Tá an t-ainm amuigh ar Phroinsias Mac a’ Bhaird mar ‘Dan Brown na Gaeilge’, ainm atá tuillte aige as ucht a scéinséirí spreagúla, leithéidí Rún an Bhonnáin agus Tairngreacht. Ba thrua liom, mar sin, nár shroich Fatwa an leibhéal ard seo.
Dhá phríomhcharachtar atá sách éagsúil lena chéile atá againn anseo; ar lámh amháin tá an t-údar Gaeilge Cormac Mac Ruairí, atá tuirseach den beag is fiú a dhéantar de litríocht na Gaeilge agus a bheartaíonn ar chonspóid reiligiúnda a chruthú thart ar an leabhar is déanaí uaidh, chun ainm scríbhneoireachta Gaeilge a chur in airde.
Ar an lámh eile tá Benazir Ó Loingsigh (nó Ben, mar a thugtar air síos tríd), Éireannach-Libiach óg atá imithe ar bhóthar na haimhleasa, agus a fhileann ar an Ioslam chun brí a thabhairt dá shaol. Ní fada áfach go gcuireann an antoisceacht ar bhóthar aimhleasa nua é.
Chun an conspóid seo a chruthú, scríobhann Cormac leabhar faoin bhfáidh Mahamad, dár teideal Ridire an Fhásaigh, agus anseo atá an chéad deacracht i Fatwa – tugtar téacs Ridire an Fhásaigh dúinn ina iomláine, rud a bhaineann ó luas an leabhair.
Anois, teicníc chumhachtach is ea an leabhar laistigh de leabhar, ach is deacair é a dhéanamh go héifeachtach. Insítear beatha fhicseanúil Mhahamad go maith – samhlaítear é mar dhrabhlasaí, a mbaineann sinsir na treibhe mí-úsáid as ar mhaithe le spriocanna polaitiúla.
Ach tá sé mar a bheadh na himeachtaí seo scoite amach ó phríomhshnáith scéal Fatwa, agus ní fhaigheann muid an tráchtaireacht ar an bpríomhaicsean a mbeifeá ag súil leis ón dteicníc seo.
Ní leabhar fada é Fatwa – tuairim is 200 leathanach – agus tá luas deas faoin insint. Is pléisiúr é friotal saibhir nádúrtha Mhic a’ Bhaird a léamh, agus tá an leabhar soléite, taitneamhach a léamh tríd síos. Ach is trua nár úsáideadh an spás a ghlacann Ridirí an Fhásaigh chun scéal Chormaic agus Ben a leathnú agus a ndomhan a fhorbairt tuilleadh.
Is léir go bhfuil a thaighde déanta ag an údar ar chúrsaí Ioslam. Ní féidir an rud céanna a rá faoi na carachtair Mhoslamacha, faraor. Táid cineál aontoiseach, agus san áit a gcaitheann muid neart ama le Cormac i nDún na nGall, cur i gcás, is geall le hachoimre an insint ar scéal Ben agus a chomrádaithe.
Is beag aithne a chuireann muid ar mhianta agus pearsantachtaí na n-ógánach úd. Ní miste go mothaíonn saol Ben folamh – sin an pointe – ach tríd an leabhar ní fhaigheann muid ach tuiscint dhromchlach ar an saol Moslamach, agus níl saibhreas agus ilghnéitheachas an Ioslam le feiceáil.
Agus forbairt na gcarachtar faoi chaibidil, tá ardmholadh tuillte ag Fatwa as an tslí a phléitear le carachtair LADT ann, duine amháin acu go speisialta.
Tá Jenny, carachtar trasinscneach, lárnach sa scéal, rud gur annamh in úrscéalaíocht na Gaeilge.
Ní scaoiltear do Chormac, atá mór leis an bhean úd, a bheith gan locht ach oiread – cé go bhfuil a chroí san áit cheart aige, níl sé ar a chompord le cúrsaí LADT, agus bíonn Jenny ag spochadh as, mar a dhéanann seanchairde. Is pearsa iomlán í. Seachnaíonn Mac a’ Bhaird na gnáth-chliché-anna díobhálacha, agus ní dheintear staicín áiféise nó údar ceartaiseachta di riamh.
Is maith liom bunsprioc an leabhair seo. Déantar aoir ar histéire na meán, ar lucht léitheoireachta na Gaeilge, agus ar na bealaí a thiteann duine i dtreo an antoiseachais.
Ach bhraith mé lagmhisneach sa chur i gcrích toisc go dtiteann an plota idir dhá stól na geamaireachta agus na scéinséara. Tá sé indéanta aoir ghreannmhar, ghéar a dhéanamh ar amaidíocht antoiscigh. Tá sé indéanta é a dhéanamh le Moslamaigh fiú – féach cur chuige deislámhach an scannáin Four Lions i dtaca easpa céille, easpa físe, agus easpa cumais a fhrithlaochra. Ach níl frithlaochra Fatwa dáiríre go leor ná áiféiseach go leor chun seo a bhaint amach.
Is deacair an rud é scríobh go héifeachtach faoi chultúr coimhthíoch, agus is anseo a bhaineann Fatwa tuisle as féin. Tá neart gnéithe fiúntacha sa leabhar seo – comhcheilg, antoisceachas, carachtair a gcuireannn a n-uaillmhianta san fhaopach iad – ach ní luíonn siad go sona le chéile, agus ní hé seo an iarracht is fearr ón mBardach. Thairis sin, úsáideann an leabhar aoir le cur in iúil nach fíor na steiréitíopaí faoi Mhoslamaigh. Ach téann an leabhar i muinín na steiréitíopaí céanna an oiread sin chun an teachtaireacht seo a chur in iúil go bhfágann sé drochbhlas ag an léitheoir air.