‘Is rialacha bréagacha gan bhunús iad cuid de na rialacha gramadaí’

Is cóipeagarthóir é Benjamin Dreyer leis an bhfoilsitheoir Meiriceánach Random House. Is faoi Dreyer atá sé snas a chur ar phíosa scríbhneoireachta sula bhfoilsítear é. Faoin am a thagann an píosa scríbhneoireachta chomh fada le Dreyer, is gnách go mbíonn athbhreithniú déanta ag an eagarthóir air agus bailchríoch curtha ag údar an phíosa air. Ach dá ainneoin sin, bíonn go leor oibre fós le déanamh ag Dreyer chun slacht a chur air.

Cé na hearráidí is mó is gá dó a cheartú agus é i mbun cóipeagarthóireachta? Sin is ábhar dá leabhar Dreyer’s English, leabhar ina dtarraingíonn sé ar a thaithí fhada mar chóipeagarthóir.

Déanann Dreyer cuid mhaith plé ar lombhotúin ghramadaí agus litrithe – liostaíonn sé na focail is coitianta a chastar air agus iad mílitrithe. Mar shampla, is minic a mhílitrítear ‘accommodate’ agus ‘accommodation’. Cad ina thaobh? “Focail ina bhfuil dhá ‘c’, cothaíonn siad deacrachtaí,” a deir Dreyer, “focail ina bhfuil dhá ‘c’ agus dhá ‘m’, cothaíonn siad tubaistí.”

Focal eile a mhílitrítear go minic is ea ‘leprechaun’. “Níl cuma mórán níos ciallmhaire air agus é litrithe i gceart ná mar atá air agus é mílitrithe, ach sin mar atá,” a deir Dreyer. Go deimhin, bíonn orm litriú an Bhéarla a dheimhniú san fhoclóir, rud nach gá dom a dhéanamh sa Ghaeilge a bhuí leis an riail ‘caol le caol, leathan le leathan’.

Is fíor gurb iomaí leagan malartach de ‘leipreachán’ a thugtar i bhFoclóir Uí Dhomhnaill: ‘lucharachán,lucharbán, luchargán, lucharpán, luchramán, luipreachán’. Ach ‘leipreachán’ amháin atá i bhFoclóir Uí Mhianáin, agus sin atá in úsáid go coitianta anois – ar Gaois.ie tá 53 shampla de ‘leipreachán’ in úsáid i dtéacsanna Gaeilge agus gan ach trí shampla den iomaitheoir is gaire dó, ‘lucharachán’.

Tugann Dreyer treoir faoi chúrsaí stíle freisin. Luann sé rialacha scríbhneoireachta áirithe nár cheart dúinn bacadh leo ar fhágáil na scoile dúinn. Is rialacha bréagacha iad nach léir cén bunús atá leo agus a chuireann bac ar an scríbhneoir. Sampla amháin: Ná cuir ‘Agus’ nó ‘Ach’ ag tús na habairte. Seafóid é sin, dar le Dreyer: cuir ‘Agus’ nó ‘Ach’ ag tús na habairte más dóigh leat gurb é sin is oiriúnaí, a deir sé, faoi mar a dhéanann sé féin síos tríd an leabhar agus faoi mar a dhéanann na húdair is fearr. Mar sin féin, bíonn bealaí níos fearr ann uaireanta chun tús a chur le habairt, dar leis. 

Ach tá rialacha ann ar cheart cloí leo fiú mura dtaitníonn siad linn nó mura gceapaimid go bhfuil bunús maith leo. Óir deir Dreyer gur gá gach iarracht a dhéanamh gan olc a chur ar an léitheoir. Agus is baol dúinn olc a chur ar an léitheoir má bhrisimid rialacha seanbhunaithe. 

Sílim gur maith an chomhairle sin i gcás na Gaeilge freisin. Bheadh drogall orm ‘dhá phointe tábhachtach’ a scríobh, bíodh is go bhfuil sé sin inghlactha, de réir Fhoclóir Uí Mhianáin, in áit ‘dhá phointe thábhachtacha’ – dá scríobhfainn ‘dhá phointe tábhachtach’, gach seans go gcuirfinn as do léitheoirí áirithe agus go n-éireoidís as m’alt a léamh dá bharr (agus thuigfinn dóibh). Agus dá dtarlódh sin bheadh teipthe orm mar scríbhneoir, i súile Dreyer, mar is é príomhdhualgas an scríbhneora an léitheoir a thabhairt leis.

Ar an gcúis chéanna, sheachnóinn an téarma nuacheaptha ‘duine de dhath’, ní hamháin toisc gur téarma chomh doiléir sin é (ní heol dom go díreach cé dó a dtagraíonn sé), ach toisc gur údar aighnis chomh mór sin é agus gur bhaol dom léitheoirí a chailliúint dá n-úsáidfinn é.

Rud eile a chuireann olc ar léitheoirí is ea an mhí-úsáid teanga agus caithfidh scríbhneoirí a bheith san airdeall air. Pléann Dreyer na focail is fusa a mheascadh le chéile sa Bhéarla agus a chuireann mearbhall orainn dá bharr (‘amuse/bemuse/bemused’, ‘pore/poar’). Dealaíonn sé iad óna chéile agus tugann comhairle faoina gceartúsáid. 

Baineann cuid mhaith dá shamplaí mí-úsáide go sonrach le litriú an Bhéarla ach feictear corrcheann acu sa Ghaeilge freisin. An difríocht idir eisimirce agus imirce, cuir i gcás: baineann an eisimirce le himeacht ó áit; baineann an inimirce le teacht go háit. An eisimirce ó Éirinn, bhain sí a buaic amach aimsir an Ghorta; i rith an Tíogair Cheiltigh, bhí go leor inimirce chun na hÉireann ón bPolainn. Agus baineann an imirce le gluaiseacht ó thír nó ó ilchríoch amháin go tír nó go hilchríoch eile; ní féidir imirce a dhéanamh ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath, mar shampla, nó fiú ó Chorcaigh go Paris.

An bua is mó atá ag Dreyer ná go bhfuil sé in ann pointí gramadaí agus ceartúsáide a mhíniú ar bhealach taitneamhach, soléite. “Má tá tú os cionn deich mbliana d’aois”, a deir sé, “agus mura bhfuil greannán á scríobh agat, níor cheart duit leas a bhaint as pointe uaillbhreasa dúbailte ná as comhartha ceiste dúbailte”.

Tráth dá raibh, bhíodh foireann cóipeagarthóirí ag gach nuachtán mór – daoine sárléannta a bhí iontu go hiondúil a raibh tuiscint faoi leith acu ar chúrsaí stíle agus friotail. Ach de réir mar a thit díolachán na nuachtán, gearradh siar ar an líon cóipeagarthóirí a bhí á bhfostú acu. Lasmuigh de na foilsitheoirí móra, tá na cóipeagarthóirí éirithe tearc sa lá inniu. Rud is trua, mar is léir ó leabhar Dreyer gur ceird thábhachtach í an chóipeagarthóireacht agus gur fearrde píosa scríbhneoireachta dá bharr.