Casino Royale. Ian Fleming. Gaelg liorish Bob Carswell. Coodagh liorish Gary Myers. Culture Vannin. 230 lch
Níl an teideal seo thuas cruinn ceart ar fad, ar ndóigh, ach scríobh Cathal Ó Sándair úrscéal fadó mar gheall ar Reics Carló ar Oileán Mhanann, dá bhrí sin, cén fáth nach mbeadh James Bond ann chomh maith céanna? Cuireadh Gaelg Mhanann ar leabhar Chathail, agus mar sin, ba dhóigh leat go bhfuil ceart éigin ann go gcuirfí an teanga chéanna ar Bhond. Níl aon rud ar an teideal Casino Royale a thabharfadh le fios duit nach eagrán eile fós d’úrscéal Ian Fleming – nó Sheáin Phléimeann féin – atá anseo, ach nuair a osclaíonn tú leathanach ar bith feicfidh tú romhat an Ghaeilge eile seo gurb ar éigean a dtugaimid aon aird uirthi, an Ghaeilge atá scríte de réir córas litrithe aduain aisteach ainspianta, dar linne.
D’iarr Maitiú Ó Coimín orm é seo a mheas agus sholáthraigh sé cóip dom. Is mé atá buíoch de, mar is tearc ábhar léitheoireachta an lae atá ar fáil sa Ghaelg agus is aoibhinn liom dul i ngleic léi. Gleic a bhíonn ann dom go minic, cé gur féidir liom formhór an ábhair thraidisiúnta a léamh go saoráideach, agus a bhfuil d’úrscéalta go dtí seo, ba dhúshlán breise é an saothar seo. Ós rud é gur gráin liom na crosfhocail agus gur bocht liom an Scrabble, is í an Ghaelg an cleachtadh iomrascála teanga is gaire dom.
Ní foláir nó ba dhúshlán mór do Bhob Carswell, leis é, ó ba é a dhein an t-aistriúchán. Meabhraíonn go mór dom mar a chrom an Gúm sna blianta tosaigh dó ar aistriúcháin a lorg ar shaothair litríochta an domhain, idir úrscéalta clasaiceacha agus pobail. Conas mar a d’éirigh le Seosamh Mac Grianna, mar shampla, Gaeilge a chur ar théarmaí farraige Joseph Conrad, nó Seán Ó Cuirrín friotal a chur ar vaimpírí fola nach raibh riamh sna Déise?
Ba dhúshlánaí go mór an saothar seo, ní foláir. Tá sé breac le téarmaí aduaine nach raibh riamh á chleachtadh i nDúlais an uair ba rafaire é. Mar sin féin, seolann ar aghaidh mar scéal amhail is go sílfeá go raibh an áit ramhar le spiairí agus le lucht geall a chur.
Níorbh fhéidir don léitheoir Gaeilge gan suntas a chur i leaganacha éagsúla a cleachtaidh. Ba léir cuid acu glan cosúil leis an nGaeilge féin: ‘skeab feeackle’ ar an rud sin a nglanann tú do chuid fiacla leis, agus is dócha go bhfuil ‘my vyrneen villish’ inaitheanta go leor mar ‘mo mhuirnín mhilis.’ Is suimiúil dúinn ‘spreihder’ mar ‘cithfholcadh’, agus n’fheadar ná go gcaithfidh ‘geyre-cheim’ a theacht go díreach ón nGaeilge. Glacaim leis gurb é ‘taifead leictreonach’ is ciall le ‘recordys lectragh’, agus ‘feighlí ardaitheora’ atá i gceist le ‘dooinney ardjeyder.’ D’aon ghnó níor fhéach mé ar an leagan Béarla, sa chás is go dtarlódh mearbhall a bheith orm.
Nó arís eile, thig abairtí slána Gaeilge a thabhairt aníos as ‘Rish shallid v’ad jeeaghan er y cheilley dy sayntagh’ mar ‘Ar feadh seal bhí siad ag féachaint ar a chéile go santach’ is é sin, go dúilmhear.
Ach ní chuige seo atáim. Ceist eile úsáid agus forbairt na teanga. Tharla go bhfaca mé an scannán ‘Casino Royale’ nuair a tháinig sé amach i dtosach fad na mblianta ó shin, ach níor tháinig mé i ngar do leagan 2006. Bhí cuid éigin den scéal ar eolas agam, agus ba chabhair í sin; ach ba cheataí mhór gur bhain oiread den scéal agus den teanga le cearrbhachas agus le cártaí. Mar dhuine nár imir riamh go leibhéal ard ach ‘snap’ bhraitheas faoi mhíbhuntáiste agus mé i lúb na hinsinte seo.
Mar sin féin, ní léifinn Ian Fleming arís ach gur tugadh cuireadh dom é sin a dhéanamh. Ba shásúla stíl na Gaelg dom ná an neamhstíl a chleacht an bunúdar. Ina choinne sin thall, tá scata leabhar mar seo a dhíth ar an teanga, ar son na coda againn a bhfuil cumas léitheoireachta éigin againn inti, agus ar son fhorbairt na teanga féin. Gaisce ann féin an obair aistriúcháin, arb obair chruthaitheach gan dabht í.