Solas ó Ré Eile

Is grianghrafadóir aitheanta as Béal Feirste é Jim Maginn atá ag fiosrú an domhain fríd mheán na grianghrafadóireachta ó bhí lár na 1970í ann.

Chothaigh sé nasc de réir a chéile leis an mhórphaisean eile atá aige, ceol traidisiúnta na hÉireann, agus thar na blianta tá go leor grianghrafanna glactha aige de mhórcheoltóirí anseo in Éirinn, sa Bhreatain, sna Stáit agus i gCeanada.

Is bailiúchán aoibhinn de chuid den saothar sin é The Light of Other Days / Solas ó Ré Eile, a foilsíodh i mbliana, agus tugann an brollach seo le Ciarán Carson, ar aistrigh Art Hughes go Gaeilge é, léargas galánta ar na híomhánna atá le fáil ann agus ar na scéalta a théann leo.

“Oft, in the stilly night, Ere Slumber’s chain has bound me Fond memory brings the light Of other days around me…

Sliocht thuas as ceann de na hamhráin is cliúití as an chnuasach Foinn Náisiúnta le Tomás Ó Mórdha agus ní cuimhin liom go díreach cá huair a chuala mé an t-amhrán seo don chéad uair ach samhlaím m’athair á cheol le clapsholas tigh s’againne, tá trí scór bliain ó shin, neach taibhsiúil ina shuí ar chathaoir cois tine.

Tá sé marbh curtha le ceithre bliana déag anuas ach bheir an t-amhrán sin m’athair i mo cheann. Teach cistine atá ann, cistin ar an bhunurlár agus dhá sheomra leapa os a cionn.

Gach seans gur chuala mé an t-amhrán don chéad uair agus mé ar tí titim chun suain, an guth ag lúbarbnaigh aníos an staighre chugam, agus gur shamhlaigh mé dreach m’athara mar a shamhlaím anois é, achar scartha scoite ón chéad uair úd.

I gcás ar bith, cuireann seo i gcuimhne dom an tuairim sheanbhunaithe sin atá agam gur seomra beag cúil an áit is fearr a fhóireann don cheol thraidisiúnta, bíodh sé i dteach tábhairne nó i ngnáth-theach cónaí. Ní gá gur seomra fíordhubh a bheas ann.

Déanfaidh seomra tosaigh cúis lán chomh maith, ach é a bheith ar an mhéid cheart, áit a dtig le ceardaithe an cheoil agus an lucht éisteachta aghaidh a chéile a fheiceáil.

Agus ritheann sé liom, agus an peann i mo láimh agam, go síolraíonn an focal camera ón Laidin do sheomra nó do rúm. Camera obscura ‘seomra dorcha’ nó fiú ‘dubh-sheomra’.

Is ionann ceamara a ghlacann grianghraif agus minseomra, agus an solas a ligtear isteach tríd an lionsa, cláraíonn sé bomaite san am ón tseomra is mó atá taobh thiar.

Bíonn seomraí ar leith a thaitníonn linn, agus ceann de na grianghraif is fearr a thaitníonn liomsa as an chnuasach áirithe seo ná an ceann den cheoltóir agus den cheardaí feadóg mór, .i. Somhairle Ó Muirí, thuas staighre ina cheardlann, a bhí lonnaithe an uair sin in Uimhir 1 Plás an Mhalartáin, Béal

Is iomaí céad uair a bhí mé féin istigh sa tseomra chéanna, ag baint aoibhnis as boladh ilsraitheach seileaic, cheir na mbeach, ola rois, ola almóinní, shliseog cumhra an dubh- adhmaid, aigéid nítrigh agus amóinia. Istigh sa ghrianghraf tá cuid d’uirlisí Shomhairle le feiceáil: siséil, clampa, agus seilf lán de nithe éagsúla a bhfuil feidhm leo.

Tá mo radharcsa den ghrianghraf seo go mór faoi thionchar mo chuimhní pearsanta den tseomra agus den té atá ann; agus nuair a mheabhraím faoin ghrianghraf, seachas a bheith ag amharc air, déarfainn go samhlaím rudaí nach bhfuil ann, mearchuimhní ó na hamanna a raibh mé sa tseomra sin roimhe.

Ach sin ráite, ceidim go rachaidh an grianghraf seo i bhfeidhm go mór ar an bhreathnaitheoir úrnua.

