In Terminal 1: Arrivals, tiomsaíonn Joseph LaBine seacht gcinn de dhánta Béarla le Niall Montgomery (1915-1987), agus, san aguisín, dhá cheann d’aistriúcháin Ghaeilge leis, mar atá, ‘Westwego’ le Philippe Soupault agus ‘Adharca Fiadhaigh’ (‘Cors de Chasse’) le Guillaume Apollinaire. Tá cáil ar Niall Montgomery mar ailtire, a raibh lámh aige in aerfort Bhaile Átha Cliath a thógáil (tugadh Aerfort Bhaile Chóilín air an tráth sin) i measc rudaí eile, agus mar scoláire liteartha a chuir aistí i gcló ar James Joyce, Samuel Beckett, agus ar ghnéithe den ailtireacht chomh maith.
Ach, cé gur chuir Montgomery tacar beag dánta i gcló i dtréimhseacháin liteartha a linne idir na 1930idí agus na 1970idí, agus gur thiontaigh sé os cionn 200 leathanach d’fhilíocht nua-aoiseach na Fraincise go Gaeilge — nár cuireadh i gcló riamh cé is moite den dá dhán a luaigh mé thuas — is beag aitheantas a thugtar do Montgomery mar fhile, rud a thugann LaBine le fios in intreoir an leabhair seo. Áitíonn LaBine go bhfuil na haistriúcháin neamhfhoilsithe seo i measc na saothar is tábhachtaí agus is suntasaí a d’eascair as peann Montgomery. Impíonn LaBine sa chnuasach snasta seo ar scoláirí agus criticeoirí na Gaeilge aghaidh chriticiúil a thabhairt ar na dánta Gaeilge seo le beocht dhioschúrsach a chothú iontu den chéad uair (2025: 10; 16).
Dá mhéad dúil a léiríonn LaBine sna dánta Gaeilge seo, áfach, is ceart a admháil go mbainfeadh na leaganacha atá i gcló san eagrán seo leas as lámh chúramach eagarthóra le hiad a chur i bhfeiliúint do léitheoirí an lae inniu. Téann LaBine i muinín córas litrithe agus poncaíochta den seandéanamh tríd síos — is é sin le rá gur chloígh sé, de réir dealraimh, leis an méid a scríobh Montgomery sna 1930idí gan aon rud a choigeartú — rud a thugann aeistéitice giota beag ciotach do na dánta seo. Seo a leanas línte tosaigh ‘Westwego’, cuir i gcás:
Am’ thaistealuidhe aisteach gan bhagáiste
Ariamh níor fhágas-sa Paras (58)
Ní bhainfeadh sé de rithim an dáin an litriú agus an phoncaíocht a athchóiriú agus a chaighdeánú de bheagán, agus é sin a dhéanamh tríd síos, mar shampla:
I mo thaistealaí aisteach gan bhagáiste
ariamh níor fhágas-sa Páras
Mar sin féin, is fíor go dtugann an stíl seo litrithe, dá chiotaí í, aeistéitice ‘reitreo’ do na dánta seo. Ar an dóigh sin, athghabháil chomhfhiosach atá sa chóras seo litrithe ar an tréimhse a mbaineann na haistriúcháin seo leo — na 1930idí.
Leagann an dá aistriúchán seo béim ar an toise fuaime atá lárnach sna bundánta. In ‘Westwego’, mar shampla, tá uaim idir an fhuaim -igh in ‘caoirigh’ agus an oidh- in ‘oidhche’.
ba dhaille mé ’ná na caoirigh
a lonnrann ’sa spéir imeadhon oidhche (58)
Tagann an méid seo le huaim na línte céanna sa bhunFhraincis, a bhfuil uaim idir ‘brebis’ (caora) agus ‘minuit’ (meán-oíche) iontu:
j’étais plus bête que les brebis
qui brillent dans le ciel à minuit (Soupault 1922: 17)
In ‘Adharca Fiadhaigh’, cuir i gcás, baintear leas as íomha na hadhairce seilge — rud a mbaintear fuaim as, dar ndóigh — le cuimhní atá ag dul i léig a chur i láthair:
Na cuimhneacha ‘na n-adharca fiadhaigh
Go n-éagann ‘measg na gaoit[he] a nglór (2025: 60)
Les souvenirs sont cors de chasse
Dont meurt le bruit parmi le vent (Apollinaire 2002: 141)
De réir mar a mheascann fuaim na hadhairce le fuaim na gaoithe, múchann an ghaoth ‘glór’ na hadhairce (60). Is ionann an bás seo ag leibhéal na fuaime agus meathlú na gcuimhní — príomhábhar an dáin. Ó thaobh na foirme de, éirionn le Montgomery fuaimeanna an bhundáin a thabhairt slán freisin. Sa Fhraincis, is amhlaidh go bhfuil rím idir ‘tragique,’ (tragóideach) ‘magique,’ (draíocht) agus ‘pathétique,’ (truamhéalach) agus ansin, rím idir ‘tyran’ (tíoránach) agus ‘indifférent’ (neamhshuimiúil):
Notre histoire est noble et tragique
Comme le masque d’un tyran
Nul drame hasardeux ou magique
Aucun détail indifférent
Ne rend notre amour pathétique [liomsa an cló trom agus an cló iodálach] (Apollinaire 2002 : 141)
Déanann Gaeilge Montgomery aithris ar an méid sin thuas, le rím idir ‘eachtra,’ ‘ealgna[ch]’ agus ‘truaigheanta,’ agus ansin, idir ‘cosmhail’ agus ‘neamh-shuimeamhail’.
