Agus Lá Bloom linn tugann Eoin P. Ó Murchú sciuird thapa trí mhórleabhar James Joyce agus faigheann amach go bhfuil aistriúchán Gaeilge ar fáil fiú amháin!
Go minic deirtear gur leabhar thar a bheith deacair é Ulysses agus gurb é an leabhar is mó a n-éiríonn daoine as agus iad a léamh.
Pé scéal táimse anseo chun cabhrú libh, chun leideanna a thabhairt daoibh, an t-aistriúchán Gaeilge a phlé agus a chinntiú go mbeidh sibh in ann ligean oraibh go bhfuil an leabhar féin léite agaibh!
Foilsíodh Ulysses sa bhliain 1922.
Tagann ‘Ulysses’, leagan Laidine den ainm Odysseus, ó mhiotais na Gréige.
Tá creatlach an scéil bunaithe ar scéal Odysseus, fear a chuaigh ag taisteal timpeall agus ar bhain a lán timpistí de sular fhill sé ar an mbaile.
Tá beagnach míle leathanach in Ulysses agus tá thart ar 265,000 focal roinnte ar 18 n-eipeasóid ann.
D’fhoilsigh Shakespeare and Company é faoi stiúir Sylvia Beach i bPáras.
(Tá an sárshiopa leabhar seo ann fós dála an scéil.)
Cé gur cuireadh cosc ar an leabhar in an-chuid áiteanna, SAM ina measc, níor cuireadh cosc air in Éirinn: níor thriail siad é a fhoilsiú anseo toisc gur samhlaíodh go raibh sé an-ghraosta go deo.
Lá amháin sa bhliain 1904, an 16ú Meitheamh, atá i gceist.
Tosaíonn an scéal sa Túr Martello i gCuas an Ghainimh in aice Dhún Laoghaire. (Tá músaem spéisiúil saor in aisce ann anois).
Buck Mulligan agus Stephen Dedalus (Ó A Portrait of the Artist as a Young Man) a chastar linn ar dtús.
Seo sliocht ón leagan Gaeilge:
Uiliséas
Go hoscartha, tháinig Buck beathaithe Mulligan ó cheann an staighre, ag breith scála sobail leis ar a raibh scáthán agus altán ina luí crosach. Bhí a ghléasfhallaing bhuí gan chrios spréite in airde go réidh ina dhiaidh ar aithleá séimh na maidine. Thóg sé an scála in airde agus thúschan:
—Introibo ad altare Dei.
Ina sheasamh, ghliúcaigh sé síos an cais-chéimire dorcha agus scáirt sé amach go garbhghlórach:
—Gabh aníos, a Kinch, ‘Gabh aníos, a Íosánaigh scáfar’
Go stuama, tháinig sé chun tosaigh agus chuaigh suas ar an ghunnaphort chruinn. Thug sé thart a aghaidh agus choisric sé go forasta faoi thrí an túr, an tír fagcuairt, agus na sléibhte dúiseachtacha. Ansin ag fáil radharc ar Stephen Dedalus, chrom sé ionsair, agus ghearr comhartha na croise san aer go tapa, agus é ag glotaíl ina scornach agus ag croitheadh a chinn. Lig Stephen Dedalus a dhá raigh ar bharr an staighre, é go doirbh codlatach, agus d’amharc sé go fuaránta ar an ghnúis chrioth-ghlotraigh, eacdha ar lorg an leicinn, a choisric é, agus ar an fholt fhionn neamh-chóirneach ar raibh a snáithe agus dáth na darach léi.
Thug Buck Mulligan sraic-spléachadh faoin scáthán agus ansin chumhdaigh sé an scála go féigh.
Tá go maith a deir tú – tá cuma chasta air, agus an-chasta, ach ná bí buartha: d’aon ghnó a rinneadh seo.
Bhí Joyce féin ag ceapadh go mbeadh ollúna ag troid go deo faoina raibh i gceist leis an leabhar.
Níl aon amhras ach go raibh an ceart aige agus níl aon deireadh luath tuartha ar an gcath sin fós.
Eipeasóid 4
Is anseo ar dtús a fheictear Leopold Bloom, duine de phríomhcharachtair an leabhair, fear de shliocht leath-Ghiúdach.