Is léir gur le ceardaí a bhaineann, duine a bhfuil domhain-smaoineamh fada buan déanta aige faoina cheird: tá dearcadh inmheánach meabhraitheach muiníneach ann, ní suí do cheamara atá i gceist ach scíste.

Tá cuma chumasach ar a lámha, iad gan gníomh ar feadh scathaimh ach réidh le tabhairt faoin obair arís. Tá sé ar a sháimhín só sa tseomra seo.

Grianghraf eile, seomra eile: Archie Mac Aodhagáin ina theach féin taobh amuigh de Bhun Abhann Dalla.

Tá an teach suite i bpáirc gan rian ná cosán inti, agus áth an t-aon bhealach isteach chuige.

Aon uair amháin a bhí mé ann, ach le linn na heachtra sin – agus eachtra a bhí ann – chluininn Archie ag ceol go mion is go minic, go háirid sa tseomra cúil i dteach tábhairne Mhic Coluim sa tsráidbhaile.

Aithním an crut dolba dána sin air, geitsíocht a choinníonn an t-amhrán, an seomra agus a lucht éisteachta – ach a mheasann fosta iad.

Cuireann sé réamh-rann Bhuachaillí an Dreoilín nó na Lucht na Rann i gcuimhne dom: ‘Fairsinge, fairsinge a bhuachaillí cróga, croíúla go gcuma muid ár rann’ agus iad ag teacht isteach sa spás ina léireoidh siad an dráma ársa, aosta, ainrialach úd.

Agus ós ag smaoineamh faoi ‘rúm’ agus faoi ‘rann’ sinn, tig an focal stanza chun cinn, scoilt nó rann i ndán nó in amhrán, focal iasachta ón Iodáilis stanza ‘seomra, an spás ina seasann duine nó ina ndéanann sé seasamh’.

An t-amhrán mar shraith de sheomraí idircheangailte. Sa tseomra seo sileann solas álainn stuama ón fhuinneog dhomhain, leathan ar an chlár bhog deil, ar an chathaoir agus ar scéal casta na ngrianghraf agus na deilfe ar an driosúr, agus ar an amhránaí i lár báire.

Bomaite aonair a bheir léargas dúinn ar na bomaití gan ríomh a tháinig roimhe sin.

Tóg an gnáth ‘taobh istigh’ i bpioctúr ar bith de chuid Vermeer, pioctúir a dhéantaí le cuidiú ó cheamara obscura, rud a gcuirtear síos air san Oxford English Dictionary mar ‘gléas a bhfuil seomra dorcha nó bocsa ann a bhfuil lionsa dronnach ann nó poll bhioráin ann ar thaobh amháin agus a úsáidtear chun íomhá de rud seachtrach a chaitheamh ar dhromchla taobh istigh den ghléas féin sa dóigh is gur féidir amharc uirthi, í a tharraingt nó (in úsáid níos moille) an íomhá a theilgeadh ar dhromchla solasmhothálach.’

Cailín deas crúite na mbó ag dortadh bainne i gcrúiscín. Saighdiúir ag suirí le cailín aimsire. Bean uasal ag léamh litreach le solas na fuinneoige.

Bean óg ar virgineal agus cur isteach á dhéanamh ar a cuid ceoil. I dtaca le Vermeer de, ní bhíodh i gceist le híomhá theilgthe mar seo ach bunchrut nó treoir don obair chríochnaithe.

Murb ionann agus an ghrianghrafadóireacht, is de réir a chéile a thógtar an phéintéireacht le sraith geitsíochtaí, agus is taifead í seo chan de bhomaite aonair ach d’fhiosrúcháin ar an bhomaite sin, agus comhréiteach atá ann den iliomad íomhánna sa chuimhne. An mar siúd nó mar seo a bhí sé?

Sin ráite, baineann grianghraf fiúntach le comhréiteach idir iliomad cur chuige don rud atá idir lámha agus le roghanna éagsúla. Baineann ‘aimsir láithreach’ an ghrianghraif leis an am a caitheadh roimh an bhomaite áirithe sin agus an t-am a chaithfear ina dhiaidh.

Is iomaí rann a canadh roimh an bhomaite seo inar ceoladh an t-amhrán agus is iomaí rann a thiocfaidh ina dhiaidh. Ar dhóigh éigin is buille gníomhaíochta an grianghraf, scéalaíocht atá i gceist.

