Leabhar na Bliana buaite ag Noel Ó Gallchóir agus ‘Aisteoirí Ghaoth Dobhair: 1931-1981’

Is é Noel Ó Gallchóir as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall a thug leis Gradam Uí Shúilleabháin ag ócáid a reáchtáladh ar líne inniu. Cuntas saibhir ar stair an chompántais ‘Aisteoirí Ghaoth Dobhair’ ó thráth a bhunaithe ag tús na 1930idí go dtí 1981 atá sa leabhar Aisteoir Ghaoth Dobhair: 1981-1931′ agus é lán go béal le pictiúir de bhaill an chompántais i gcaitheamh na tréimhse sin, tuairiscí nuachta, ailt, agus cáipéisí eile. Tá eolas sa leabhar ar na drámaí a léirigh Aisteoirí Ghaoth Dobhair, ar na comórtais agus duaiseanna a bhuaigh siad, agus ar na deacrachtaí agus dúshláin a bhí rompu.

Dúirt Noel go bhfuil “lúcháir mhór” air glacadh leis an ngradam agus go bhfuil súil aige go bhfuil “an t-aitheantas atá tuillte” ag muintir Ghiolla Bhríghde, Eoghan agus Áine, a bhunaigh Aisteoirí Ghaoth Dobhair tugtha aige dóibh i leathanaigh an leabhair.

“Nuair a bhí mise i mo ghasúr óg sna seascaidí, bhí Aisteoirí agus Amharclann Ghaoth Dobhair a tógadh in 1961 mar chuid iontach tábhachtach dár saol. Théadh muid chuig na drámaí agus na geamaireachtaí oíche Aoine agus théadh siad i bhfeidhm go mór orm. Tá clú áitiúil, náisiúnta, agus idirnáisiúnta bainte amach ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair a bhunaigh Eoghan Mac Giolla Bhríghde in 1931, agus a stiúraigh a dheirfiúr Anna ó 1939 go 1981.

“Bhí tionchar ollmhór ag an traidisiún ealaíonta sin ar chúpla glúin de phobal iarthuaisceart Thír Chonaill. Tá súil agam gur éirigh liom an t-aitheantas atá tuillte ag Eoghan agus ag Áine a thabhairt daofa i leathanaigh an leabhair seo,” a dúirt sé.

Ghabh Noel buíochas leis na daoine a thug grianghraif dó agus an leabhar á réiteach aige, go mór mór muintir Fhearraigh, agus dá chlann mhac a thug cúnamh agus comhairle dó maidir le cúrsaí ríomhaireachta agus eagarthóireachta. Ba é Noel féin a scríobh agus a d’fhoilsigh an leabhar.

Ba é an t-aistritheoir Gabriel Rosenstock a thug leis an chraobh i gcomórtas Thomáis de Bhaldraithe dá aistriúchán ar an leabhar Tintin: Le tresor de Rackham le rouge. D’fhoilsigh an teach foilsitheoireachta Dalen Éireann Tintin agus Taisce Raga Rua i nGaeilge agus ghlac bunaitheoir an chomhlachta sin, Alun Geri Jones, leis an ngradam ag an ócáid inniu.

“Nuair a chéadbhunaigh mé Dalen, ba é ceann de na brionglóidí pan-Cheilteacha a bhí agam ná sraith cosúil le Tintin agus Asterix a sholáthar do léitheoirí Gaeilge, agus leis an ngradam seo, mothaím gur bhain mé ceann scríbe amach. Le tabhairt faoin dúshlán seo, bhí orm a bheith ag comhoibriú go dlúth le foireann thar a bheith cumasach. Gabhaim buíochas ar leith le Gabriel as Gaeilge a thabhairt do Tintin ar bhealach ábhartha uathúil. Mo bhuíochas le hEoin agus le Caitlín as a gcuid oibre mar eagarthóirí, agus le hAntain agus le Seaghan as a bheith páirteach freisin, agus le Siân, Breatnach i bhfad ón bhaile in Eochaill, a choinníonn áit do Dalen in Éirinn,” a dúirt sé.

Agus é ag glacadh leis an ngradam, d’inis Alun scéal béaloidis as an mBreatain Bheag faoi Rí in Éirinn a chuir a seachtar iníonacha anonn go dtí an Bhreatain Bheag le seachtar feirmeoirí a phósadh. Dúirt sé gur éirigh leis féin, Breatnach, banphrionsa Éireannach a phósadh agus gur “pléisiúr é an bád a chur ar ais chuig a tír dhúchais lán le seoda liteartha na hEorpa”.

Ar deireadh, ba í Bridget Bhreathnach as Ros Muc a bhuaigh an gradam don leabhar is fearr do pháistí, Gradam Réics Carlo, lena hinseacht féin ar scéal Labhraidh Loinsigh – Cluasa Capaill ar an Rí, leabhar a d’fhoilsigh Futa Fata ar an Spidéal.

Ghabh Bridget a buíochas le Shona Shirley MacDonald, maisitheoir an leabhair; le Tadhg Mac Dhonnagáin, stiúrthóir Futa Fata; le Gemma Breathnach agus Breeda Ní Chonghaile, foireann Futa Fata; agus leis an Oireachtas féin as an gcúnamh a tugadh di agus an leabhar á scríobh aici.

“Bhain mé an-sásamh as an leabhar seo a scríobh agus tá súil agam anois go mbeidh léitheoirí óga agus léitheoirí atá óg ina gcroí sásta a bheith á léamh,” a dúirt sí.

SCÉALTA EILE