‘Mashup’ Gaeilge: Úrscéalta

Táim cinnte gur chuala sibh faoin úrscéal Pride and Prejudice ach cad faoin aoir ar an leabhar céanna dar teideal Pride and Prejudice and Zombies?

Chuile sheans go bhfaca sibh é i gceann de na siopaí sin a dhíolann nithe beaga amaideacha nó trácht éigin air ar an idirlíon.

Foilsíodh an leabhar sa bhliain 2009 ach fós féin níl a mhacasamhail againn i nGaeilge – bearna mhór inár litríocht gan amhras!

Is éard atá i Pride and Prejudice and Zombies ná athinsint ar an úrscéal rómánsúil úd a thaitníonn go mór le léitheoirí an Bhéarla.

Ós rud é go bhfuil an leabhar san fhearann poiblí rinne Seth Grahame-Smith athscríobh air, ag samhlú zombaithe sa timpeallacht.

Tá thart ar 15% den iomlán ina fhocail féin agus is focail Jane Austen iad an 85% eile.

Tháinig eagarthóir Grahame-Smith ar an smaoineamh tar éis dó a bheith ag cur carachtair ó sheánraí an uafáis i gcomparáid le leabhair a bhí san fhearann poiblí ar nós War and Peace, Crime and Punishment, agus Wuthering Heights.

Pride and Prejudice and Zombies lonnaithe i Sasana sa 19ú haois agus tá an slua marbh ar fud an bhaill.

Tugtar ainmneacha faoi leith orthu a oireann don tréimhse sa leabhar “the stricken”, “sorry stricken”, “un-dead”, “unmentionables”, agus “zombies” féin.

Is dócha gur ‘na neamh-mhairbh’, na ‘marbháin’, ‘siúlóirí marbha’ nó ‘an dream doluaite’ a thabharfaimis féin orthu.

Ag croí an scéil tá Miss Elizabeth Bennet, a bhfuil traenáil sna healaíona comhraic agus airm throda faighte aici.

Ní hamháin go gcaithfidh sí dul i ngleic le deacrachtaí shaol an ghrá ach tá an ceantar faoi léigear ag na zombaithe.

Bhí an-tóir ar an leabhar agus go deimhin féin rinneadh scannán de ar deireadh thiar.

Ní hamháin sin ach tháinig leabhair eile amach a scríobhadh ar an gcaoi chéanna chomh maith: Sense and Sensibility and Sea Monsters, agus Abraham Lincoln: Vampire Hunter.

Is dócha go bhfuil An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire le Biddy Jenkinson ábhairín cosúil leis ach leabhar a mheascfaí le téamaí an uafáis atá uaimse!

Cad is cóir a fhoilsiú do léitheoirí na tíre seo, mar sin?

Is dócha gur gá don leabhar a bheith saor ó chóipcheart.

Seans gur gá ‘X agus X’ a bheith sa teideal.

Agus caithfidh an leabhar a bheith cáiliúil ar ndóigh!

Cad faoi ‘Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne agus na Zombaithe!

A fhoilsitheoirí na Gaeilge, an bhfuil sibh ag éisteacht?

Tá mise sásta an leabhar a scríobh.

An bhfuil aon mholtaí eile agaibh?

Seolaigí isteach iad sula dtiocfaidh apacailipsis na zombaithe chomh fada libh!


Seo iad cuid de na moltaí atá faighte go dtí seo:

Lig Sinn i gCathú agus na Súmairí Fola

An Druma Mór is na hArrachtaí Mara

Máire Nic Artáin: Ninja

Cith is Dealán is na Marbháin Bheo

Séadna is an Róbat a raibh Grá ina Chroí

Mo Bhealach Féin: Cín lae Ainspride

Bríde Bhán agus na Deamhain

An Branar gan Cur is an Spáslong

Deoraíocht ar Mhars

Súil le Breith na hOllphéiste

SCÉALTA EILE