Pat the Pipe Píobaire – Colm Ó Snodaigh (2006, Coiscéim)
Caithfidh mé a rá gur bhain an leabhar seo geit asam. Ní raibh a leithéid feicthe ná léite as Gaeilge riamh cheana agam.
Leabhairín gearr atá ann, ach ceann iontach mealltach. Tá téagar i ngach líne. Sleamhnaíonn sé faoi do chraiceann agus téann sé i gcion ort i ngan fhios duit.
Seo blas de: “D’fhan an nóta liom ‘s thuig mé fáth mo bhuartha, fáth mo bheatha, fáth mo bhriste, ‘s thuig mé an fáth go mbím ag seinnt ‘s an tuiscint a thugann an tseinnt dom, an cneasú, an ceansú.”
Scéal é faoi charachtar lách cineálta, Pat the Pipe, a d’fhag a phost, a bhean agus a theach nuair a tháinig meath ar shláinte a mheabhrach agus chuaigh amach ar na sráideanna ag casadh na bpíob.
Is scéal ionraic, macánta é. Tugann sé léargas iontach ar saol grúpa imeallach i mBaile Átha Cliath – bodaigh dhíomhaoine, diomailteoirí, ceoltóirí sráide, drugadóirí.
Cé nach bhfuil ann ach cúpla caibidil ghearr cuirfidh sé ag gol agus ag gáire tú.
Tá an t-atmaisféar a chruthaíonn an Snodach (ball den ghrúpa Kíla, gan dabht!) chomh sochreidte sin go dtéann gach aon chor sa scéal go smior ionat – ó bhás Pat the Pipe d’ailse ae, go dtí an greadadh millteach a fuair Mongó bocht ag bun an lána in aice Caspar & Gambini’s, é caite i measc na málaí dubha bruscair ar feadh dhá lá sular thángthas air.
Insítear an scéal i bhfoirm sleachta as dialann Pat the Pipe a fuarthas tar éis a bháis – beart cóipleabhar scoile lán lena pheannaireacht chúramach néata ag cur síos ar a shuim sna píoba agus i bpíobairí agus ag trácht ar ghnáthimeachtaí a shaoil – “8.30 dúiste, dhá press-ups – focan deacair. 9.00 tóst ‘s tae.”
Cé go n-úsáideann Pat mionnaí go minic, tá meon aoibheann fileata aige agus is dán grá do Bhaile Átha Cliath sna hOchtóidí cuid mhór don leabhar. ”Beagáinín ciotrúnta im’ cheann inniu – m’aigne ag éirí beagáinín scaipthe ’s suaite. Síos liom chuig droichead na canálach ar Shráid Bhagóid . . . fé scáth na gcrann seiceamair, agus seasaim ar an loc ag breathnú síos ar an eas Niagrach, leis na málaí plaisteacha ildaite ag a bhun, na buidéil chraptha dhonna ceirtlise, tralaí siopadóireachta Quinnsworth, iarsma rothair agus cón páirceála dearg ‘s bán, agus éistim go cúramach leis an eas agus é ag buachaint ar fhothram na síor-thráchta agus an manglam tranglam.”
I dteannta sleachta Pat tá píosaí gearra ann freisin ó chairde leis, atá curtha in eagar ag an bhfear a fuair cóipleabhair Pat tar éis a bháis.
Iarrann sé ar dhaoine a raibh aithne acu ar Pat a gcuid smaointe a roinnt – daoine ar nós an fhir ghnó agus iar-hippy a bhíodh ag díol t-léinte i siopa beag i George’s Street Mall a deireann, “…Focan pleidhce! Dhein mé iarracht gig a eagrú dó i Malaga blianta ó shoin… Cheapas i gcónaí go raibh an iomarca á chaitheamh aige.”
An iomarca dúb atá i gceist. An iomarca raithní. Úsáidtear focail iontach cruthaitheach sa leabhar do channabas agus na slite éagsúla ar féidir é a chaitheamh.
Is saothar fíor-ghreannmhar é don chuid is mó, ach saothar liteartha freisin, agus fileata fiú.
Seoidín beag, beacht, borb, gonta.
Éinne a bhí mar mhac léinn riamh, go háirithe i mBleá Cliath, feicfidh siad fírinne an leabhair.
Cuirfidh sé i gcuimhne dóibh laethanta na scoile agus na hollscoile nuair a bhí siad óg, amaideach, rómánsúil, díomhaoin agus leisciúil.
Fágfaidh mé na focail deiridh ag Pat the Pipe é féin – seo dhá ribe as a dhialann: “Foct-up fliuch inniu. Trí fhocal – tá mé i ngrá.” Ansin, an lá dár gcionn: “Non-stop stealladh. Trí fhocal – níl.”