‘Leabhar na Bliana’ bronnta ar Eoghan Mac Giolla Bhríde do ‘Cnámh’ ag Irish Book Awards

Is é Eoghan Mac Giolla Bhríde, as Gaeltacht Thír Chonaill, buaiteoir an ghradaim don leabhar Gaeilge is fearr ag Irish Book Awards. Fógraíodh leabhar gearrscéalta Eoghain, Cnámh, ina Leabhar na Bliana ag searmanas a reáchtáladh ar líne anocht.

“Tá mé iontach tógtha faoin duais seo agus tá mé sásta gur éirigh le leabhar  gearrscéalta an duais a fháil. Is deas an smaoineamh é go rachaidh an scéala  amach faoin leabhar bheag seo anois, a chur mé oiread de mo chroí isteach ann,  agus go bhfaighidh sé baile i measc léitheoirí nach gcluinfeadh faoi gan an t ardán seo a bheith aige. Go raibh míle maith agaibh,” a dúirt Eoghan agus an duais á glacadh aige.

Bronnadh na gradaim go fíorúil anocht agus craolfar an bronnadh ar RTÉ One ar an 10 Nollaig. Ní fhógrófar mórbhuaiteoir na ngradam go dtí an craoladh sin

Bhí sé leabhar ar an ngearrliosta i mbliana – ina measc bhí leabhar le Joe Steve Ó Neachtain, An Diabhal Déanta; scéinséir le Celia de Fréine, Cur i gCéill, Múscail a Ghiorria le Eithne Ní Ghallchobhair; Bealach na Spáinneach le Liam Mac Cóil, an tríú leabhar sa tsraith úrscéalta Lúcáis Uí Bhriain; agus Éadaoin le Diarmuid Johnson, leabhar scéal mór grá na Sean-
Ghaeilge.

SCÉALTA EILE