Insint mhilis dhúchasach ar shaol na n-oileán atá in ‘An Bhrachlainn Mhór’

Ní chuimhin liom an uair dheireanach ar thaitin leabhar Gaeilge chomh mór liom, agus ar thaitin An Bhrachlainn Mhór

Cnuasach gearrscéalta de chuid Thomáis Uí Fhlaithearta, duine de bheirt deartháireacha clúiteacha de bhunús Árainn, atá sa leabhar seo mar aon le sliocht gearr as úrscéal dá chuid nár foilsíodh cheana. Cuireadh cuid de ghearrscéalta Uí Fhlaithearta i gcló cheana féin san iris iomráiteach An Claidheamh Soluis agus in An t-Éireannach ach ní raibh tuairisc léite agam fúthu go dtí gur chinn Cló Iar-Chonnacht ar an ábhar a chur faoi bhráid an phobail arís agus aird a tharraingt ar shaothar Uí Fhlaithearta, ar scríobhadh an chuid is mó de idir na luath 1900idí agus na 1930idí. 

Go dtí gur tháinig an leabhar sa phost chugam, ní raibh mórán eolais agam faoin údar, seachas gur deartháir é le Liam Ó Flaithearta, a ndearna mé staidéar ar a shaothar le linn mo bhunchéime sa Ghaeilge. Don té a bhfuil spéis acu sa sóisialachas agus i gcúrsaí staire, is suimiúil ar fad scéal beatha Thomáis, ach go háirithe an tionchar a bhí aige i Meiriceá sna blianta a chaith sé ann ag obair mar eagarthóir agus mar ghníomhaí sóisialach. Don té nach mbíonn oiread spéise acu ina leithéid de ghnáth (agus ní mór dom a admháil go mbainim féin leis an dara grúpa seo) is suimiúil cúlra beatha an údair fós, ach is é seoid an leabhair seo ná na gearrscéalta. 

Sílim an bua is mó a sheasann amach sa saothar seo ná an cur síos a thugann an Flaitheartach dúinn ar na carachtair ina chuid scéalta. Tá scil ar leith ag an údar sa tslí seo nach bhfuil a shárú léite agam i mBéarla ná i nGaeilge. Ní thógann sé ach aon abairt amháin air, carachtar mealltach, mistéireach, ilghnéitheach a chur os ár gcomhair;

“Fear dubh, dorcha, dúnta a bhí ann, an sórt duine a déarfá a bheadh dílis do rud ar bith a mbeadh sé ar a shon, ach cheapfá freisin nach mór na rudaí a mbeadh sé ar a son.”

Tá saibhreas Gaeilge sa leabhar seo a ghealfadh do chroí. Dá léifeá os ard é, rincfeadh na focail ar do theanga. Gné amháin de theanga an údair a thaitin thar cionn liom ná go n-úsáideann sé go leor samhlacha san insint a chuireann an saol in iúl dúinn trí lionsa Árann; ó churach atá “chomh héadrom le cailleach dhubh”, farraige atá “chomh ciúin leis an tobar” nó fiú “paidir eascainí a bhí chomh fada le ráithe an Earraigh”. Sníomhann an t-údar tírdhreach a dhúchais go cleasach isteach sna scéalta sa tslí seo agus is milis dúchasach an insint í. 

Níl aon dabht ach gur snasta gearrscéalta An Bhrachlainn Mhór ná na caibidlí den úrscéal Pádraic atá foilsithe ina dteannta ach ní cháineadh é sin ar shaothar Uí Fhlaithearta. Ní saothar críochnaithe é an t-úrscéal agus ní fios cén feabhas a bheadh ar intinn ag an údar murar cailleadh é sular chuir sé i gcrích é. Ní féidir breithiúnas a thabhairt ar shaothar nach bhfuil críochnaithe nó dar fia, nár chuir an t-údar féin os comhair an phobail ach daoine a tháinig ina dhiaidh agus a tháinig ar a chuid lámhscríbhinní. 

Mar sin féin, cé nach bhfuil an saothar críochnaithe, tá súil ghéar an údair le tabhairt faoi deara fós sna carachtair agus sa léargas domhain a chuireann sé faoinár mbráid ar shaol an oileáin san fhichiú haois. Is furasta a thuiscint cén fáth ar bheartaigh na heagarthóirí gurbh fhiú na caibidlí seo a chur i gcló agus a roinnt leis an saol. Níl aon dabht ach gur saothar fiúntach is ea é agus gur léargas eisceachtúil atá sna caibidlí gairide, ar shaol na n-oileán, agus ar mhuintir Árainn go speisialta. 

Mar gheall go bhfuil cónaí anois orm ar Inis Meáin, iarradh ormsa an leabhar a léamh agus léirmheas a roinnt ar phodchraoladh ClubLeabhar.com. Shíl muintir an tí go gcuirfinn spéis i leabhar a raibh dlúthbhaint aige le hOileáin Árann agus ní raibh dul amú orthu. Ba mhór an pléisiúr dom go raibh mé in ann roinnt nithe áitiúla a aithint sna scéalta agus ba mhór an gáire a baineadh asam nuair a léigh mé cur síos Uí Fhlaithearta ar mhuintir Inis Meáin, pobal a gcaithim mo shaol anois ina gcuideachta; “Is ait na daoine iad…Dhéanfaidís nead i gcluais De Bhalera, agus deirtear gur críonna an fear é”

Níl aon dabht ach gur chuir mo cheangal pearsanta leis na hoileáin go mór leis an méid taitnimh a bhain mé as an leabhar agus ar mar a chuaigh sé i bhfeidhm orm, ach fiú mura raibh mo chroí agus mo chosa sna hoileáin, thaitneodh An Bhrachlainn Mhór go mór liom, mar a thaitneodh sé le duine ar bith a bhfuil cion acu do scríbhneoireacht mhealltach, do scéalta maithe agus do shaibhreas Gaeilge. 

Is féidir An Bhrachlainn Mhór a cheannach ó Chló Iar-Chonnacht anseo.

SCÉALTA EILE