Tá Rick Riordan, an t-údar Meiriceánach a scríobh an tsraith mhór Percy Jackson, ag déanamh staidéir ar fhinscéalta agus béaloideas na hÉireann i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Scríobh Rick cúig leabhar, a bhfuil an-tóir orthu ar fud an domhain, bunaithe ar mhiotaseolaíocht na Gréige. Díoladh beagnach 70 milliún cóip de na leabhair agus rinneadh dhá scannán díobh — Percy Jackson and the Olympians: The Lightning Thief agus Percy Jackson: Sea of Monsters.
Tá a aghaidh tugtha anois ag Rick ar bhéaloideas, miotaseolaíocht agus finscéalaíocht na hÉireann i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus é ráite aige go bhfuil sé i gceist aige na scéalta Éireannacha a úsáid mar bhunús do leabhair a scríobhfaidh sé amach anseo.
Tá Rick ag déanamh MA ar líne i Litríocht na Gaeilge in UCC agus bhí sé ceaptha teacht go Corcaigh an mhí seo caite do chomhdháil faoi shaothar Pheadair Uí Laoghaire. Cuireadh an chomhdháil faoin scríbhneoir mór Gaeltachta ar ceal mar gheall ar scaipeadh an víris chorónaigh.
Dúirt an scríbhneoir gur roghnaigh sé an cúrsa áirithe sin agus súil aige go spreagfaidh scéalta na nGael ábhar a chéad leabhar eile.
“Scríobh mé leabhair do pháistí faoi mhiotaseolaíocht ó go leor áiteanna ar domhan — an Ghréig agus an Róimh, na Lochlannaigh, agus na hÉigiptigh — ach ní dheachaigh mé i ngleic le miotaseolaíocht na hÉireann, ainneoin gurb í is áil liom, agus gur cuid de m’oidhreacht phearsanta féin í. Ba as cathair Chorcaí mo chraobh-sa de mhuintir Ríordáin, mar a tharlaíonn sé, agus ní raibh a dteach ach cúpla céad slat ó champas UCC.
“Bhí dúspéis agam sa mhiotaseolaíocht as m’óige. Agus mé i mo mhúinteoir meánscoile sna Stáit Aontaithe, mhúin mé an mhiotaseolaíocht ar feadh na mblianta, mar sin tá tuiscint agam ar an gcaoi a gcuireann páistí atá ar an aois sin spéis sna déithe, na laochra agus na harrachtaí,” a dúirt sé.
Thosaigh Rick ag scríobh The Lightning Thief nuair a bhí a mhac féin an-óg. Bhaineadh sé casadh nua as scéalta na Gréige agus iad á n-aithris aige dá mhac agus ba as sin a d’eascair Percy Jackson.
“Sula dtabharfaidh mé faoi mhiotaseolaíocht na hÉireann, tá mé ag iarraidh a bheith cinnte go bhfuil an oiread taighde déanta agam agus is féidir, cé go bhfuil na scéalta ar eolas agam cheana féin. Ní bheinn in ann an staidéar seo a dhéanamh agus mé ag maireachtáil mar scríbhneoir lánaimseartha in Boston, ach tá gach a bhfuil uaim curtha ar fáil dom ag UCC sa chúrsa ar líne….Tugadh an deis dom mé féin a thumadh san ábhar, labhairt le scoláirí ó gach cearn den domhan, agus teacht ar an dámh is fearr do léann na Gaeilge,” a dúirt sé.
Is iad scéalta Fhinn Mhic Cumhaill agus scéalta Chon Chulainn is fearr le Rick, agus beidh sé ag díriú ar athair Chon Chulainn, Lugh mac Céin dá thráchtas máistreachta.
“Is é an tIldánach é, is eiseamláir de laoch é, agus is é an rí idéalach é agus fuascailteoir na cosmhuintire,” a dúirt sé.