Seimineár idirnáisiúnta ar ghearrscéalta an Chadhnaigh le reáchtáil an mhí seo

Gearrscéalta an údair Gaeltachta Máirtín Ó Cadhain a bheidh faoi chaibidil ag ócáid ar líne a bheidh á hóstáil ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, an mhí seo. 

“Scrúdú agus athléamh” ar shaothar an Chadhnaigh, a tógadh ar an gCnocán Glas sa Spidéal, a bheidh ar bun ag lucht an tseimineáir idirnáisiúnta a bheidh ar an 18 Meán Fómhair. Beidh spás do chéad duine ag an ócáid, a bheidh á reáchtáil go huile is go hiomlán ar líne mar gheall ar na srianta atá i bhfeidhm le dul i ngleic leis an víreas corónach, agus molann lucht a eagraithe áit a chur in áirithe. 

Tá aird an domhain mhóir á tarraingt ar shaothar an Chadhnaigh le blianta beaga anuas ó aistríodh a leabhar cáiliúil Cré na Cille go mórtheangacha ar nós an Bhéarla, na Gearmáinise, agus eile. Dhá leagan den leabhar atá ar fáil i mBéarla: The Dirty Dust agus Graveyard Clay. Is féidir é a léamh i ndeich dteanga faoi láthair agus dúirt Cló Iar-Chonnacht cúpla bliain ó shin go bhfuil sé i gceist acu go mbeadh sé ar fáil in os cionn 20 teanga faoi cheann cúig bliana. 

Tá fáil freisin ar The Dregs of the Day, leagan Béarla a rinne an scríbhneoir agus scoláire Alan Titley den nóibhille Fuíoll Fuine. 

Tá teacht ar fhormhór mór shaothar Uí Chadhain i nGaeilge, a mhórshaothar Cré na Cille i mBéarla agus teangacha eile, agus de réir a chéile tá aistriúchán á dhéanamh ar fhicsean eile dá chuid.

“Oscailt súl atá ann do léitheoirí idirnáisiúnta an grinneas sa tabhairt faoi deara agus an léargas a thugtar ar chás an duine i dtéacsanna nach raibh rochtain acu cheana orthu. Tugann an spéis idirnáisiúnta seo orainn filleadh ar na buntéacsanna agus léamh nua úr a dhéanamh ar scoth na scéalaíochta,” a dúirt Mícheál Ó Conghaile ó Chló Iar-Chonnacht. 

Is féidir áit a chur in áirithe don seimineár anseo

SCÉALTA EILE