Leabhar Gaeilge roghnaithe do Lá Domhanda na Leabhar den chéad uair le blianta

Tá Cluasa Capaill ar an Rí leis an údar Gaeltachta Bridget Bhreathnach agus an t-ealaíontóir Albanach Shona Shirley Macdonald ar cheann de na leabhair a bheidh á gcur chun cinn ar fud na tíre an mhí seo chugainn mar chuid de Lá Domhanda na Leabhar. 

Seo é an chéad uair le blianta fada a bheidh leabhar Gaeilge i lár an aonaigh san fhéile anseo in Éirinn. 

Ceithre leabhar déag a bheidh ar fáil do léitheoirí óga a mbeidh dearbhán de chuid Lá Idirnáisiúnta na Leabhar acu, dearbháin a dháilfear ar pháistí bunscoile ar fud na hÉireann as seo go ceann míosa. 

Is í Bridget Bhreathnach as Conamara a scríobh an leabhar Cluasa Capaill ar an Rí agus ba í Shona Shirley Macdonald a mhaisigh é. Insítear sa leabhar scéal an rí Labhraí Loingseach a raibh dhá chluais capaill air. Tá an scéal sa seanchas le cuimhne na gcat agus tá leaganacha eile den scéal ar fáil i mbéaloideas na hEorpa freisin. 

Bhain an leabhar Gradam Réics Carló amach in 2021, gradam a bhronntar an leabhar is fearr do léitheoirí óga. Seo an chéad uair a bheidh leabhar a bhfuil an duais áirithe sin buaite aige mar chuid de Lá Domhanda na Leabhar. 

“Cúis bhróid” d’fhoireann Futa Fata, an teach foilsitheoireachta a chuir an leabhar amach, go mbeidh “eagrán speisialta” de Cluasa Capaill ar an Rí i measc na leabhar a bheidh ar fáil do na léitheoirí óga i mbliana. Beifear in ann an t-eagrán speisialta sin a fháil saor in aisce ach an dearbhán a gheobhaidh na gasúir saor in aisce ar scoil a thabhairt isteach chuig an siopa leabhar áitiúil. Tá an bunleagan ar fáil i gcónaí i siopaí leabhar ar fud na tíre ar €14.95. 

SCÉALTA EILE