Seans go n-aithneoidh roinnt an sliocht cáiliúil seo:
D’itheadh Mr. Leopold Bloom go blasta baill inmheánacha míol agus éanlaithe. Bhí dúil aige i dtiubh-anraith gipise, eagaoisí cnóiteacha, croí búisteach rósta, stiallacha ae friochta ar screamhbhruar, eochraí friochta bhan-truisc. Thar gach uile ní eile bhí dúil aige in áranna gríosctha caoireola a thug dá charball iarbhlas mín de fhual fann-chumhra.
Mr Leopold Bloom ate with relish the inner organs of beasts and fowls. He liked thick giblet soup, nutty gizzards, a stuffed roast heart, liverslices fried with crustcrumbs, fried hencods’ roes. Most of all he liked grilled mutton kidneys which gave to his palate a fine tang of faintly scented urine.
Foilsíodh an leagan Gaeilge sna 1980í agus 1990í.
Breasal Uilsean agus Séamas Ó hlnnéirghe a d’aistrigh.
Oifigeach leighis san RAF a bhí sa Dr. James Henry thuas agus fuair sé cabhair óna dheartháir céile as Maigh Eo, Basil Wilson, fear a raibh Gaeilge na hAlban aige chomh maith leis an nGaeilge.
‘Foilseacháin Inis Gleoire’ a d’fhoilsigh an leagan Gaeilge de réir a chéile i mBéal Feirste, dream ar deacair teacht ar aon eolas ina dtaobh.
Cé go bhfuil an t-aistriúchán sách maith is i seanchló lochtach faoin seanlitriú a foilsíodh é.
Mar sin tá sé geall le bheith doléite ar fad, mura raibh sa chéad dul síos.
Caithfidh duine éigin eagar a chur ar an rud ar fad!
In Eipeasóid 18 feictear Molly Bloom ag smaoineamh siar ar a saol agus buaic nó súnás nó orgasam á bhaint aici ag deireadh thiar.
Tugtar ‘sruth comhfheasachta’ nó ‘stream of consciousness’ ar an bprós seo nach bhfuil mórán poncaíochta ann.
Dar le roinnt ba óna bhean, Nóra Barnacle, a d’fhoghlaim Joyce an cleas seo.
An Leathanach Deiridh
…sea agus na sráideanna aite uilig agus na tithe bándearga gorma buí agus na hinscighmí róis agus na fóirdris agus na crobhanna dearga agus na cactais agus Giobráltar le linn mo ghirseoige mar a raibh mé i mo bhláth an tsléibhe sea nuair a chuir mé an rós i mo chiabh mar a ndéanadh na cailíní Andalúsaíacha nó an gcaithfidh mé dearg sea agus an chaoi ar phóg sé mé faoin mhúr Múrach agus smaoin mé d’aile nach cuma seisean ná duine eile agus ansin d’iarr mé air le mo shúile chun iarrata athuair agus sea agus d’iarr sé orm ansin go n-abróinn sea le sea a rá mo bhláth an tsléibhe thug mé i mo bhaclainn ar dtús é sea agus tharraing síos chugam é go raibh sé in ann mo chíocha a aireachtáil faoin bholtnas go léir sea agus bhí a chroí ag rith ar séarsa agus sea dúirt mé sea déanfaidh mé sea.
…yes and all the queer little streets and the pink and blue and yellow houses and the rosegardens and the jessamine and geraniums and cactuses and Gibraltar as a girl where I was a Flower of the mountain yes when I put the rose in my hair like the Andalusian girls used or shall I wear a red yes and how he kissed me under the Moorish wall and I thought well as well him as another and then I asked him with my eyes to ask again yes and then he asked me would I yes to say yes my mountain flower and first I put my arms around him yes and drew him down to me so he could feel my breasts all perfume yes and his heart was going like mad and yes I said yes I will Yes.
Sin é, cuimhnigh ar na pointí seo, bain úsáid as an eolas agus beidh tú in ann ligean ort go bhfuil Ulysses/Uiliséas léite agat!
Nach tú an léitheoir dícheallach!
Baineadh úsáid as An Caighdeánaitheoir, táirge oscailte de chuid Kevin Scannell, chun na téacsanna a chaighdeánú. Rinneadh roinnt athruithe eile leis.