Ní gá leabhar a chríochnú chun luach do chuid airgid a bhaint as

Agus mé i siopa seanearraí ar na mallaibh — siopa ina raibh leabhair athláimhe agus gach cineál seandachta ar díol ann — chuala mé píosa cainte idir triúr eile sa siopa a chuir díomá orm. Bhí lánúin mheánaosta ag plé a gcuid nósanna siopadóireachta lena gcompánach mná. Ní cheadaíonn an lánúin seo dá chéile aon leabhar athláimhe a cheannach a thuilleadh toisc an oiread sin díobh a bheith carntha gan léamh sa bhaile acu (de réir dealraimh, tá cead acu earraí eile a cheannach — cheannaigh an fear dlúthdhiosca Bob Marley). 

Sílim gur trua a leithéid de riail a bheith ag aon duine. An té a choisceann air féin leabhair a cheannach ar eagla nach léifidh sé iad, tá a shaol á dhaibhriú aige ar mhórán bealaí. Is amhlaidh go ndéanann sé ceann de phléisiúir bheaga an tsaoil a cheilt air féin — seal a chaitheamh i mbun póirseála i siopa leabhar le féachaint an dtiocfaidh sé ar aon ní spéisiúil. 

Is mór an sásamh a bhíonn orm féin nuair a thagaim ar leabhair inspéise nárbh eol dom a bheith ann. D’aimsigh mé leabhrán beag le déanaí dar teideal The Organ and Music of St. Patrick’s Cathedral, cuir i gcás. Is iomaí léargas a thugtar ann ar na fir a fostaíodh chun canadh san ardeaglais i gcaitheamh na mblianta agus ar an gcaoi a n-earcaíodh agus a stiúradh iad, rud is díol suime domsa toisc mé a bheith páirteach i gcór eaglasta.

Bhíodh Jonathan Swift, déan na hardeaglaise sa 17ú hAois, i ndeireadh na feide le cuid de na córchantairí toisc iad a bheith as láthair ar feadh na seachtainí as a chéile, iad tugtha don ól nó giobalach agus salach lá na seirbhíse. 

Rud eile ar chuir mé suntas ann ná iarracht a rinne duine de chórchantairí sa 19ú hAois a chlú mar cheoltóir a mhéadú trí bhlas Iodálach a chur ar a ainm — theastaigh uaidh go nglaoifí Symeon Pinto Buggine air seachas Simon Peter Buggins, ainm leamh Sasanach dar leis. 

Giotaí eolais iad siúd atá agam ó bheith ag ransú na siopaí leabhar athláimhe — cur amú ama agus airgid dar le daoine áirithe! 

Ina theannta sin, is mór an gliondar a bhíonn orm nuair a leagaim mo shúile ar leabhar éigin a raibh mé ar a thóir le tamall — ceann atá as cló, b’fhéidir, nó a bhí ar intinn agam a léamh ach nár cheannaigh mé ar an idirlíon ar chúis amháin nó ar chúis eile: é róchostasach nó é curtha ar an méar fhada agam é a cheannach, mar shampla. 

Is fíor nach gcríochnaím gach leabhar a sciobaim liom. Seans go gceapfadh duine gur cur amú airgid dom a bheith ag carnadh na leabhar neamhchríochnaithe. Ach dar liom nach gá leabhar a léamh ó chlúdach go clúdach chun tairbhe a bhaint as. Is iomaí ceann ar mo sheilfeanna féin nach bhfuil ach leathléite agam ach a bhfuilim sásta gur chaith mé cúpla euro air ar aon nós.

Cheannaigh mé The Black Death le Philip Ziegler le déanaí, rud a dhéanann cur síos ar na huafáis a bhain do mhuintir na hEorpa nuair a bhris an Phlá Mhór amach sa 14ú haois. Bhain mé an-taitneamh as an gcéad leath ach téann an t-údar in abar sna staitisticí leath bealaigh tríd, faraor, é ag tuairimíocht maidir le líon na ndaoine a fuair bás — an é leath de dhaonra na hEorpa nó aon trian de a fuair bás? Leag mé uaim é dá bharr, is mó suim atá agam san eachtra dhaonna ná sna staitisticí. 

In ainneoin gur leag mé uaim The Black Death, ba leor leath de a léamh chun luach mo chuid airgid a bhaint as, dar liom. Tugtar cuntas ann ar an gcaoi inar cuireadh cosc le scaipeadh na Plá Móire i Milan — na chéad teaghlaigh ar tháinig an phlá orthu, cuireadh faoi ghlas iad ina dtithe féin agus ligeadh dóibh bás a fháil. Cinneadh cruálach a bhí ann a leithéid a dhéanamh, gan dabht, ach measann an t-údar gur a bhuí leis an gcur chuige sin a tháinig Milan slán as an gcuid ba mheasa den phlá. 

Chosain The Black Death €2.50 — praghas nuachtáin. Ach is mó léargas a thugtar sa leabhar ar an gcrá croí agus an scaoll a chúisíonn eipidéim ná mar a d’fhéadfadh nuachtán ar bith, dá fheabhas é, agus an coróinvíreas i mbéal an phobail.

Is iomaí leabhar den chineál sin atá agam, cinn nár léigh mé ina n-iomláine ach a bhfuil eolas tairbheach súite agam uathu agus mé ar nós na beiche ag baint neachtair as bláth. Sleachta iontu a chuireann ag machnamh mé nó a thugann léirstean dom a fhanfaidh liom go deo. 

SCÉALTA EILE