Trumptaí Dumptaí & An Falla Mór

Foilsíodh saothar nua, Trumptaí Dumptaí agus An Falla Mór, leis an údar cáiliúil Ré Ó Laighléis ar na mallaibh agus tá áthas orainn go bhfuil dhá chóip againn le bronnadh ar bheirt Nósadóirí ádhúla.

Scéal grinn is ea é, scéal áiféiseach ar go leor bealaí, a chaitheann súil dhána spraíúil ar imeachtaí comhaimseartha ár linne.

An seilide Vertigo Angustior a chuireann tús le cúrsaí craiceáilte an leabhair agus go deimhin níl fear ar bith ar domhan níos fearr ná Uachtarán SAM Donald Trump chun cur leis an áiféis.

Agus an Teach Bán bainte amach aige, leantar iarrachtaí an Trumpaigh an falla mór míchlúiteach, ar minic é ag tagairt dó le linn a fheachtais réamhthoghcháin, a thógáil idir na Stáit Aontaithe agus Meicsiceo.

Chuige sin, téann sé i muinín dheartháireacha Uí Chonghaile, beirt tógálaithe de bhunadh Chonamara atá ag cur fúthu i mBostún.

Is faoin bheirt chéanna atá sé foireann tógálaithe a chur le chéile chun an beart a dhéanamh agus cuirtear carachtair spéisiúla eile in aithne don léitheoir de réir mar a théann an scéal ar aghaidh.

“Sníomhtar an scéal timpeall ar fhíricí áirithe,” arsa Ré le NÓS.

“Fíric an tseilide Vertigo Angustior a bheith ann, fíric gur spéis leis an Trumpach falla a thógáil idir Na Stáit Aontaithe agus Meicsiceo, fíric go bhfuil galfchúrsa ag an Trumpach sa Dún Beag in iarthar Chontae an Chláir, fíric go bhfuil go leor de mhuintir iarthar na hÉireann ina dtógálaithe i Meiriceá, agus mórán eile.”

Gan a bheith ag sceitheadh le millteoirí ar bith, is iomaí lúb agus casadh sa scéal seo a chothaíonn deacrachtaí don Trumpach – iarrachtaí Vertigo Angustior go príomha – agus a chuireann neart ábhar grinn ar fáil don léitheoir.

Tá an leabhar maisithe go hálainn ag an ealaíontóir Ray McDonnell, an fear céanna a rinne léaráidí Osama, Obama, Ó, a Mhama! agus an mhórchuid de shaothar Uí Laighléis a tháinig roimhe.

Scríofa i stíl bhríomhar sholéite, is leabhar é atá dírithe ar dhéagóirí óga ach a mbainfeadh daoine fásta pléisiúr agus gáire as freisin!


COMÓRTAS: Tuigeann sibh an scéal faoin tráth seo, a chairde! Ordóg san aer agus roinnigí ar Facebook nó Twitter le bheith san áireamh don duais. Roghnófar beirt Dé hAoine 14 Iúil. Tá an leabhar seo ar fáil ar €10 (ón fhoilsitheoir Móinín) agus ar £9 (ón Cheathrú Póilí).

SCÉALTA EILE