Thugamar féin an samhradh linn, agus tugaimid fós!

Más duine tú a bhíonn ag léamh as Gaelainn, beidh an t-ainm Mícheál Ó Ruairc feicthe agat. Déarfainn féin go bhfuil cuid dá shaothar léite ag nach mór gach éinne le Gaelainn sa tír, os rud é go bhfuil gach aon saghas ruda scríte aige ón bhfilíocht go dtín léirmheastóireacht (b’é An bhfaca éinne agaibh Roy Keane an chéad leabhar Gaelainne a léas féin sa bhunscoil). Mar sin, is deas an deis a fháilt aithne a chuir ar an bhfear taobh thiar den mBiro, agus léargas a fháilt ar shaol an údair.

Cuntas an údair ar chuid dá óige, mar a chaith sé a chuid ama ag freastal ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus mar a dhein sé a shlí tríd an saol, a fhaighimid sa chéad leath den leabhar Thugamar Féin An Samhradh Linn. Sa tarna leath, tugtar samplaí d’iriseoireacht agus do léirmheastóireacht a foilsíodh idir na blianta 1983 agus 2022. Is mór an saothar liteartha atá ag Ruarcach, agus tá sé thar a bheith spéisiúil na samplaí seo a léamh agus forbairt á dhéanamh ag an údar ar a stíl scríbhneoireachta de réir a chéile.

Is as Bréanainn, sa Leitriúch i gContae Chiarraí do Mhícheál Ó Ruairc agus is ansan in 1971 a thosnaíonn an leabhar, le cuntas gairid ar an slí a bhfuair an t-údar amach go raibh áit fachta aige ar an ollscoile i gCorcaigh, áit a bhí i bhfad ó bhaile na laethanta san. Chaith sé seal beag san Fhórsa Cosanta Áitiúil idir a Ardteist a chríochnú agus a aghaidh a thabhairt ar Chorcaigh, rud nach dóigh liom go bhféadfadh muintir na hArdteiste na linne seo, a théann cruinn díreach go Santa Ponsa nó Magaluf tar éis na scrúduithe, fiú a shamhlú.

Is iontach an cur síos a thugann an t-údar dúinn ar an leaid óg ag titim i ngrá le cathair Chorcaí sa chéad bhliain agus é ag fánaíocht timpeall na cathrach, ag dul i dtaithí ar na siopaí agus an phictiúrlann, chomh maith le bheith scanraithe amanta agus an tuiscint á fháilt aige gur “buachaill tuaithe” fós é! Cé gur iomaí athrú atá tagtha ar an gcathair ó shin, is cur síos é seo a chuireann i gcuimhne a thaithí féin d’éinne a bhog amach óna bhaile dúchais go dtín chathair don ollscoil, agus níos mó ná sin, a mheabhraíonn don té atá á léamh na mothúcháin a bhraith sé ag an am, an saol ar fad sínte os a chomhair amach.

Tá sé spéisiúil na cosúlachtaí a fheiscint idir taithí an údair agus taithí an lae inniu, d’ainneoin na difríochtaí atá fite fuaite eatarthu. Sa chuntas a fhaighimid ar an bhfear óg ag imeacht thar sáile don samhradh ag iarraidh é féin a aimsiú agus a aithint, chítear dúinn gurb ionann é agus an J-1 nó an interrailing, achi gcás an Ruarcaigh chuaigh sé ag piocadh leannlusanna in Kent, Sasana. Idir seo agus an cur síos ar na daoine a théadh le báiní ar fad sa chéad bhliain leis an tsaoirse nua fachta acu agus a theipeadh orthu – d’fhéadfadh cuntas scríte ag duine an bhliain seo caite a bheith á léamh againn!

Síos tríd an leabhar, faighimid dearcadh an fhir óig mar a bhí sé agus a shaol suimiúil ag titim amach, ag caitheamh seal ag obair ag le comhlacht tógála, agus ina dhiaidh sin ag feirmeoireacht ar bhóthar na Laoi, taobh le tigh na nGealt! Cuirtear na mothúcháin agus an meon a bhí ag an údar ag an am ar súile an léitheora sa slí go mothaímid go bhfuil an saol seo ag titim amach anois, romhainn. Leabhar is ea é seo a chuireann an codarsnacht idir an saol mar a bhí agus an saol mar atá in iúl dúinn, ach a thaispeánann dúinn chomh maith ná fuil nádúr an duine athraithe chomh mór san.

Thugamar Féin an Samhradh Linn Mícheál Ó Ruairc [€15, Coiscéim]

SCÉALTA EILE