Leabhar Rolla an Domhain

Bhí mé i mo shuí sa charr agus mé i gContae Mhaigh Eo cúpla seachtain ó shin. Rud beag ar shiúl ón bhaile mar gheall ar obair an lae a bhí mé, mé ag machnamh ar thuiscint nua go bhfuil, mar a scríobh Seosamh Mac Grianna, ‘an domhan mór cruacheangailte le téadta a bhí teannta aníos agus síos agus crosach ar a chéile mar na línte atá i leabhair rollaí.’ 

Bhí mé ann chun ceardlann scríbhneoireachta a dhéanamh i Scoil Náisiúnta Cholmcille agus bhí mé i mo shuí os comhair an cheathrú tagairt don naomh chéanna a shonraigh mé an lá sin. Phléigh mé, an chéad rud ar maidin, pictiúr de shionnach atá ar díol ag an Siopa Gaeilge i nGleann Cholm Cille le mo bhean. Í féin a dhear agus luaigh mé gur chuir sé clúdach an leabhair Flaitheas le Proinsias Mac a’ Bhaird i gcuimhne domh. ‘Criomthainn’, focal a bhfuil an chiall ‘sionnach’ leis, a tugadh mar ainm don naomh nuair a rugadh é. Mar sin de, idir dhá phictiúr de shionnach, ceann ag tagairt don naomh agus mé ag plé siopa i nGleann Cholm Cille, bhí an naomh go mór chun tosaigh i m’intinn. Sin tagairt uimhir a haon.

Thug mé cuairt ghasta ar m’athair an mhaidin sin agus luaigh sé liom go bhfaca sé sionnach luath ar maidin, rud nach mbeadh an-choitianta sa cheantar cé go bhfuil cónaí air amuigh faoin tuath. Is léir go bhfuil siad thart nó cailltear cearc nó dhó go minic ach ní minic a fheictear iad. Níor úirt mé rud ar bith ach rith sé liom gur úsáid mé scéal faoi shionnach a d’aithris Feidhlimidh Dhomhnaill Phroinsias Mac Grianna (athair na clainne clúití) an uair dheireanach domh a bheith ag teagasc i nGleann Cholm Cille. Mar sin de, thosaigh mé ar an bhóthar agus an sionnach go mór i m’intinn. Sin tagairt uimhir a dó.

An tríú tagairt, ba bhrónach an rud é nó chonaic mé sionnach bocht marbh ar thaobh an bhóthair go gairid ina dhiaidh sin. Níorbh fhada a smaoinigh mé ar an tsionnach mharbh nó thiomáin mé thar Loch Moirne agus tháinig Clann Mhic Grianna ar ais chun cuimhne. Chum Seosamh Mac Grianna an gearrscéal Creach Choinn Uí Dhomhnaill, A.D. 1495 a thosaíonn le filí ag siúl an bhóthair a bhí á thiomáint agam. Scéal é sin a foilsíodh sa chnuasach An Grá agus an Ghruaim, cnuasach a phléigh mé ar phodchraoladh Club Leabhar cúpla mí roimhe. Mar sin de, bhí m’intinn ag díriú ar Chlann Mhic Grianna agus Rann na Feirste, áit inar chaithinn seal ag obair sa tsamhradh na blianta ó shin. Duine a bhí ann mar scoláire ag an am chéanna ná Aodhán Ó Baoill a scríobhann don iris seo fosta. 

Pictiúr: An cárta ón Siopa Gaeilge i nGleann Cholm Cille. (Creidmheas: Geneviève Galarneau)

Tháinig Aodhán isteach i m’intinn de phreab nuair a chonaic mé cúpla eala ar an loch. Bhí mé ag plé leis arís, den chéad uair le fada, seachtain roimhe chun píosa a dhéanamh leis ar an chodladh i saol na hÉireann. Ag plé leis an mhiotaseolaíocht a bhí mé féin agus tháinig scéal a phléigh muid chun cuimhne.  Bhí Aengus Óg (duine de Thuatha Dé Danann, mac leis an Dagda) ina chodladh oíche amháin nuair a chonaic sé bean ghalánta i mbrionglóid. Caer Imorbeith an t-ainm ar an bhean seo agus, nuair a aimsíonn Aengus í san fhíorshaol, déantar eala den bheirt acu agus caitheann siad seal le chéile ar loch.

Bhí mé ag machnamh air sin gur bhain mé an taobh eile de Shligeach amach agus chonaic mé comhartha botháir fá choinne Cúil Áine, áit atá luaite san amhrán ‘Seachrán Charn tSiail’. Amhrán é sin ina dtagann spéirbhean álainn chuig an fhile agus é ar a bhealach go Carn tSiail i gContae Thír Eoghain. Mar a tharla, d’úsáid mé an t-amhrán sin go minic mar ais teagaisc i nGleann Cholm Cille. 

Ní raibh mé riamh sa cheantar, ámh, go dtí seachtain roimhe sin nuair a rinne mé mo bhealach go hArd Mhacha le píosa de phodchraoladh ar an chodladh i saol na hÉireann a thaifeadadh. Shocraigh mé malairt bheag slí a ghlacadh an lá sin agus gabháil go Carn tSiail chun cúpla pictiúr a fháil le taispeáint do na scoláirí an chéad uair eile.

Bhí mé i mo shuí ag iarraidh mo scíth a ligint sa charr sula ndeachaigh mé isteach sa scoil agus mé ag machnamh ar an dóigh a raibh achan rud nascaithe an lá sin agus an dóigh a raibh Colm Cille i mo cheann den cheathrú huair an lá sin. Chuaigh isteach, rinne ceardlann, bhain sult, d’imigh i dtreo an bhaile. Bhí an tiomáint abhaile níos ciúine ó thaobh na smaointeoireachta de. Chuir mé podchraoladh le Michael Harding ag seinm ar Carplay agus thiomáin mé liom go dtí gur stop mé fá choinne cupán caife i Sligeach.

Cúpla seachtain ó shin a bhí sé, díreach sular thosaigh an aimsir mhaith seo. Bhí an lá roimhe go holc ach bhí an lá sin i gceart. Chuaigh mé isteach sa tsiopa, shonraigh an bhean an blas Conallach, chuir ceist cad a bhí ag gabháil ar aghaidh go raibh mé fán chuid sin den tír. Mhínigh mé gur scríbhneoir Gaeilge mé a thug ceardlann i Maigh Eo ní ba luaithe sa lá.

I’ve been thinking of taking lessons,” a dúirt sí liom, “it’s an awful shame we can’t all speak it.” Phléigh muid an dóigh a dteagasctar an Ghaeilge sa scoil, cúpla rud eile, agus chríochnaigh leis an aimsir agus mé ag siúl amach. “I hope it’s not just a pet day,” a scairt sí i mo dhiaidh, “Is there any Irish for ‘pet day’?

That’s your first lesson now,” a scairt mé ar ais, “find yourself a dictionary and look it up.” Bhí freagra agam dar ndóigh ach ba leor ceithre thagairt in aon lá amháin.

SCÉALTA EILE