Tá an Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath agus siopa Chló Iar-Chonnacht ar an Spidéal i gCois Fharraige ar oscailt den chéad uair i ndiaidh don ordú dianghlasála teacht i bhfeidhm os cionn dhá mhí ó shin.
Dúnadh siopaí leabhar Gaeilge, agus go leor siopaí eile, ag deireadh mhí an Mhárta nuair a tháinig an t-ordú ón rialtas do ghnólachtaí nach raibh riachtanach a ndoirse a dhúnadh in iarracht scaipeadh an víris chorónaigh a chosc.
Tháinig an dara céim den mhaolú srianta i bhfeidhm inniu, áfach, agus tá cead anois ag siopaí a bhfuil ‘doras sráide’ acu oscailt don phobal arís ach na socruithe cuí sláinte a bheith ann.
“Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil siopa leabhar Chló Iar-Chonnacht sa Spidéal ar oscailt inniu den chéad uair ó dheireadh mhí an Mhárta agus ag filleadh ar ghnáthuaireanta oscailte ó Luan go hAoine. Tá socrutihe sábháilteachta agus sláinteachais curtha i bhfeidhm sa siopa againn chun cloí le treoirlínte an Rialtais maidir le Covid-19. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil libh ar fad as ucht bhur gcuid tacaíochta i rith na tréimhse sin!” a dúradh i ráiteas a d’eisigh foireann Chló Iar-Chonnacht ar na meáin shóisialta ar maidin.
A Chairde, tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil siopa leabhar Chló Iar-Chonnacht sa Spidéal ar oscailt inniu den chéad uair ó dheireadh mhí an Mhárta. Ba mhaith linn buíochas mór a ghábháil libh ar fad as gach tacaíocht i rith an tréimhse seo. #ArScáthAChéile #Gaeilge pic.twitter.com/UHTheP2HfT
— Cló Iar-Chonnacht (@CloIarChonnacht) June 8, 2020
Tá fógartha ag an Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath, áfach, nach mbeidh siad ag oscailt inniu. Beidh foireann an tsiopa ag dul isteach le horduithe a cuireadh isteach le cúpla mí anuas “a chomhlíonadh agus sheoladh amach” cúpla lá sa tseachtain.
“Beimid buíoch as bhur bhfoighne ag an am seo. Fógrófar athruithe eile amach anseo. De réir cúinsí nach bhfuil neart againn orthu, ní bheimid in ann ríomhphost a sheiceáil gach uile lá ag an staid seo, agus muid ag díriú ar orduithe a chur amach. Beimid ar ais chugat a luaithe agus is féidir,” a dúradh i ráiteas a d’eisigh an Siopa Leabhar ar Twitter inniu.
FÓGRA: Níl an siopa ar oscailt arís go fóill. Tá foireann an-bheag ag dul isteach chun orduithe a chomhlíonadh agus a sheoladh amach, cúpla lá sa tseachtain taobh thiar de dhoirse dúnta. Beimid buíoch as bhur bhfoighne ag an am seo. Fógrófar athruithe eile amach anseo.
— An Siopa Leabhar (@ansiopaleabhar) June 8, 2020