Is é Bláth na dTulach, díolaim gearrscéalta le scríbhneoirí éagsúla as cúige Uladh, ‘Leabhar na Bliana 2022’ agus Gradam Uí Shúilleabháin bronnta ar an leabhar ag searmanas speisialta atá a bhí ar siúl i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath anocht. Ba é an teach foilsitheoireachta Éabhlóid a d’fhoilsigh an leabhar, agus ba iad Réaltán Ní Leannáin, Eoghan Mac Giolla Bhríde & Mícheál Ó Domhnaill a chuir an cnuasach in eagar.

Bronnadh an gradam don aistriúchán is fearr go Gaeilge, Gradam de Bhaldraithe, ar leagan Mháirín Nic Con Iomaire den úrscéal Francach Khalil le Yasmina Khadra. Ba é an teach foilsitheoireachta nua Barzaz a d’fhoilsigh an leagan Gaeilge den leabhar.

Thug an t-údar do pháistí Fearghas Mac Lochlainn leis Gradam Réics Carló, an gradam do leabhair do pháistí, dá leabhar An Slipéar Gloine, leagan nua de scéal Luaithrín. Ba é Paddy Donnelly a mhaisigh agus Futa Fata a d’fhoilsigh an leabhar.

Ba iad Regina Uí Chollatáin, Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, agus Máirín de Brún, Uachtarán an Oireachtais 2022 a bhronn na Gradaim Fhoilsitheoireachta i mBaile Átha Cliath anocht.
“Is mór an t-údar ceiliúrtha é liosta údar, foilsitheoirí, dearthóirí agus maisitheoirí den chéad scoth atá luaite le gradaim foilsitheoireachta Oireachtas na Gaeilge i mbliana. Is tuar dóchais iad do thodhchaí na foilsitheoireachta Gaeilge agus léiríonn caighdeán ard na scríbhneoireachta agus na scríbhneoirí go bhfuil forbairt á dhéanamh ar chleachtaí pinn na Gaeilge agus go bhfuil géarghá le scéimeanna mar seo.
“Tréaslaím an gaisce atá déanta ag Oireachtas na Gaeilge agus ag togra na bPortráidí Gaeilge leis na heagraíochtaí a nascann buanna ealaíne agus scríbhneoireachta na Gaeilge in aon fhóram amháin agus a léiríonn na féidearthachtaí a sholáthraíonn fóraim chló agus ar líne do léitheoirí agus do phobal na Gaeilge,” a dúirt Regina Uí Chollatáin.
Bronnfar €2,500 ar údair Bláth na dTulach, agus €5,000 ar Éabhlóid; bronnfar €1,250 ar Fhearghas Mac Lochlainn agus €5,000 ar Fhuta Fata; agus bronnfar €500 ar Mháirín Nic Con Iomaire agus €1,500 ar Barzaz.
An mhí seo chugainn, tabharfar tuilleadh aitheantais do scríbhneoirí na Gaeilge nuair a bhronnfar Gradaim Liteartha an Oireachtais ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne.