TuairiscÃodh ar an suÃomh seo an mhà seo caite go bhfuil nÃos mó daoine i mbun an chúrsa Ard-Vailéirise, teanga chumtha a labhraÃtear i ndomhan Fonn Oighir agus Tine, ná mar atá i mbun an chúrsa Gaeilge ar Duolingo
Aisteach go leor, thosaigh mé ag léamh leabhair an mhà chéanna a scrÃobh an fear a chum Ard-Vailéiris, chomh maith leis an Dothráicis, teanga eile ó dhomhan Jon Snow agus a chairde, agus teangacha don chlár Defiance, agus do na scannáin Doctor Strange, agusThor: The Dark World – David J Peterson.
Is teangeolaà as Meiriceá é Peterson, a chuir spéis i dteangacha den chéad uair nuair a chuala sé comhrá i dteanga aisteach sa scannán Star Wars agus é ina bhuachaill beag. Chuaigh sé leis an teangeolaÃocht ar an ollscoil sna 1990idà agus ghlac páirt go fonnmhar sa bpobal nua idirlÃn a tháinig chun cinn ag deireadh an chéid seo caite — pobal na gcumadóirà teangacha.
Tugtar léargas domhain ina leabhar The Art of Inventing a Language: From Horse-Lords to Dark Elves, the Words Behind World-Building (furasta a aithint go dtaitnÃonn focail leis) nà hamháin ar thaithà Peterson mar chumadóir gairmiúil teangacha ach ar stair na ceirde trà chéile, chomh maith le go leor eile.Â
Más ag lorg scéalta ó sheit Game of Thrones nó leabhar bog éadrom faoi theangacha cumtha, nà hà seo an leabhar atá uait, ach bainfidh an té ar spéis leis teangacha trà chéile tairbhe mór as an leabhar seo má chuirtear an iarracht isteach à a léamh.
Is annamh a scrÃobhtar i léirmheas moltach go bhfuil leabhar deacair a léamh, ach tá cúrsa iomlán teangeolaÃochta tugtha ag Peterson sna 300 leathanach seo agus is fiú an tairbhe an trioblóid dul i ngleic leis an téarmaÃocht chasta, a chuirtear i láthair ar bhealach atá measartha soiléir.Â
Ba ghá dó an t-ábhar deacair a mhÃniú, áfach, le go bhfaighfà tuiscint iomlán ar an obair, agus ar an bpaisean, a chaitear le cumadh teangacha, nà hamháin do chláracha teilifÃse agus scannáin, ach mar shaothar ealaÃne ann féin. Nà fhéadfainn a shéanadh tar éis an leabhar seo a léamh ach gur ealaÃn é an cumadh teangacha.Â
Tá saineolas Peterson agus an grá atá aige dá cheird an-soiléir ón gcur sÃos a dhéanann sé ar na teangacha atá cumtha aige féin, agus na cuntais a thugann sé ar chumadóirà mór le rá, ar nós JRR Tolkien agus lucht Esperanto.Â
Mar dhátheangach atá ag déanamh tréaniarrachta a bheith ina thrÃtheangach, oscailt súl a bhà sa leabhar seo ar go leor gnéithe den teangeolaÃocht agus de theangacha an domhain (seo agus domhain eile!). ShÃl mé, go soineanta, go raibh tuiscint mhaith agam ar chúrsaà teanga toisc go bhfuil dhá theanga a labhraÃtear in iarthar na hEorpa agam, agus smeadar den trÃú teanga as an áit chéanna.
Tá spéis múscailte aige ionam nà hamháin i dteangacha fantaisÃochta ar nós na Dothráicise agus na hArd-Vailéirise, ach i dteangacha an domhain s’againne agus an poitéinseal atá ag teanga meon agus domhan a mhúnlú.
Molaim go mór do dhuine ar bith ar spéis leo ‘fÃor’-theangacha an domhain a thuiscint an leabhar seo faoi ‘theangacha bréige’ a léamh. B’fhéidir gur teanga chumtha atá sa Dothráicis — ach an drochrud é sin?