Meascán milis den fhírinne agus den fhicsean in ‘Eachtra ar Oileán na Rún’

Is pléisiúr rúnda dom é  a bheith ag léamh leabhair Ghaeilge atá dírithe ar dhaoine óga. Feictear dom gur minic a bhíonn ábhar na leabhar Gaeilge atá dírithe ar dhaoine fásta beagáinín…trom? Ní ag cáineadh Cré na Cille atáim (nár lige Dia!), níl ann ach go dtaitníonn ábhar léitheoireachta liom atá deas éadrom den chuid is mó, agus taitneamhach. Is beag an t-ionadh é mar sin, gur mheall Eachtra ar Oileán na Rún mo shúil, agus é ar an ngearrliosta do Ghradam Réics Carló 2021.

Díríonn Eachtra ar Oileán na Rún, a scríobh an Gaillmheach Brian Ó Broin, ar dheartháir agus deirfiúr; Ána Ní Bhrádaigh agus Mac Dara Ó Brádaigh, a thagann ó Mheiriceá go hÉirinn chun samhradh a chaitheamh lena n-aintín agus uncail i mBaile Átha Cliath; na seandálaithe mór le rá Brian agus Seosaimhín Uí Bhrádaigh. Ón uair a leaindeálann an bheirt óg i mBaile Átha Cliath, is léir nach bhfuil rudaí mar is ceart; a dtuismitheoirí imithe gan tásc gan tuairisc, iarsmaí ársa na hÉireann ag dul ar strae, gan trácht ar an ngliogar rúndiamhrach san íoslach!

Leanann muid muintir Bhrádaigh ó Bhaile Átha Cliath go tochaltán Oileán mistéireach na Rún agus ar ais agus is iomaí cor agus casadh atá sa bhóthar úd. Foghlaimíonn muid le linn an turais gur bheag mionsonra nach dtabharfadh na hógánaigh ghéarshúileacha faoi deara, gur bheag eachtra a mbainfeadh siar astu agus go bhfuil hata faiseanta feiliúnach ag Mac Dara Ó Brádaigh d’ócáid ar bith faoin ngrian.

Is dóigh go bhfuil sé soiléir faoin dtráth seo gur thaitin an leabhar seo go mór liom agus is iomaí cúis leis sin. Ar an gcéad dul síos, tá an plota féin mealltach agus rúndiamhrach ó thús deireadh; noda beaga fite fuaite go cleasach tríd a spreagann samhlaíocht an léitheora.

Thar a cheann sin, an bhfuil ní ar bith níos mealltaí ná bithiúnach corpanta? Cuireann an rógaire slítheánta Henrik Karlsson agus a chomrádaithe go mór leis an scéal seo; drochfhuadar fúthu agus iad meáite ar iarsmaí ríluachmhara na hÉireann a ghoid.

Gheobhaidh tú Gaeilge dheas shimplí sa leabhar seo ach saibhreas aoibhinn sníofa tríd. Mar sin leabhar foirfe is ea é do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge foghlamtha acu, nó daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu fiú agus atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a scileanna teanga. Dar ndóigh bheadh sé ina ábhar léitheoireachta pléisiúrtha don déagóir féin ar a bhfuil an leabhar dírithe ná fiú do dhuine fásta, a bhfuil fonn orthu éalú ó dhualgais an tsaoil ar feadh tamaill.

Tá an scéal seo spreagtha ag Inis Cealtra, oileán ar Loch Deirgeirt ina raibh mainistir luath-Chríostaí fadó, agus ag fíoriarsmaí seandálaíochta a dtángthas orthu sa tír seo i gcaitheamh na mblianta. Cuireann an t-údar meascán milis den fhírinne agus den bhficsean faoinár mbráid sa leabhar, a mhúsclóidh do shamhlaíocht agus do chuid spéise sa tseandálaíocht.

Mar sin, más duine tú a bhfuil fonn léitheoireachta ort, a bhfuil blaiseadh rúndiamhrachta ag teastáil i do shaol agus a dtaitníonn leabhair leat a fhágann meangadh gáire ar do bhéal, as go brách leat go hOileán na Rún.

SCÉALTA EILE