Scéal ó chailíní WAC

Reáchtáil muid comórtas le roinnt seachtainí anuas agus tá cailíní WAC ar ais le cuidiú linn léitheoir ádhúil amháin a roghnú don duais iontach seo atá le tabhairt amach againn, a bhuíochas le hOireachtas na Gaeilge.

Is éard atá sa duais ná beart de scoth na leabhar a bhain áit amach ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, mórchomórtas litríochta an Oireachtais a dhéanann ceiliúradh ar shárleabhair Ghaeilge a foilsíodh le linn na bliana.

I mbliana bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ar Thadhg Mac Dhonnagáin, údar Mise Raiftearaí – An Fíodóir Focal, a insíonn scéal Antaine Uí Raiftearaí ó bhreith go bás.

Mise Raiftearai 2015

Ag labhairt dó le NÓS, dúirt an t-údar buach go raibh “an-iontas” air an gradam a fháil i mbliana as siocair an gearrliosta a bheith chomh láidir sin agus “cuid de na scríbhneoirí is aitheanta dá bhfuil ag scríobh sa Ghaeilge le fada” luaite ar an liosta.

“Níl aon leabhar den tsórt sin scríofa agam cheana, leabhar toirtiúil mar seo do dhaoine fásta, agus tá mé sásta gur aithin daoine eile go raibh fiúntas éigin ann,” arsa Tadhg arb as oirthear Mhaigh Eo dó ó dhúchas, an ceantar inár rugadh Raiftearaí féin!

Murar chuala sibh trácht ar Raiftearaí, seo mionbheathaisnéis 60 soicind ó Thadhg é féin….

“Rugadh Antaine Raiftearaí sa bhliain 1779. Nuair a bhí sé cúig bliana d’aois, chaill sé radharc na súl nuair a bhuail tinneas é. Mharaigh an tinneas sin an t-ochtar páistí eile sa chlann. 

“Chaith sé a shaol ag fánaíocht thart ar oirthear Chontae na Gaillimhe, agus é ag seinm na fidle agus ag cumadh dánta agus amhrán a chuir síos ar imeachtaí a linne féin: an grá, an pholaitíocht, an greann agus chuile rud faoin spéir. 

“Tá cáil air i gConnachta go háirithe.” 

Tá an 60 soicind thart, beidh oraibh greim a fháil ar an leabhar le tuilleadh a fhoghlaim faoin mhórfhile seo as Maigh Eo!

Cad atá sa bheart leabhar? 

Mise Raiftearaí agus cúig leabhar eile atá sa bheart iontach seo, ina measc: I dTír Strainséartha le Liam Mac Cóil, Na Comharthaí le Darach Ó Scolaí, Ibíotsa le Labhrás Ó Finneadha, Idir Neamh is Talamh le Joe Steve Ó Neachtain agus Sáirséal agus Dill 1947-1981: Scéal Foilsitheora le Cian Ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic Gearailt.

Is é Seán Ó Fearghail, as Tír Eoghain, buaiteoir na duaise iontaí seo, agus míle buíochas le Caoimhe agus Éadaoin!

Tuilleadh craice le cailíní WAC Dé Máirt agus Déardaoin ag 5:20 ar Cúla4 (TG4).

SCÉALTA EILE