Níor thuig mé gur Pop Up Gaeltacht a bhí agam sa Ghearmáin

Dúirt an t-údar Silvia Bledow go raibh sí ag reáchtáil Pop Up Gaeltacht i mbaile beag bídeach i ndeisceart na Gearmáine “i ngan a fhios” di féin ar feadh blianta sular chuala sí iomrá ar an oíche mhíosúil shiamsaíochta i mBaile Átha Cliath níos luaithe i mbliana. 

Bhí Silvia ag labhairt ag ócáid in Institiúid Goethe, an chultúrlann Ghearmánach ar Chearnóg Mhuirfean, aréir lena bailiúchán gearrscéalta, Ceithre Bhean Déag as an Ghearmáin, a chur chun cinn. 

Is Meiriceánach í Silvia, de shliocht na Gearmáine, a phós Gearmánach agus a d’aistrigh chun na Gearmáine breis agus 40 bliain ó shin. Bhí an Béarla, an Ghearmáinis agus an Spáinnis go paiteanta aici nuair a chuala sí an Ghaeilge den chéad uair agus í ag éisteach le ceol Gaelach. Thosaigh sí á foghlaim sa bhaile “sula raibh an t-idirlíon ann” agus ar deireadh tháinig sí go hOideas Gael i nGleann Cholm Cille le cúrsaí rialta a dhéanamh ansin. 

Is é Ceithre Bhean Déag as an Ghearmáin an dara leabhar Gaeilge atá scríofa aici agus is bailiúchán de 14 gearrscéal a bhaineann le téamaí éagsúla é — cúrsaí teanga, cúrsaí imirce agus cúrsaí grá ina measc. 

Agus í ag léamh sleachta ón leabhar in Institiúid Goethe aréir, mhínigh Silvia go gcruinníonn sí féin agus grúpa beag cairde eile a bhfuil spéis acu sa teanga le chéile i mbaile beag i ndeisceart na tíre lena gcuid Gaeilge a chleachtadh. Is iad na cruinnithe beaga seo a spreag ceann de na scéalta atá sa leabhar ina gcíortar an luach atá le teangacha do dhaoine aonair agus na cúiseanna a d’fhoghlaimeodh duine teanga faoi leith. 

“Níor chuala mé faoin Pop Up Gaeltacht go dtí tús na bliana seo agus nuair a míníodh an coincheap dom rith sé liom go raibh muidinne á dhéanamh ar feadh i bhfad. Níor thuig mé gur Pop Up Gaeltacht a bhí agam féin sa Ghearmáin!” a dúirt sí. 

Dúirt Silvia gur iontach an smaoineamh é an Pop Up agus go bhfeictear di go gcabhróidh sé go mór le foghlaimeoirí go háirithe an Ghaeilge a chleachtadh agus a fhoghlaim. 

Labhair sí freisin faoi na dúshláin a bhí roimpi féin a “dteanga oidhreachta”, an Béarla, a thabhairt ar aghaidh chuig a clann féin agus í á tógáil i bhfad ó Mheiriceá i gcuid den Ghearmáin nach bhfuil mórán Béarla ann ar chor ar bith. Mhínigh sí cé go ndearna sí iarracht an Béarla a labhairt lena páistí nach raibh spéis acu-san an Béarla a labhairt léi agus gur ghoill sé uirthi gur i nGearmáinis a d’fhreagraídís í. Dúirt sí freisin áfach go bhfuil togha an Bhéarla ag a clann anois cé gur fearr leo fós an Ghearmáinis a labhairt lena máthair. 

Bhí tionchar mór ag an gcinneadh a rinne Angela Merkel trí bliana ó shin glacadh leis na mílte teifeach ar an mbaile beag ina bhfuil Silvia ina cónaí. Is as an eispéireas sin a d’eascair scéal eile ‘An tSeanscoil’, scéal faoi theifigh a thagann go baile beag tuaithe agus a chuireann fúthu i scoilteach a dúnadh tamall roimhe.

Cé gur i nGaeilge a scríobhadh na scéalta ar fad, níl ach scéal amháin sa bhailiúchán lonnaithe in Éirinn, ‘Rithimí Malartacha’, scéal faoi Ghearmánach mná a thagann chun na hÉireann lena ceolfhoireann agus a thiteann i ngrá leis an amhránaíocht ar an sean-nós. Tá Silvia féin faoi gheasa ag an amhránaíocht  ar an sean-nós agus bíonn sí ag gabháil fhoinn ó am go chéile. 

Ceithre Bhean Déag as an Ghearmáin ar fáil ó shiopaí leabhar agus ón bhfoilsitheoir, Coiscéim. 

SCÉALTA EILE