Leabhar nua filíochta ó ‘Gaylgeoirí’

Seolfar amárach leabhar nua filíochta leis gcainteoir óg Gaeilge atá taobh thiar den chuntas iomráiteach Instagram ‘Gaylgeoirí’, Cian Ó Gríofa. Dublin Dancers & Dreams is teideal don chomhthogra ar thug Cian agus an grianghrafadóir Francach Anne-Sophie Gigan faoi. 

Grianghraif de dhamhsóirí idirnáisiúnta atá ag cur fúthu san ardchathair is ábhar don leabhar nua. Ghlac Anne-Sophie pictiúir de na damhsóirí agus iad i mbun damhsa ina stíl dhúchais ag láithreacha aitheanta ar fud Bhaile Átha Cliath. Scríobh Cian dán do gach sraith grianghrafadóireachta, a fhoilsítear taobh leis na híomhánna i nGaeilge agus i mBéarla. 

“An aidhm atá leis an leabhar ná cur síos a dhéanamh ar Bhaile Átha Cliath mar áit chultúrtha agus íomhá chomhaimseartha a léiriú chun an fhéiniúlacht náisiúnta sa tír seo sa lá atá inniu ann a phlé,” a dúirt sé. 

Tá Anne-Sophie ag obair ar Dublin Dancers & Dreams le cúig bliana anuas, agus í ag iarraidh an oiread cultúr agus stíleanna éagsúla a léiriú agus ab fhéidir léi. Dúirt sí gur “mol idirchultúrtha” é Baile Átha Cliath agus gur “teanga idirnáisiúnta í an damhsa” a théann i gcion ar gach duine. 

Dúirt Cian go ndearna sé iarracht “scéal na ndamhsóirí a insint” agus “onóir a thabhairt dá gcultúir” lena a chuid filíochta. Theastaigh uaidh féin agus ó Anne-Sophie araon an “onóir” sin a thabhairt do chultúr agus stair na cathrach chomh maith leis an saol nua-aimseartha atá anois ann. Ag labhairt dó faoina chuid filíochta, dúirt Cian go raibh sé ag iarraidh an “fhéiniúlacht náisiúnta” a cheistiú agus ómós a thabhairt don Ghaeilge. 

“Is cinnte gur teanga bheo í an Ghaeilge, agus tá pobal iontach láidir againn i bpobal na Gaeilge, fiú amháin i mBaile Atha Cliath. Bhí mé ag iarraidh féiniúlacht náisiúnta sa lá atá inniu ann a cheistiú agus onóir a thabhairt do mo theanga freisin. Is teanga chomhaimseartha í agus is féidir ábhair fhíorchasta a phlé inti. 

“Chomh maith leis sin, is féidir ceiliúradh a dhéanamh ar stair na tíre, agus ar mhuintir na hÉireann. Thug an leabhar seo deis dom mo phaisean scríbhneoireachta, mo phaisean don teanga, agus mo phaisean don tír seo a chur le chéile, agus tá mé ag tnúth go mór lena roinnt,” a dúirt sé. 

Beidh an leabhar fáil amárach an 27 Eanáir ach teagmháil a dhéanamh le Gaylgeoirí ar Instagram. 

SCÉALTA EILE