Uasal a’s traigíodach ár n-eachtra
Le cealltair tíoránaigh cosmhail
Ní’l dráma guasachtach nó ealgnach
Agus ní’l beag-nídh neamh-shuimeamhail
Dhéanfadh ár ngrádh-na truaigheanta (2025 : 60).
Athleagan snasta é an leagan Gaeilge seo le Montgomery, nach gcailleann brí ná rithim na mbundánta.
Admhaíonn LaBine, mar is ceart, go bhfuil friotal ‘neamhghnách,’ ‘teibí,’ agus ‘nua-aoiseach’ ag roinnt le dánta Béarla le Montgomery, ach cuireann sé in iúl, freisin, gur minic a bhaintear mí-thuiscint as a chuid dánta (2025: 9). Is fíor gur sothuigthe iad na haistriúcháin Ghaeilge le Montgomery, dar liom, ná na dánta Béarla a chum sé as an nua. Goilleann na dánta Béarla ar na súile lena struchtúir neamhghnácha; bíonn focail i litreacha móra fite fuaite trí na ranna, rud a bhriseann isteach (d’aon ghnó) ar ord, rithim, agus ciall na ndánta:
Mingle in the rhumba of the vulgar boatswains
REFRACTIONS IN A milk-blown SEA-GLASS
towelled with holy white aeroplanes (36).
Seo thuas sampla ón dán ilghuthach ‘It’s warmer down below’, atá lonnaithe san iarnród faoi thalamh i Londain. Tá sofaisticiúlacht le sonrú sa dán seo a bhfuil tagairtí don tSean-Ghréig agus don Bhíobla ann, ‘Orpheus’ wife is back in town’ (35); ‘OUR LADY OF FIG-LEAVES can sing dumb’ (37). Ceistíonn an dán, freisin, feidhm agus foirm na litríochta féin le himeartas focal:
under six feet of earth where always
the oily worm catches the bard
WHERE the co-efficient of FICTION varies
directly mountain time as
the sum to futility of
man the measure of man the
MEASURE OF ALL THINGS. (40)
Ach fiú amháin nuair a léitear na tagairtí seo i dteannta a chéile, is doiligh aon chiall shoiléir amháin a bhaint as an dán. Fianaise é seo, is dócha, gur ghlac Montgomery go réidh le hainriail na filíochta ‘Dada’.
San intreoir, beartaíonn LaBine lámh chúnta a thabhairt don léitheoir leis an gcineál seo filíochta a láimhseáil. I mbeagán focal, meabhraíonn LaBine (1) go mbaineann Montgomery a ghaisneas as an ngáirsiúlacht mar fhreagra ar ‘choincheap na cinsireachta’ (15); (2) go leagann Montgomery béim ar thoise na fuaime ina chuid filíochta — go háirithe fuaimeanna agus réimeanna ‘contráilte’ —agus go dtiteann sé i dtuilleamaí teangacha éagsúla, an Béarla, an Ghaeilge, agus an Fhraincis, le guthanna éagsula a chur ag caint sna dánta; agus (3) gurb é an snagcheol a thugann cruth agus feidhm do dhánta fada Montgomery. Fiú amháin leis na treoirlínte a leagann LaBine amach dúinn, is deacair léamh fónta a dhéanamh ar a leithéid seo de líne:
HAHA
what’s the score
unknown LIGHT-SNAILS gargle everyone knows them (46).
Tá an léargas a thugann LaBine ar a chumas mar staraí liteartha ar an gcuid is taitneamhaí den leabhar seo. Thóg sé dua le teacht ar na dánta seo i gcartlanna in Éirinn agus i Meiriceá Thuaidh agus dua leis na dánta a thabhairt le chéile in aon eagrán amháin. Ní hamháin sin, tugann intreoir LaBine, agus na fonótaí beachta leis, eolas rí-luachmhar ar na comhthéacsanna liteartha ar shíolraigh na dánta seo uathu, agus tá tagairtí do litreacha pearsanta, tréimhseacháin, agus hommes de lettres na 1930idí — Brian Ó Nualláin agus daoine eile nach é. Ar an gcuid is dúshlánaí den chnuasach, tá dánta neamhchoitianta gáirsiúla míchompordacha Montgomery — ábhar léitheoireachta don té a bhfuil spéis aige sa ghluaiseacht Dada.
Seolfar Terminal 1: Arrivals ar an 20 Meitheamh 2025 i gCartlann Ailtireachta na hÉireann, 45 Cearnóg Mhuirfean Thoir, BÁC 2. Flat Singles Press a chuir an cnuasach seo i gcló.
Saothair a luadh:
Apollinaire, G. (2002) ‘Cors de chasse.’ In: LaFleur, R. (eag). Alcools. Laval, QC: Beauchemin: 141.
Montgomery, N. (2025) Terminal 1: Arrivals. LaBine, J. (eag.) Toronto: Flat Singles Press.
Soupault, P (1922) Westwego. Páras: Éditions de la Librairie Six. Ar fáil ag: https://monoskop.org/images/2/23/Soupault_Philippe_Westwego_1922.pdf