‘Mé Ceallach. Agus seo mo scéal’

I mí na Samhna a fhoilseofar an leabhar is nuaí le Diarmuid Johnson, Ceallach. San alt seo déanann Diarmuid cur síos ar thábhacht an scéil seo mar chuid de scéal mór na hEorpa, agus tugann réamhbhlaiseadh dúinn ar an úrscéal.

Is cuid de scéal na hÉireann agus de scéal na hEorpa atá sa leabhar seo. Cuid de scéal na Críostaíochta dá réir sin, agus de scéal na cumhachta agus na saoithiúlachta san Eoraip ón uair a chuaigh impireacht na Róimhe i léig míle go leith bliain ó shin. Is cuid de scéal Aontas na hEorpa atá ann chomh maith.

An 9ú Bealtaine 1950, thug Robert Schuman an óráid ba bhunchloch don Aontas Eorpach. Eisean ab Aire Gnóthaí Eachtracha i rialtas na Fraince ag an am. Cuspóir an aontais nua: an tsíocháin a bhuanú san Eoraip tar éis uafáis an Dara Cogadh Domhanda. An chéad bheart: cónaidhm eacnamaíochta i réimse an ghuail agus na cruaiche. An toradh a bhí ar an óráid: síneadh Chonradh Pháras in 1951.

I mí Iúil 1950, dhá mhí tar éis na hóráide móire, is i mbaile Luxeuil in oirthear na Fraince a bhí Schuman. Is amhlaidh a chuir sé cruinniú mullaigh ar bun ann. Tháinig cuid de pholaiteoirí sinseartha na hEorpa i láthair ann. Bhí toscaireacht as Éirinn ina measc. Ar thriúr den toscaireacht sin bhí Éamon de Valera, Seán McBride, agus John A Costelloe.

Is faoi rún a tháinig polaiteoirí na hEorpa go Luxeuil in 1950. Ócáid le beatha Cholumbáin a chomóradh, agus deis le hómós a thabhairt do na fíréin a rinne soisceál Dé a chraobhscaoileadh ar mhór-roinn na hEorpa, sin é ab ábhar don chruinniú go hoifigiúil.

Is maith a thuig Schuman go raibh Columbán agus lucht a leanta — Ceallach san áireamh — i measc na gceannródaithe a theagasc luachanna na Críostaíochta 1,400 bliain ó shin. I Lucsamburg cois abhainn an Moselle a tógadh Schuman, an abhainn úd a sheol Columbán agus Ceallach ag triall dóibh ar chríocha na hAlmáine.

Is Caitliceach deabhóideach a bhí i Schuman, agus an fhís a bhí aige i gcomhair na hEorpa, fís ar tháinig bláth uirthi de réir a chéile, is fís í a bhí fréamhaithe i luachanna na Críostaíochta. Arsa Robert Schuman i leith Cholumbáin, ‘Eisean an naomh is pátrún do chách atá ag saothrú ar son aontú na hEorpa.’ Níor bheag sin.

Sliocht as an Úrscéal

Mé Ceallach. Manach. Díthreabhach. Scríobhaí. In Oirialla mo dhúchas. M’athair ba rí. Ceithearnach a ainm. Bhí eallach agus éadáil aige, maith agus maoin. Ba mhór a chlú.

Ba ábhar taoisigh mé féin le mo linn, dá réir. Oidhre Oiriall agus comharba mo shinsear. D’imríos an sliotar ar bhánta mo dhúchais. Chaitheas torc óir ar mo bhráid. D’fhoghlaim ginealach mo threibhe. Chleacht cleasa lúith agus gaisce. Bhí ionam síol an mhórtais.

Ach fine agus flaithiúnas, fearann agus féineachas: thréigeas gach ní dá fheabhas. Reacht Dé: is é ab áil liom. Reacht Dé agus beatha gan cháim. Léann do rinneas, Laidin do scríobhas. Tuigim Gréigis. Cnuas mór blianta dom i mBeannchar na bhfeart. Is é Comhghall ab oide dom ann. Fíréan eisean, aspal agus naomh. M’anamchara: Columbanus. Beannchar cois sáile: troscadh agus tréanas ann, saltair agus léann ann, séanadh an domhain ché ann, móradh agus adhmholadh Dé ann.

Chuamar iar sin i muinín na dtonn agus na dúbhóchna, i muinín na réalt agus na rinnlóchrann, i muinín feachta agus farraige, i muinín seoil agus stiúrach, i muinín báid agus bairc, i muinín an Choimdhe .i. an tAthair Uilechumhachtach. Gluaiseacht ar eachtra, sin é ab áil linn. Gluaiseacht linn ar peregrinatio pro Christo .i. an Ceallach seo maille le dís mhanach dheabhóideach déag. Gluaiseacht linn in earrach na bliana 591 d’aois ár dTiarna.

Iomaí ré don fhoireann ar muir iar sin. Iomaí críoch a thaithíomar, iomaí guais agus gábh ina rabhamar ar ucht na teiscinne móire agus i ngalltíortha i gcéin. Trí bliana fichead amhlaidh. A mbunáite sin i ríocht Burgundes na bhFranc. Cian aimsire sin gan aon agó. Dúinn níor bhaol, ámh, ná d’aon neach faoi chumhdach an Ardmhic.

Ach mo cheann inniu is liath agus fós mo ghéag is lag. Dar liom nach gcloisfead athuair glór na cuaiche. Cuid de mo scéal a bhreacadh ar pár, sin é ab áil dom, más ea. An eachtra ó chladaí Uladh go hInis Breatan. Ó Inis Breatan go leithinis Armorica .i. críocha Leathae. Go leithinis Armorica, go ríocht na bhFranc, díbirt agus seachrán, abhainn mhór na Réine, bruach Locha Bhríde i ndeireadh tosca — Loch Brigantinus — i ndúiche áibhéil seo na hEilvéise. Mé Ceallach. Agus seo mo scéal …

SCÉALTA EILE