Leabhar faoi thionchar RnaG ar ‘shaol agus ar chultúr mhuintir na Gaeltachta’ le seoladh ag an Oireachtas

Seolfar leabhar nua faoi thionchar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar shaol agus ar chultúr mhuintir na Gaeltachta leis an staraí Gaeltachta Dáithí de Mórdha ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ag tús na míosa seo chugainn. 

Is trí fhráma tagartha an bhéaloidis agus na heitneolaíochta a inseofar scéal Raidió na Gaeltachta sa leabhar nua Raidió na Gaeltachta: Cultúr agus Pobal. Tabharfar léargas ann ar stair na meán cumarsáide in Éirinn roimh theacht RTÉ Raidió na Gaeltachta leathchéad bliain ó shin, agus ar na cúinsí inar bunaíodh an stáisiún Gaeltachta i gcomhthéacs shaol na Gaeltachta mar a bhí ag an am agus i gcomhthéacs gluaiseachtaí agóide idirnáisiúnta maidir le cearta sibhialta.

Féachtar sa leabhar ar obair an Raidió maidir le bailiú, craoladh, agus caomhnú chultúr na Gaeltachta agus cuirtear an obair sin i gcomparáid le hobair Choimisiún Bhéaloideasa Éireann. 

Bhain Dáithí de Mórdha, ar fearr aithne air mar Chlár-Reachtaire de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall i nGaeltacht Chiarraí, PhD amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh in 2019 dá chuid taighde ar an stáisiún Gaeltachta. Tá sé ina léachtóir cúnta le Stair & Antraipeolaíocht i Roinn na Socheolaíochta, Ollscoil an Chroí Ró-Naofa sa Daingean.

“Chuas i dtaithí ar chartlann na Mumhan de RnaG nuair a bhíos ag obair in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin, nuair a cheannaigh Oifig na nOibreacha Poiblí cóip den gcartlann ó RTÉ. Cuireadh an chartlann ar fáil i leabharlann an ionaid, mar áis taighde, agus níorbh fhada nó go rabhas féin á húsáid ar bhonn rialta.

“B’fhacthas dom gur taifead gan sárú de shaol agus de chultúr mhuintir na Gaeltachta a bhí ann, a bhí an-chosúil le Cnuasach Béaloideas Eireann ar mhórán slite, ach go raibh níos lú béime ar sheanscéalta agus níos mó béime ar sheanchas, go háirithe stairsheanchas,” a dúirt Dáithí. 

Dúirt sé freisin go bhfacthas dó gur “beag duine a bhí ar an eolas faoi” agus gur “beag earraíochta a bhí á baint as ag scoláirí acadúla” agus ag an ngnáthphobal. Bhain sé féin leas as an gcartlann a bhí in Ionad an Bhlaoscaid i dtograí éagsúla – a thráchtas máistreachta ar sheanchas Shéamuis Bhig Uí Lúing ina measc.

Dé hAoine an 4 Satharn ag meán lae a sheolfaidh Bainisteoir Réigiún an Deiscirt RnaG, Dara Ó Cinnéide, an leabhar nua ag Aonach an Oireachtais in Óstán an Gleneagle i gCill Airne. Is féidir an leabhar a réamhordú anseo.  

SCÉALTA EILE