Don cheathrú bliain as a chéile tabharfaidh daoine fud fad na cruinne leabhair mar bhronntanas ar an 1 Feabhra mar chuid den fhéile Leabhra Feabhra.
Curtha ar bun ar dtús sa bhliain 2015 ag Gaeil na Bruiséile, tá an traidisiún tar éis fás go mór ó shin agus bíonn lascainí á dtairiscint ag siopaí leabhar agus foilsitheoirí i mbéal na féile.
Go deimhin tá sé tugtha le fios ag díoltóirí gur tháinig méadú ar an díolachán de bharr Leabhra Feabhra sna blianta roimhe seo, fianaise shoiléir ar fhiúntas an choincheapa.
I mbliana is é ‘muiraistir’ téama Leabhra Feabhra – a chumhdaíonn na leabhair ar fad a scríobhadh i nGaeilge a bhfuil baint acu leis an bhfarraige – agus tá póstaer speisialta de long agus téarmaíocht na mbád deartha ag Jack Ó Drisceoil mar chomóradh ar an ábhar.
COMÓRTAS: Tá áthas orainne ag NÓS a rá go bhfuil cóip den phóstaer le bronnadh againn ar léitheoir ádhúil amháin – chun bheith san iomaíocht don duais ghleoite glac grianghaf den fhéirín leabhair atá ceannaithe agat le haghaidh Leabhra Feabhra agus abair linn ar Twitter nó Facebook é faoin 2 Feabhra.
Gach rath, agus beannachtaí fhéile na leabhar, oraibh uile!