. 

Ní shásaíonn a leithéid de leabhar mise, mar léitheoir Gaeilge, agus mura mbeadh in úrscéalaíocht na Gaeilge ach leabhair dá leithéid is dóigh go n-éireoinn féin as a bheith á léamh. 

Mar sin féin, molaim Réaltán Ní Leannáin as tarraingt ar a taithí féin agus ar scéal spéisiúil a muintire le beocht a chur san úrscéalaíocht, agus ní bheadh drogall ar bith orm an leabhar seo a cheannacht do dhuine atá ag foghlaim na Gaeilge nó do dhéagóirí a tógadh le Gaeilge. 

SCÉALTA EILE