Iomramh ealaíonta ar uiscebhealaí na hÉireann

Tá fonn orm le fada an lá mo bháidín féin a thógáil agus í a sheoladh ar ‘iomramh’ éigin – go dtí an Mhór-Roinn mar a rinne Domhnall Mac an tSíthigh ina naomhóg, timpeall na hÉireann mar a rinne Chris Duff ina chadhc mara, nó ar cuairt chuig na náisiúin Ghaelacha mar a rinne Donncha Mac Con Iomaire ina húicéir.

Shamhlaigh mé an t-iomramh leis an bhfarraige mhór riamh agus níor rith sé liom go bhféadfadh duine iomramh dá cuid féin a dhéanamh ar aibhneacha agus canálacha na hÉireann. Is beag spéis a bhí agam sna haibhneacha agus na canálacha céanna ó shíl mé iad a bheith sórt… leadránach.

Oscailt súl a bhí sa leabhar gleoite seo The Waters and The Wild, an chéad leabhar ó pheann an ealaíontóra Gwen Wilkinson. Déiseach is ea í Gwen a tógadh timpeall ar bháid i ndeisceart na tíre. Chaith sí saol i mbun ealaíne agus chabhraigh an cheird sin go mór léi agus a canú adhmaid, ‘Willow’, á tógáil aici don turas a thug sí ar uiscebhealaí na hÉireann ó bhruacha na hÉirne i bhFear Manach go Tigh Moling i gcontae Cheatharlach.

Tá cur síos macánta ina leabhar ar a áille is atá uiscebhealaí na hÉireann agus ar a dheacra is a d’fhéadfadh sé a bheith ar dhuine a bhealach a dhéanamh ó cheann ceann na tíre orthu. Ní chuireann Gwen fiacail ann agus í ag trácht ar na trioblóidí a bhí aici idir aimsir, lucht racáin, bháid ghlóracha innill, agus í féin ag iompú a báid béal fúithi.

Thapaigh Gwen an deis scéalta na mban a mhair ar na huiscebhealaí agus in aice leo a thabhairt chun solais sa leabhar, rud a thaitin go mór liom. Níl caibidil ann nach luaitear bean iontach Éireannach nár chuala mé aon trácht uirthi cheana agus cur síos deas beacht ar an méid a bhain sí amach.

Má tá locht ar bith ar an leabhar, ní locht é a d’aithneodh formhór na gcainteoirí Béarla a bheidh á léamh, ach mar sin féin chuir an bealach míshlachtmhar a pléadh leis na hainmneacha agus logainmneacha Gaeilge isteach orm beagán agus mé á léamh. Bheinn ag súil le profáil níos fearr ón Merrion Press, caithfidh mé a rá. Chomh maith leis sin, d’aithris sí scéal ann faoi fhoinse na Sionainne a chuala mé féin luaite leis an mBóinn cheana ach seans an-mhaith go bhfuil an scéal céanna ann i gcúpla paróiste.

Ar cheann de na rudaí ab fhearr uilig liom faoin leabhar ná na léaráidí iontacha a rinne Gwen féin. Is priontaí líonóil agus adhmaid iad ina bhfuil radhairc as an leabhar nó gnéithe den dúlra a luaitear ann. Is iad na híomhánna de na héin – an traonach agus an eala go mór mór – is fearr ar fad.

Tá leagan amach an leabhair an-éasca a léamh. Leantar turas Gwen ina chaibidil agus ina chaibidil ar na huiscebhealaí eagsúla – an Éirne, an tSionainn, an Chanáil Mhór, an Bhearú, agus cúpla ceann beag eile nach iad. Tá meascán deas idir chur síos ar a turas féin agus chur síos ar na háiteacha a dtéann sí tríothu.

Tá súil agam go gcuirfidh Gwen chun uisce arís go luath agus go bhfaighidh muid cuntas breá ar iomramh eile.

SCÉALTA EILE