Tar éis an ratha a bhí ar an tionscnamh nua Leabhra Feabhra anuraidh, tá feachtas ar siúl arís i mbliana chun daoine a spreagadh le leabhair Ghaeilge a bhronnadh mar fhéirín ar 1 Feabhra.
Pobal Gaeilge na Beilge a tháinig aníos leis an choincheap samhlaíoch seo agus ghlac líon suntasach daoine ar fud na hÉireann agus thar lear páirt sa nós nua ar an lá.
Bhí Twitter agus Facebook lán le daoine ag fógairt gur cheannaigh siad leabhar Gaeilge mar bhronntanas agus bhí ardú le feiceáil ar dhíolachán sa Siopa Leabhar i mBÁC agus sa Cheathrú Póilí i mBéal Feirste sa tréimhse roimh an dáta.
Chun ceiliúradh a dhéanamh arís ar Leabhra Feabhra agus chun spreagadh a thabhairt dár léitheoirí leabhar Gaeilge a cheannach agus a thabhairt mar bhronntanas i mbliana, tá 3 chóip den phóstaer deas seo le bronnadh againn!
Le bheith san iomaíocht níl le déanamh agat ach pic a ghlacadh díot féin agus den leabhar atá ceannaithe agat agus an scéal a roinnt linn ar Twitter nó Facebook faoi 2 Feabhra.
Tá sé chomh simplí sin!
Ádh mór oraibh mar sin agus glacaigí páirt ghníomhach chroíúil i lá mór na leabhar Gaeilge!
Tá tuilleadh eolais faoi lascainí agus sonraí iomlána Leabhra Feabhra le fáil ar leabhrafeabhra.com