Moladh mór ag dul do Blindboy as an láimh a bhí aige in athmhúscailt an tsaothair thábhachtaigh seo

Fuaireas teachtaireacht ó chara cúpla seachtain ó shin agus ceist na teangan ag dó na geirbe aige. An ón nGaeilge, a d’fhiosraigh sé, a tháinig an focal ‘kawpeist’ isteach i mBéarla na hÉireann. Níor léir dom ar dtús go raibh a leithéid cloiste roimis cheana agam. 

Gan dabht, is mó focal aduain réigiúnda dá shórt a bhuailfeadh leat ag taisteal duit trí thír fhairsing na hÉireann. Bíonn mo mhuintir féin i ndeisceart Chill Chainnigh ag caint ar ‘shillig-a-booka’ mar shampla agus is beag duine a dtuigtear dóibh ciall an fhocail sin ach an oiread.

Is ea, tháinig a lán Éireann focal ón nGaeilge isteach i mBéarla na hÉireann le linn don phróiseas fada iompaithe teangan sa tír. Uaireanta bíonn léargais le fáil sna focail sin ar chanúintí Gaeilge a chuaigh i léig, ach is minic chomh maith a fágadh an bunfhocal Gaeilge ó aithint ar fad i rith an phróisis. Ar an dea-uair, tá dornán foinsí maithe ar fáil don té a chuirfeadh suim i scéal so na bhfocal iasachta ón nGaeilge isteach sa Bhéarla.

Maidir le ‘kawpeist’, deimhnítear in A Dictionary of Anglo-Irish le Diarmaid Ó Muirithe gur ar ‘cáipéis’ na Gaeilge atá an focal san bunaithe. Agus is é a deir Terence Dolan linn faoi ‘shillig-a-booka’ san iontráil chuí in The Dictionary of Hiberno-English ná gur ‘seilide búrc’ is bunús dó. 

A Dictionary of Anglo-Irish is túisce a tháinig amach (1996) agus is é is fearr liom féin – is dílse de ghnáth a chuid ceannfhocal do litriú na Gaeilge, cuirim i gcás. Sna nóchaidí a foilsíodh an dá fhoclóir sin, agus cé nach rófhada ó cuireadh amach iad an chéad lá, bhíodar araon as cló ar feadh roinnt mhaith blianta.

Ansan tá tamall eile de bhliantaibh ó shin do fuair Blindboy Boatclub amach fé mhórshaothar Dolan. Bhí Blindboy tosnaithe ar a bheith ag foilsiú faoi bhrat an fhoilsitheora chéanna a d’fhoilsigh The Dictionary of Hiberno-English, Gill Books, fén dtráth ar cailleadh a chomhscríbhneoir Terence Dolan – sa bhliain 2019. Ó tharla gur ghoill sé ar Blindboy gan fáil a bheith ar sheoid chultúrtha an fhir mhairbh go forleathan, chuaigh sé ag tathant ar a fhoilsitheoir féachaint an gcuirfí an scéal ina cheart arís.

Tá a sheanchas san go léir le fáil ina iomláine ó bhéal an Luimnígh dheisbhéalaigh féinig mar chuid de phodchraoladh inar labhair sé le scríbhneoir eile arís a bhíonn ag foilsiú le Gill Books.

Manchán Magan an t-údar san, chuir sé siúd amach Thirty Two Words For a Field anuraidh. Ach ba é críoch agus deireadh na mbeart ná gur tugadh fén gceathrú heagrán de The Dictionary of Hiberno-English a chur i gcló – agus tháinig sé sin amach anuraidh i dteannta réamhrá gairid ó Blindboy Boatclub.

Tá go deimhin moladh mór ag dul do Blindboy as an láimh a bhí aige in athmhúscailt an tsaothair thábhachtaigh seo. Ach b’ait liom le feiscint, caithfead a rá, gur mhó go mór a ainm siúd ar chlúdach an cheathrú eagrán ná ainm Terence Dolan, an té a thiomsaigh an foclóir! Ní dócha go raibh aon bhaint ag Blindboy leis an dearadh grafach, agus ní ceart a bheith anuas air, ach sin an sórt cleasaíochta a mbíonn earnáil na foilsitheoireachta thíos leis na laethanta so. Tionchaire tábhachtach é Blindboy agus canathaobh ná tiocfaí i dtír ar an gcumas margaíochta a bhaineann lena phearsain a úsáid? “Ag fiarthú thar ceann carad” atáim sa cheist sin…

Bhain íoróin nach beag le réamhrá so an eagráin is déanaí de The Dictionary of Hiberno-English. Dhein Blindboy scéal mór ann den difear a thug sé fé ndear lena óige idir a Bhéarla dúchais féin agus Béarla a chol ceathrair ó Mheiriceá. Tagann tuiscint chanúineolaíoch mar í go dtí gach Éireannach óg ag pointe éigin ina shaol gan dabht. 

Ach is léir i ndeireadh na gcéadlínte dá dtagraím rian an Mheiriceánachais ar chaint Blindboy féin: “I’d no idea what had gotten him upset” arsa Blindboy mar chuid de shliocht inar dhein sé plé beag ar iarmhairtí cumarsáide na ngnéithe doicheallacha cosantacha is féidir a bheith i gceist le Béarla na hÉireann agus ar an gcomhthéacs coilíneach as ar fáisceadh an chanúint áirithe sin.

An ‘gotten’ sin a bhí aige san abairt sin, is é leagan Mheiriceá Thuaidh é den aidiacht bhriathartha ‘got’. Fianaise é sin ann féin ar an síorathrú atá ag teacht ar Bhéarla na hÉireann le tionchar an Oileáin Úir agus le tionchair eile nach é. Fianaise is ea é sin chomh maith ar luach fhoclóirí Bhéarla na hÉireann go nuige seo – cáipéisí sóisialta atá iontu, taifeadtaí ar sheanchaint na tíre seo sna blianta aníos go dtí an tréimhse inar ghéaraigh ar fad ar an domhandú.

Ach ní cosúil gur rith an tionchar Meiriceánach le Blindboy, nó más rud é gur rith, níor admhaigh sé anso é. Dhein sé rud is fearr ná san. Tharraing sé aird ar an mbunús tíoránta coilíneach ónar eascair traidisiún an Bhéarla in Éirinn, agus thug sé aitheantas don nGaeilge agus do theanga na mincéirí mar na príomhtheangacha a d’imir tionchar ar Bhéarla na hÉireann.

Scrígh Diarmait Mac Giolla Críost tráth ar an mbealach inar fhorbair canúint ‘Jailtachta’ i measc cimí poblachtánacha an fhichiú haois. Ar an gcuma chéanna, bhí Blindboy Boatclub ag tagairt ina réamhrá gairid le The Dictionary of Hiberno-English d’fhorbairt leanúnach Bhéarla na hÉireann i measc na dteifeach istigh in ionaid soláthair dhírigh. 

Fáilte á cur aige roimh an bhforbairt a dhéanfar amach anso ar Bhéarla na hEireann de dhroim na dtionchar ón Afraic, ó Oirthear na hEorpa agus ón Áis sna glúinte le teacht. Agus sa mhéid sin, bhí géarchúis shochtheangeolaíoch ar taispeáint aige, géarchúis lena dtuilltear dó an gradam a bhaineann le bheith ina údar réamhrá i bhfoclóir dá shuntas seo. Bímis aontaithe san éagsúlacht teangan, bíodh san ina Ghaeilge nó ina Bhéarla na hÉireann.

SCÉALTA EILE