Tá súil ag lucht bainistíochta an tSiopa Leabhar ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath a bheith i mbun gnó arís ón 8 Meitheamh, nuair a thiocfaidh ‘Céim 2’ de na srianta maolaithe i bhfeidhm.
D’fhógair foireann an tsiopa go mbeadh An Siopa Leabhar dúnta go hiomlán “ar feadh píosa” ar an 28 Márta, an lá i ndiaidh don Taoiseach na srianta diana le dul i ngleic leis an víreas corónach a fhógairt.
Tá fógra nua déanta ag lucht an tsiopa le deireanas go bhfuil súil acu a bheith in ann dul ar ais chuig an siopa, ach na doirse a choinneáil dúnta don phobal, nuair a mhaolófar na srianta atá i bhfeidhm arís i gceann coicíse nó mar sin.
Cé go rabhthas in ann orduithe a chur isteach ar shuíomh idirlín an tSiopa Leabhar i gcaitheamh an ama, ní raibh an fhoireann in ann dul isteach chuig an siopa féin leis na horduithe sin a chomhlíonadh mar gheall ar na srianta.
Tá súil ag an bhfoireann go mbeidh siad in ann tús a chur leis an obair mhór atá rompu — orduithe atá á gcarnadh le dhá mhí anuas a chur chun bealaigh — ar an 8 Meitheamh, nuair a bheidh cead ag daoine nach bhfuil in ann a gcuid oibre a dhéanamh ón mbaile taisteal chuig an ionad oibre.
Bhí feachtas mór ar bun ag lucht an tsiopa ag tús na ráige inar impíodh ar chustaiméirí orduithe a chur isteach ar líne sa gcaoi is go bhféadfaí an siopa a choinneáil ag imeacht le linn na héigeandála. Bhí orduithe á seoladh ón siopa dúnta go dtí gur fógraíodh an dianghlasáil cheart ar an 27 Márta.
Is ar an 29 Meitheamh a bheidh cead ag siopaí “neamhriachtanacha” a bhfuil doirse ag leibhéal na sráide acu oscailt.