Síolraíonn nádúrthacht éasca an ghrianghraif ó bhlianta de chleachtadh, ag síorbhreathnú agus ag cinneadh idir cén bomaite ar cheart a cheapadh.

Cé gur téarma seanfhaiseanta é an téarma ‘uair na cinniúna’ is maith a fhóireann seo don ghrianghrafadóir atá ag iarraidh bomaite neamhbhuan a dhéanamh buan, an bomaite cóir, an tarlú, an eachtra.

Tá grianghraf eile ann den fhidleoir Tomaí Ó Cianáin. Bhí dúil mhór riamh agam sa ghrianghraf seo: aghaidh, lámha, fidil agus bogha ina seasamh go bródúil os comhair dhorchadas an tseomra dhorcha.

Is fíorphortráid fhoirfe í seo, ach tá scéal taobh thiar di.

Gan fiú an dóigh a mbeireann sé ar an fhidil agus ar an bhogha – agus an líne álainn ealaíonta sin ina lámha – baineann sin le Tomaí amháin, ach thug an grianghrafadóir an tsaintréith phearsanta seo faoi deara.

Tá sé mar a bheadh ord agus eagar ar Thomaí Ó Cianáin i ngan fhios dó féin, agus is amhlaidh is uaisle é dá bharr sin.

Glacann sé grianghrafadoir maith leis an duine a aithint agus ligint dó a bheith ar a shuaimhneas. ‘Aithníonn ciaróg ciaróg eile’ mar a deirtear; agus arís eile is ardmholadh an grianghraf seo d’ealaín na grianghrafadóireachta lán chomh maith le hardmholadh d’ealaín an cheoltóra.

Tá muinín agusiontaofacht le braithint anseo sa dul i ngleic ionraice, gan cur isteach, idir dhá spiorad ghaolmhara.

Is iomaí sin amhránaí agus ceoltóir ar thug Séamas Mag Fhinn cuairt orthu lena linn, agus mé féin mar an gcéanna.

Tá aithne agam ar mhóran mhór de na daoine atá sa leabhar seo, agus cuid acu ar shlí sholasta na fírinne.

Bheir na grianghraif seo ar turas siar ar bhóithrín na smaointe mé go dtí na huaireanta geala glórmhara sin a chaith mé i gcuideachta na gceoltóirí agus na n-amhránaithe seo i gcúlseomraí cúnga caola cibé áit a bhfaighinn iad agus gan fios rómhaith agam cad é mar a tharla ar a chéile sinn.

As sin a tháinig, go díreach mar a spreagann fonn amháin an dara fonn i seisiún ceoil. Caoinchuimhní cinn gan amhras. Ba mhór an onóir dom aithne a bheith agam ar a oiread sin de na daoine seo, ach creidim go dtéann grianghraf maith i bhfad níos faide ná aithne phearsanta mar seo.

Ní gá go mbeadh aithne phearsanta ag an bhreathnaitheoir ar an té atá istigh sa ghrianghraf le héifeacht an ghrianghraif a mheas, agus tá sé amhlaidh fosta don té atá ag breathnú amach orainne as an ghrianghraf.

Níor bhuail mé riamh, mar shampla, le Clann McGoldrick, Eddie, Hugh agus Mary ach an grianghraf iontach sin atá tógtha ag Séamas Mag Fhinn den triúr acu, bheir sé orm a chreidbheáil go gcaithfidh sé gur bhuail mé leo roimhe.

Mothaím gur áit mhaith í seo le bheith. Ba mhaith le duine a bheith sa tseomra seo leis na daoine seo agus leis an mhadadh s’acu. Tá siad féin sásta a bheith san áit a bhfuil siad, ag breathnú amach ar an cheamara agus tá sé mar a bheadh siadsan ag amharc orainne.

Sin bua mhór le grianghrafadóireacht portráide den scoith: bheir sí orainn sult a bhaint as saol dhaoine eile, a mbeoghnúis ghearrtha, an seasamh atá acu agus an dóigh a n-iompraíonn siad iad féin. Breathnaímid ar an grianghraif sa taispeántas seo, sa leabhar seo agus soilsíonn solas ó ré eile orainn.”

SCÉALTA EILE