Léirmheas: Na Draoithe – 1. Na hÍobairtí Oghaim

Cuirim fáilte mhór chroíúil roimh an fhoilseachán ghleoite seo atá thar a bheith tarraingteach. Jacques Lamontagne, maisitheoir clúiteach as Ceanada a dhear na léaráidí uile. Tuigimid go bhfuil an-tóir ar fhicsean grafach ar fud na cruinne agus nach iontach go bhfuil a leithéid ar fáil i nGaeilge againn. Caithfidh a admháil go bhfuil eiseamláir iontach curtha ar fáil dúinn leis an leabhar seo.

Foilsíodh an leabhar seo ar dtús i bhFraincis, scríofa ag Jean-Luc Istin agus Therry Jigouel. Is breá an rud é go bhfuil an saothar aistrithe ar son na nGael ag Eoin P. Ó Murchú anois. Cé gur seánra na fantaisíochta atá curtha os ár gcomhair anseo, is cinnte go bhfuil réalachas is tionchar na staire ar ghnéithe an scéil agus é fréamhaithe sa 5ú haois. 

Tugtar léargas dúinn ar na coimhlintí éagsúla a bhíodh idir na Ceiltigh sa Bhriotáin, agus na Rómhánaigh, na Críostaithe, na Sacsanaigh is eile. Is iomaí cumhacht a bhíodh ag teacht i ngleic lena chéile le linn na tréimhse corraí seo agus léirítear na conspóidí cothaithe is na streachailtí éagsúla eatarthu ar mhodh fuinniúil fuilteach.

Ní hamháin go bhfuil pobail in adharca a chéile anseo ach tuigtear go bhfuil iomaíocht ghéar i gcúrsaí creidimh chomh maith. I dtaca an ama seo, bhí creideamh na ndraoithe faoi bhagairt agus an Eaglais Chríostaí scoilte idir iad siúd a lean riail na Róimhe ón Phápa nó nasc na traidisiúin Cheilteacha sa reiligiún nua. Ar ndóigh, éiríonn leis an scéal is na léaráidí greim a choinneáil ar aird an léitheora sna clampair uile ó thús go deireadh.

Don chuid is mó, insítear an scéal sa chéad phearsa trí shúile Torainn agus Fionnalán mar mháistir aige. De réir sheanchas na Briotáine, tuigtear dúinn go raibh a leithéid agus Fionnalán ann fadó – duine de na draoithe deireanacha a sheas an fód leis na seandéithe in iarthar na Briotáine. Sa leabhairín seo, tugtar mionléargas dúinn ar spioradáltacht na gCeilteach sna heachtraí éagsúla.

Is dócha go bhfuil an leabhar seo dírithe ar dhéagóirí 15-18 bliain d’aois go príomha, ach tá mé den tuairim go mbeadh spéis ag foghlaimeoirí fásta agus acu siúd a bhfuil spéis acu i gcultúr, creideamh agus i miotaseolaíocht na gCeilteach chomh maith. Níl aon amhras go bhfuil aistriúcháin den scoth ar an bhuntéacs déanta ag Eoin P. Ó Murchú. agus go bhfuil saibhreas na Gaeilge nochtaithe go nádúrtha don léitheoir idir na leathanaigh. Níl amhras ar bith ann go n-éiríonn leis an fhoilseachán ina sprioc siamsaíocht agus taitneamh a thabhairt don lucht léite. 

Má tá cáineadh le déanamh ar an leabhar seo, ná nach bhfuil an scéal ina iomlán le fáil anseo agus go mbeidh ar léitheoirí fanacht le Altóir na Cinniúna (an dara cuid de thríológ na sraithe) leis an scéal a leanstan. 

Thar chúrsaí ama, bhíodh achrainn go leor ar siúl ar fud an domhain maidir le cúrsaí creidimh agus neart cogaíochta cothaithe dá bharr. I láthair na huaire, feictear go bhfuil athbheochan spéise i gcreideamh na ndraoithe agus cúrsaí an chomhshaoil go mór i mbaol. Mar sin de, tagann an saothar seo chugainn in am tráthúil agus é in am go mbeadh seanscéalta na gCeilteach curtha chun tosaigh ar mhodh nua-aoiseach spleodrach agus an t-aitheantas cuí tugtha dóibh. Ar a laghad, tá blúiríní na fírinne iontu, rud nach féidir le lucht Marvel a rá.


Arna fhoilsiú ag: Dalen Éireann
Údair: Jean-Luc Istin, Thierry Jigourel
Maisitheoir:  Jacques Lamontagne
Aistritheoir: Eoin P. Ó Murchú
Leathanaigh: 101

SCÉALTA EILE